Open competition for appointment to the position of: Deputy Director of Research

By KevinGibson, Wednesday, 15th May 2024 | 0 comments
Filed under: 2024.

 

 

 

 

Open competition for appointment to the position of:

 

Deputy Director of Research

 

 in the

 

Law Reform Commission

 

Closing date:  12 noon on Wednesday, 5th June 2024

 

The Law Reform Commission is committed to a policy of equal opportunity.

The Law Reform Commission will run this campaign in compliance with the Code of Practice for Appointment to Positions in the Civil Service and Public Service prepared by the Commission for Public Service Appointments (CPSA).

 

Codes of practice are published by the CPSA and are available on www.cpsa.ie

 

EMAIL                        recruitment@lawreform.ie             

WEBSITE                   www.lawreform.ie   

TELEPHONE            01 6377609

                       

Background Information on the post

The Law Reform Commission was established by the Law Reform Commission Act 1975 to keep the law under independent, objective and expert review. The Commission has five members: the President, the Full-time Commissioner, and three part-time Commissioners.

Our purpose is to review Irish law and make proposals for reform. We also work on modernising the law to make it easier to access and understand. Our proposals are developed in a process which starts with a Consultation Paper. Consultation Papers examine the law and set out questions on possible changes to the law. Once a Consultation Paper is published, we invite submissions on possible changes to the law. We consult widely, consider the submissions we have received and then publish a Report setting out the Commission’s analysis and recommendations.

Many of the Commission’s proposals have led to changes in Irish law.

 

Job Function

There are two Deputy Directors of Research in the Commission. They assist the Director of Research in leading and managing the Commission’s legal research team and delivering the Commission’s programme of work. The law reform team reviews the law and conducts research for the Commission, with a view to reforming, developing, simplifying, modernizing, and codifying the law of Ireland.

The Deputy Director will play a key role in the Commission’s law reform projects, supporting legal researchers in the resolution of complex legal research questions and developing draft Bills for inclusion in the Commission’s law reform publications.

 

Key Responsibilities

  1. Legal research and writing, including legislative drafting to give effect to the Commission’s proposed reforms; 
  2. Supporting the Commission’s law reform objective: to produce an expert and thoroughly researched body of work containing proposals for law reform that contribute to the development of laws that are responsive to the contemporary and anticipated needs of society in Ireland;
  3. Leading and providing support, training and guidance to small teams of legal researchers, helping to develop their ideas and their research skills;
  4. Ensuring excellence, independence and objectivity in the Commission’s research, as well as high standards of research quality and legal analysis in the Commission’s law reform publications;
  5. Project management: ensuring careful planning in the use of the Commission’s research resources and consistent high quality law reform outputs, in the form of reports, consultation and issues papers;
  6. People management, including the management and development of legal researchers using the Performance Management and Development System (PMDS);
  7. Engaging and consulting with stakeholders, ensuring an end-user focus in the Commission’s law reform work;
  8. Promoting human rights and equality in the law reform work of the Commission;
  9. Promoting innovation in the law reform work of the Commission;
  10. Working collaboratively and effectively with others to meet the Commission’s objectives of keeping the law under independent, objective and expert review, and making recommendations for law reform and to make current law accessible to all;
  11. Undertaking such other duties as may from time to time be assigned by the Director of Research.
     

Qualifications and Experience

Essential Requirements

 

 Candidates must have, on or before the application date for this competition:  

  1. An honours degree or an equivalent qualification (at least a Level 8 on the National Framework of Qualifications) in Law, or a qualification, acceptable to the Law Reform Commission as equivalent, in which Law was taken as a major subject;
  2. excellent knowledge of Irish law and legal system, with a deep understanding of the Irish legal and legislative landscape;
  3. knowledge and experience of dealing with complex legal or policy matters, whether in an academic, professional research or practice setting;
  4. the ability to communicate complex legal issues effectively in writing as well as by way of public presentations;
  5. good editorial skills and the ability to write and present research and information in a concise, accessible and plain English style. Experience in writing reports will be an advantage;
  6. an ability to think strategically and to contribute to the strategic management of the law reform team;
  7. the requisite technical knowledge and skills to fulfil the duties assigned including strong information technology skills;
  8. the ability to prioritise and manage work-loads, to cope with conflicting demands on time;
  9. strong interpersonal, communication and teamwork skills and the ability to lead teams effectively,
  10. experience in supervising research projects with measurable outputs (such as, for example, published research projects, dissertations or funding applications).

 

Desirable skills

Ideally, candidates will also have one or more of the following:

  1. a master’s degree in law and/or a professional legal qualification;
  2. Project management skills and experience in delivering team projects;
  3. applied knowledge of legal and social science research methodologies
  4. Has familiarity with appropriate IT programmes for teamwork, research, editing and knowledge management.

 

Candidates will also be expected to be able to demonstrate the competencies for a role at Assistant Principal Officer level, please refer to Appendix 1.

 

Please find the Information Booklet for this position here.

Please find the Application form for this position here.

 

 

Comórtas oscailte le haghaidh ceapadh chuig an bpost seo:

 

Leas-Stiúrthóir Taighde

 

 Sa Choimisiún um Athchóiriú an Dlí

 

Law Reform Commission

 

Dáta deiridh: 05 Meitheamh 2024, 12:00 meán lae

 

Tá an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí tiomanta do bheartas comhdheise a leanúint.

 

Reáchtálfaidh an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí an feachtas seo de réir an Chóid Chleachtais i gcomhair Ceapacháin chun Post sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí arna ullmhú ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí.

 

Foilsíonn an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí cóid chleachtais agus bíonn siad ar fáil ar www.cpsa.ie

 

RÍOMHPHOST                     recruitment@lawreform.ie             

SUÍOMH GRÉASÁIN           www.lawreform.ie   

TEILEAFÓN                          01 6377609

           

Leas-Stiúrthóir Taighde sa Choimisiún um Athchóiriú an Dlí

Faisnéis Chúlra faoin bpost

Bunaíodh an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí leis an Acht fán gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí, 1975, chun an dlí a choinneáil faoi athbhreithniú neamhspleách, oibiachtúil agus saineolach. Tá cúigear comhaltaí ag an gCoimisiún: an tUachtarán, an Coimisinéir Lánaimseartha, agus triúr Coimisinéirí páirtaimseartha.

Tá sé mar chuspóir againn dlí na hÉireann a athbhreithniú agus tograí a dhéanamh le haghaidh athchóirithe. Oibrímid freisin ar an dlí a nua-aoisiú chun go mbeidh sé níos fusa é a rochtain agus a thuiscint. Forbraítear na tograí uainn i bpróiseas a thosaíonn le Páipéar Comhairliúcháin. Sna Páipéir Chomhairliúcháin uainn, scrúdaítear an dlí agus leagtar amach ceisteanna faoi athruithe féideartha ar an dlí. A luaithe a fhoilsítear Páipéar Comhairliúcháin, iarraimid aighneachtaí ar athruithe féideartha ar an dlí. Téimid i ndáil chomhairle go forleathan, breithnímid na haighneachtaí arna bhfáil againn agus foilsímid tuarascáil ansin ina leagtar amach anailís agus moltaí an Choimisiúin.

Tháinig athruithe i ndlí na hÉireann as an-chuid de na tograí ón gCoimisiún.

 

 

Feidhm an Phoist

Tá beirt Leas-Stiúrthóirí Taighde ann sa Choimisiún. Cabhraíonn siad leis an Stiúrthóir Taighde foireann taighde dlí an Choimisiúin a threorú agus a bhainistiú agus clár oibre an Choimisiúin a sholáthar. Athbhreithníonn an fhoireann um athchóiriú an dlí an dlí agus déanann sí taighde le haghaidh an Choimisiúin d’fhonn dlí na hÉireann a athchóiriú, a fhorbairt, a shimpliú, a fhreacnairciú agus a chódú.

Imreoidh an Leas-Stiúrthóir príomhról i dtionscadail an Choimisiúin a bhaineann le hathchóiriú an dlí, i dtacú le taighdeoirí dlí ceisteanna casta taighde dlí a réiteach agus i ndréacht-Bhillí a fhorbairt lena gcur ar áireamh i bhfoilseacháin an Choimisiúin a bhaineann le hathchóiriú an dlí.

 

Príomhfhreagrachtaí

  1. Taighde dlí agus scríbhneoireacht dlí, lena n-áirítear dréachtú reachtaíochta chun éifeacht a thabhairt do na hathchóirithe molta ón gCoimisiún; 
  2. Tacú le cuspóir an Choimisiúin i réimse athchóiriú an dlí: corp oibre atá saineolaíoch agus a ndearnadh taighde críochnúil air a tháirgeadh, agus é comhdhéanta de thograí le haghaidh athchóiriú an dlí, ar tograí iad a rannchuidíonn le forbairt a dhéanamh ar dhlíthe atá freagrúil do na riachtanais atá ag an tsochaí in Éirinn i láthair na huaire agus do na riachtanais a mheastar a bheidh ag an tsochaí in Éirinn amach anseo;
  3. Tacaíocht, oiliúint agus treoir a threorú agus a sholáthar d’fhoirne beaga taighdeoirí dlí, ag cabhrú leo a smaointe agus a scileanna taighde a fhorbairt;
  4. Sármhaitheas, neamhspleáchas agus oibiachtúlacht a chinntiú i dtaighde an Choimisiúin, agus ardchaighdeáin cháilíochta taighde agus anailíse dlí a chinntiú sna foilseacháin ón gCoimisiún i réimse athchóiriú an dlí;
  5. Bainistíocht tionscadail: pleanáil chúramach a chinntiú sa dóigh a n-úsáidtear acmhainní taighde an Choimisiúin, agus aschuir athchóirithe dlí a bhíonn ar ardchaighdeán ar bhonn comhsheasmhach a chinntiú i riocht tuarascálacha, comhairliúcháin agus páipéar saincheisteanna;
  6. Bainistíocht daoine, lena n-áirítear taighdeoirí dlí a bhainistiú agus a fhorbairt tríd an gCóras Bainistíochta agus Forbartha Feidhmíochta (CBFF) a úsáid;
  7. Caidreamh a dhéanamh le geallsealbhóirí agus dul i gcomhairle leo, agus díriú ar an úsáideoir deiridh á chinntiú in obair an Choimisiúin i réimse athchóiriú an dlí;
  8. Cearta an duine agus comhionannas a chur chun cinn in obair an Choimisiúin i réimse athchóiriú an dlí;
  9. Nuálaíocht a chur chun cinn in obair an Choimisiúin i réimse athchóiriú an dlí;
  10. Obair go comhoibríoch agus go héifeachtach le daoine eile chun cuspóirí an Choimisiúin a chomhlíonadh: an dlí a choinneáil faoi athbhreithniú neamhspleách, oibiachtúil agus saineolach, moltaí a dhéanamh le haghaidh athchóiriú an dlí, agus an dlí reatha a dhéanamh inrochtana do gach duine;
  11. Tabhairt faoi aon dualgais eile a shannfaidh an Stiúrthóir Taighde ó am go chéile.
     

Cáilíochtaí agus Taithí

Ceanglais Bhunriachtanacha

Ní mór d’iarrthóirí na nithe seo a leanas a bheith acu roimh an dáta iarratais le haghaidh an chomórtais seo nó ar an dáta sin: 

  1. Céim onóracha nó cáilíocht choibhéiseach (ag Leibhéal 8 ar a laghad ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí) sa Dlí, nó cáilíocht, atá inghlactha ag an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí mar cháilíocht choibhéiseach, inar tógadh an Dlí mar mhórábhar;
  2. sáreolas ar dhlí na hÉireann agus ar chóras dlí na hÉireann, mar aon le tuiscint dhomhain ar thírdhreach dlí agus reachtaíochta na hÉireann;
  3. eolas agus taithí ar dhéileáil le nithe casta dlí nó beartais, bíodh sé i suíomh acadúil, i suíomh taighde ghairmiúil nó i suíomh cleachtais;
  4. an cumas chun saincheisteanna casta dlí a chur in iúl go héifeachtach i scríbhinn agus trí bhíthin láithreoireachtaí poiblí;
  5. dea-scileanna eagarthóireachta agus an cumas chun taighde agus faisnéis a scríobh agus a chur i láthair ar bhealach achomair inrochtana agus i mBéarla soiléir. Buntáiste a bheidh i dtaithí ar thuarascálacha a scríobh;
  6. an cumas chun smaoineamh go straitéiseach agus chun rannchuidiú le bainistíocht straitéiseach na foirne um athchóiriú an dlí;
  7. an t-eolas teicniúil agus na scileanna teicniúla a theastaíonn chun na dualgais arna sannadh a chomhlíonadh, lena n-áirítear sárscileanna teicneolaíochta faisnéise;
  8. an cumas chun ualaí oibre a chur in ord tosaíochta agus a bhainistiú, chun déileáil le héilimh ama a thagann salach ar a chéile;
  9. sárscileanna idirphearsanta, cumarsáide agus oibre buíne agus an cumas chun foirne a stiúradh go héifeachtach;
  10. taithí ar thionscadail taighde a bhfuil aschuir intomhaiste ag gabháil leo (amhail tionscadail taighde fhoilsithe, tráchtais nó iarratais ar chistiú, mar shampla) a mhaoirsiú.

 

Scileanna inmhianaithe

Sa chás is fearr, beidh ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas ag iarrthóirí:

  1. céim mháistreachta sa dlí agus/nó cáilíocht dlí ghairmiúil;
  2. Scileanna bainistíochta tionscadail agus taithí ar thionscadail foirne a sholáthar;
  3. eolas feidhmiúil ar mhodheolaíochtaí taighde dlí agus eolaíochta sóisialta;
  4. Tá eolas aige/aici ar chláir chuí TF a úsáid le haghaidh obair bhuíne, taighde, eagarthóireacht agus bainistíocht eolais a dhéanamh.

 

Beifear ag súil leis freisin go mbeidh iarrthóirí in ann a thaispeáint go bhfuil acu na hinniúlachtaí le haghaidh ról ar Leibhéal an Phríomhoifigigh Chúnta. Féach Aguisín 1.

 

Faigh an Leabhrán Faisnéise don phost seo anseo.

Faigh an Fhoirm Iarratais don phost seo anseo.