1.Réamhrá
Comhlacht reachtúil neamhspleách a bunaíodh leis an Acht fán gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí, 1975, is ea an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí. Is é príomhról an Choimisiúin an dlí a choinneáil faoi athbhreithniú agus tograí le haghaidh athchóirithe a dhéanamh, go háirithe trí achtú reachtaíochta a mholadh chun an dlí a shoiléiriú agus a nuachóiriú. Is é atá i gceist le taighde a dhéanamh ar thograí athchóirithe ná dul i gcomhairle le grúpaí agus daoine aonair leasmhara.
Úsáidimid faisnéis phearsanta ar aon dul leis na hoibleagáidí atá orainn faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Tá an Coimisiún tiomanta do chearta agus príobháideacht daoine aonair a ndéanann an Coimisiún a gcuid faisnéise a bhailiú agus a phróiseáil a chosaint de réir reachtaíocht cosanta sonraí an Aontais Eorpaigh agus de réir reachtaíocht cosanta sonraí na hÉireann araon.
2.Cuspóir
Is é cuspóir an bheartais seo na hoibleagáidí atá ar an gCoimisiún faoin dlí cosanta sonraí is infheidhme a leagan amach agus tuairisc a thabhairt ar na bearta atá le déanamh chun comhlíonadh na n-oibleagáidí sin a chinntiú.
3.Cad is Sonraí Pearsanta ann?
Is é is “Sonraí Pearsanta” ann aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta; is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin. Áirítear leo Catagóirí Speisialta Sonraí Pearsanta freisin.
4.Conas a bhailímid do shonraí?
Bailímid agus úsáidimid faisnéis phearsanta chun ár gcuid oibre i réimse athchóiriú an dlí a chur i gcrích agus chun freastal ar na hoibleagáidí atá orainn i leith daoine a cheaptar chuig an gCoimisiún nó a fhostaítear chun ár gcuid oibre a ghabháil de láimh.
Áirítear leis an bhfaisnéis sin faisnéis a bhailímid agus a úsáidimid faoi na daoine seo a leanas:
- Cuairteoirí ar ár suíomh Gréasáin
- Daoine a oibríonn linn le linn dúinn forbairt a dhéanamh ar ár gcuid tograí le haghaidh athchóiriú an dlí
- Daoine a iarrann go gcoinneofaí iad ar an eolas faoinár gcuid oibre
- Daoine a sholáthraíonn seirbhísí dúinn
- Coimisinéirí agus baill foirne roimhe, reatha agus amach anseo
- Fiosruithe agus gearáin
5.Na críocha ar chucu a shealbhaímid agus a choinnímid do shonraí pearsanta
Ní úsáidimid faisnéis phearsanta ach amháin a mhéid is gá chun conradh fostaíochta a chomhlíonadh. Ní úsáidimid faisnéis phearsanta na ndaoine a rannchuidíonn leis na tuarascálacha agus na plépháipéir uainn ach amháin a mhéid is gá chun ár gcuid oibre i réimse athchóiriú an dlí a chur i gcrích, rud ar cúram a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail é. Úsáidimid faisnéis phearsanta na ndaoine a d’iarr go gcoinneofaí iad ar an eolas faoi obair an Choimisiúin lena dtoiliú, agus féadfar an toiliú sin a tharraingt siar tráth ar bith trí iarraidh a sheoladh chuig GDPR@lawreform.ie.
6.Do shonraí pearsanta a nochtadh
Maidir le haon fhaisnéis a sholáthraíonn tú don Choimisiún, ní chuirtear í ar fáil d’aon tríú páirtithe, agus ní úsáideann an Coimisiún í ach amháin ar aon dul leis an gcríoch ar chuici a sholáthair tú í.
7.Do shonraí pearsanta a choinneáil slán
Tá an Coimisiún lántiomanta do na sonraí pearsanta uile a chuireann a gheallsealbhóirí isteach a choinneáil slán sábháilte le linn próisis riaracháin. Cuireadh na bearta teicniúla riachtanacha uile i bhfeidhm chun sábháilteacht agus slándáil na gcóras lena sealbhaítear na sonraí sin a chinntiú. Áirítear leis na modhanna um chosaint sonraí trí dhearadh a mbaineann an Coimisiún úsáid astu a chinntiú go ndéantar aon phróisis nó nósanna imeachta nua a dhearadh agus a thástáil ó thaobh cúrsaí cosanta sonraí de, oiliúint foirne a chinntiú, agus a chinntiú go ndéantar athbhreithnithe iniúchóireachta agus beartais i gcomhthéacs cosanta sonraí.
8.Na cearta atá ag an duine aonair i ndáil le sonraí pearsanta a shealbhaíonn an Coimisiún
Nuair a sholáthraíonn tú, mar gheallsealbhóir, sonraí pearsanta don Choimisiún, tá cearta áirithe agat i ndáil leis na sonraí sin. Tá na cearta sin leagtha amach thíos, agus féadfar iad a fheidhmiú trí theagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí, á rá cén ceart nó cé na cearta ba mhaith leat a fheidhmiú:
- an ceart chun faisnéis a fháil agus an ceart chun rochtain a fháil;
- an ceart go ndéanfaí ceartúcháin;
- an ceart go ndéanfaí léirscriosadh;
- an ceart go gcuirfí srian le próiseáil;
- an ceart chun iniomparthacht sonraí;
- an ceart chun agóid a dhéanamh in aghaidh próiseáil;
- cearta i dtaca le cinnteoireacht uathoibrithe agus le próifíliú.
I gcás roinnt de na cearta sonracha thuasluaite atá ag ábhair sonraí faoi RGCS, tabhair faoi deara nach mbeidh feidhm acu maidir leis na catagóirí sonraí pearsanta uile a phróiseálann an Coimisiún. Is é an bealach is éasca chun tuilleadh faisnéise a fháil nó chun iarraidh a dhéanamh chuig an gCoimisiún i ndáil le do shonraí pearsanta, lena n-áirítear Iarraidh ar Rochtain d’Ábhar Sonraí a dhéanamh, ná ríomhphost a sheoladh chuig GDPR@lawreform.ie.
Tá faisnéis níos mine faoi na cearta atá agat faoi RGCS ar fáil ón gCoimisiún um Chosaint Sonraí ag https://www.dataprotection.ie/en/individuals/rights-individuals-under-general-data-protection-regulation.
9. Coinneáil
Ní choinneoimid do Shonraí Pearsanta ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá. Coinneoimid do Shonraí Pearsanta fad a theastóidh uainn iad chun na gcríoch atá tuairiscithe san Fhógra Príobháideachta seo, nó chun aon dlí nó rialachán is infheidhme, aon toghairm, aon bharántas cuardaigh, aon ordú cúirte nó rialála, nó aon cheanglas reachtúil eile a chomhlíonadh, lena n-áirítear na hoibleagáidí atá ar an gCoimisiún faoin Acht um Chartlann Náisiúnta, 1986 (arna leasú).
10.Beartas Fianán
10.1.Cad is Fianáin Ann?
Is é is fianán ann comhad beag ina bhfuil teaghrán carachtar a sheoltar chuig do ríomhaire nuair a thugann tú cuairt ar shuíomh Gréasáin. Nuair a thugann tú cuairt ar an suíomh arís, cumasaítear leis an bhfianán don suíomh sin do bhrabhsálaí a aithint. D’fhéadfadh go stórálfaí sainroghanna pearsanta úsáideora agus faisnéis eile le fianáin. Ní fhéadtar le fianáin cláir a rith ná víris a sheoladh chuig do ríomhaire.
10.2.Liosta Fianán
Is é is fianán ann píosa beag sonraí (téacschomhad) a n-iarrann suíomh Gréasáin – nuair a thugann úsáideoir cuairt air – ar do bhrabhsálaí é a stóráil ar do ghléas chun cuimhneamh ar fhaisnéis fút, amhail an teanga is fearr leat nó faisnéis logála isteach. Is sinne féin a shocraíonn na fianáin sin, agus tugtar fianáin chéad pháirtí orthu. Úsáidimid fianáin tríú páirtí freisin. Is fianáin iad sin ó fhearann nach ionann é agus fearann an tsuímh Gréasáin a bhfuil tú ag tabhairt cuairt air. Rud ba shonraí fós, úsáidimid fianáin agus teicneolaíochtaí eile rianúcháin chun na gcríoch seo a leanas:
10.2.1.Fianáin Bhunriachtanacha
Teastaíonn fianáin bhunriachtanacha le haghaidh fheidhmiú an tsuímh Gréasáin agus ní féidir iad a chur as inár gcórais. I bhformhór na gcásanna, ní shocraítear iad ach amháin chun freagairt do do chuid gníomhartha arb ionann iad agus iarraidh ar sheirbhísí, amhail do shainroghanna pearsanta príobháideachta a shocrú, logáil isteach nó foirmeacha a líonadh isteach. Cé gur féidir leat do bhrabhsálaí a shocrú chun fianáin bhunriachtanacha a bhlocáil nó chun foláireamh a thabhairt duit fúthu, is amhlaidh nach bhfeidhmeoidh codanna áirithe den suíomh tar éis duit déanamh amhlaidh. Ní stóráiltear le fianáin bhunriachtanacha aon fhaisnéis inaitheanta phearsanta.
10.2.2.Fianáin Feidhmíochta
Cumasaítear le fianáin feidhmíochta dúinn an líon cuairteanna agus foinsí tráchta a chomhaireamh ionas gur féidir linn feidhmíocht ár suímh a thomhas agus a fheabhsú. Is féidir linn iad a úsáid chun a fháil amach cé na leathanaigh is mó cuairt, cé na leathanaigh is lú cuairt agus cén dóigh a mbogann cuairteoirí timpeall an tsuímh. Is faisnéis chomhiomlánaithe í an fhaisnéis ar fad a bhailítear le fianáin feidhmíochta. Ciallaíonn sé sin gur faisnéis anaithnid í an fhaisnéis a bhailítear leo. Mura gceadaíonn tú fianáin feidhmíochta, ní bheidh a fhios againn cén uair a thug tú cuairt ar ár suíomh agus ní bheimid in ann faireachán a dhéanamh ar a fheidhmíocht.
Fianáin
|
Fianáin a Úsáidtear
|
Tréimhse Saoil
|
_gid, _ga, _gat
|
Fianáin Chéad Pháirtí
|
1 lá, 730 lá, 0 lá
|
10.2.3.Fianáin Fheidhmiúla
Cumasaítear le fianáin fheidhmiúla don suíomh Gréasáin feidhmiúlacht bhreisithe agus pearsantú breisithe a sholáthar. Is sinne nó soláthraithe tríú páirtí ar chuireamar a gcuid seirbhísí lenár leathanaigh a shocraíonn fianáin fheidhmiúla. Mura gceadaíonn tú fianáin fheidhmiúla, d’fhéadfadh nach bhfeidhmeodh roinnt nó gach ceann de na seirbhísí sin i gceart.
Fianáin
|
Fianáin a Úsáidtear
|
Tréimhse Saoil
|
cCSStxt, cCSS
|
Fianáin Chéad Pháirtí
|
30 lá, 30 lá
|
10.2.4.Fianáin Spriocdhírithe
D’fhéadfadh go ndéanfadh ár gcomhpháirtithe fógraíochta na fianáin seo a shocrú trínár suíomh. D’fhéadfadh go mbainfeadh cuideachtaí fógraíochta úsáid as na fianáin sin chun próifíl a fhorbairt ar d’ábhair spéise agus chun fógráin ábhartha a thaispeáint duit ar shuíomhanna eile. Cé nach stóráiltear faisnéis phearsanta go díreach leo, bíonn siad bunaithe ar do bhrabhsálaí agus do ghléas Idirlín a aithint go huathúil. Mura gceadaíonn tú fianáin spriocdhírithe, ní bheidh na fógráin a thaispeánfar duit chomh spriocdhírithe céanna.
Fianáin
|
Fianáin a Úsáidtear
|
Tréimhse Saoil
|
YSC, VISITOR_INFO1_LIVE, GPS
|
Fianáin Tríú Páirtí
|
Seisiún, 0 lá, 0 lá
|
JSESSIONID
|
Fianáin Tríú Páirtí
|
Seisiún
|
IDE, test_cookie
|
Fianáin Tríú Páirtí
|
390 lá, 0 lá
|
10.3.D’fhianáin a rialú
Aon fhianán nach Fianán Bunriachtanach é, níl sé gníomhach mar réamhshocrú, agus ní sheoltar leis aon fhaisnéis chuig an acmhainn óna nglaoitear é. Déantar gach fianán gníomhach nuair a ghlactar le gach fianán. Is féidir leat do shainroghanna pearsanta maidir le fianáin don suíomh Gréasáin lawreform.ie a athrú tráth ar bith trí chliceáil ar an gcnaipe 'Socruithe Fianáin' thíos.
1.Introduction
The Law Reform Commission is an independent statutory body established by the Law Reform Commission Act 1975. The Commission’s principal role is to keep the law under review and to make proposals for reform, in particular by recommending the enactment of legislation to clarify and modernise the law. Researching reform proposals involves consultations with interested groups and individuals.
We use personal information in line with our obligations under the General Data Protections Regulation (GDPR). The LRC is committed to protecting the rights and privacy of individuals whose information the LRC collects and processes in accordance with both European Union and Irish data protection legislation.
2.Purpose
The purpose of this policy is to outline the obligations of the LRC under applicable data protection law and to describe the steps to be taken to ensure compliance with those obligations.
3.What is Personal Data?
“Personal Data” is any information relating to an identified or identifiable natural person; an identifiable natural person is one who can be identified, directly or indirectly, in particular by reference to an identifier such as a name, an identification number, location data, or to one or more factors specific to the physical, physiological, genetic, mental, economic, cultural or social identity of that natural person and includes Special Categories of Personal Data;
4.How do we collect your data?
We collection and use personal information in order to carry out our work on law reform, and to meet our obligations to persons appointed to the LRC or employed on our work.
This includes information we collect and use about:
- Visitors to our website
- People who work with us as we develop our proposals for law reform
- People who ask to be kept informed about our work
- People who provide us with services
- Past, current and future Commissioners and members of staff
- Enquiries and complaints
5.Purposes for which we hold and retain your personal data
We use personal information only in so far as it is necessary for the performance of an employment contract. We use the personal information of people who contribute to our reports and discussion papers only in so far as is necessary in order to carry out our work on law reform, which is a task in the public interest. We use the personal information of people who asked to be kept informed of the work of the LRC with their consent which can be withdrawn at any time by sending a request to GDPR@lawreform.ie.
6.Disclosure of your personal data
Any information which you provide to the LRC is not made available to any third parties and is used by the LRC only in line with the purpose for which you provided it.
7.Keeping your personal data secure
The LRC is fully committed to keeping all personal data submitted by its stakeholders safe and secure during administrative processes. All necessary technical measures have been put in place to ensure the safety and security of the systems which hold this data. Methods of data protection by design employed by the LRC include ensuring that any new processes or procedures are designed and tested from a data protection perspective, staff training and audit and policy reviews are carried out in the context of data protection.
8.Rights of the individual in relation to personal data held by the Commission
When you, as a stakeholder, provide personal data to the Commission you have certain rights available to you in relation to that data. These rights are outlined below and can be exercised by contacting the Data Protection Officer, indicating which right(s) you wish to exercise:
- right to be informed and the right of access;
- right to rectification;
- right to erasure;
- right to restrict processing;
- right to data portability;
- right to object to processing;
- rights in relation to automated decision making and profiling.
Please not that some of the specific rights above granted to data subjects under the GDPR will not apply to all the categories of personal data the Commission processes. The easiest way to get further information or to make a request to the LRC in relation to your personal data, including a Data Subject Access Request, is by emailing GDPR@lawreform.ie.
More detailed information on your rights under the GDPR is available from the Data Protection Commission https://www.dataprotection.ie/en/individuals/rights-individuals-under-general-data-protection-regulation.
9. Retention
We will not hold your Personal Data for longer than is necessary. We retain your Personal Data for as long as we need it for the purposes described in this Privacy Notice or to comply with any applicable law or regulation, a summons, a search warrant, a court or regulatory order, or other statutory requirement including the Commission’s obligations under the National Archives Act 1986 (as amended).
10.Cookie Policy
10.1.What Are Cookies?
A cookie is a small file containing a string of characters that is sent to your computer when you visit a website. When you visit the site again, the cookie allows that site to recognise your browser. Cookies may store user preferences and other information. Cookies cannot run programs or deliver viruses to your computer.
10.2.Cookie List
A cookie is a small piece of data (text file) that a website – when visited by a user – asks your browser to store on your device in order to remember information about you, such as your language preference or login information. Those cookies are set by us and called first-party cookies. We also use third-party cookies – which are cookies from a domain different than the domain of the website you are visiting. More specifically, we use cookies and other tracking technologies for the following purposes:
10.2.1.Strictly Necessary Cookies
These cookies are necessary for the website to function and cannot be switched off in our systems. They are usually only set in response to actions made by you which amount to a request for services, such as setting your privacy preferences, logging in or filling in forms. You can set your browser to block or alert you about these cookies, but some parts of the site will not then work. These cookies do not store any personally identifiable information.
10.2.2.Performance Cookies
These cookies allow us to count visits and traffic sources so we can measure and improve the performance of our site. They help us to know which pages are the most and least popular and see how visitors move around the site. All information these cookies collect is aggregated and therefore anonymous. If you do not allow these cookies we will not know when you have visited our site and will not be able to monitor its performance.
Cookies
|
Cookies Used
|
Lifespan
|
_gid, _ga, _gat
|
1st Party
|
1 day, 730 days, 0 days
|
10.2.3.Functional Cookies
These cookies enable the website to provide enhanced functionality and personalisation. They may be set by us or by third party providers whose services we have added to our pages. If you do not allow these cookies, then some or all of these services may not function properly.
Cookies
|
Cookies Used
|
Lifespan
|
cCSStxt, cCSS
|
1st Party
|
30 days, 30 days
|
10.2.4.Targeting Cookies
These cookies may be set through our site by our advertising partners. They may be used by those companies to build a profile of your interests and show you relevant adverts on other sites. They do not store directly personal information but are based on uniquely identifying your browser and internet device. If you do not allow these cookies, you will experience less targeted advertising.
Cookies
|
Cookies Used
|
Lifespan
|
YSC, VISITOR_INFO1_LIVE, GPS
|
3rd Party
|
Session, 0 days, 0 days
|
JSESSIONID
|
3rd Party
|
Session
|
IDE, test_cookie
|
3rd Party
|
390 days, 0 days
|
10.3.Controlling your cookies
Any cookie that is not Strictly Necessary is not active by default and does not send information to the resource it is called from. Accepting all cookies, makes all cookies active. You can modify your cookie preferences for the lawreform.ie website at any time by clicking on the 'Cookie Settings' button below.