|
Open competition for appointment to the position of:
Legal Researcher (3-year Contract)
in
The Law Reform Commission
Closing date: 12 noon on 23rd March 2026
|
Background Information on the post
The Law Reform Commission is a statutory body established by the Law Reform Commission Act 1975. The Commission has five members: the President, the Full-time Commissioner, and three part-time Commissioners.
Its role is to keep the law under independent, objective, and expert review, to make recommendations for law reform and to make current law accessible for all.
Role of Legal Researcher
Law Reform Research
Under the supervision of the Director of Research and Deputy Directors of Research, the Legal Researcher will carry out research and assist in preparing Consultation Papers and / or a Report or Reports for publication. The Legal Researcher will be credited as a researcher on the project when a Consultation Paper or Report is published.
Current projects include:
- Compensating Victims of Crime
- Reform of Non-Court Adjudicative Bodies and Appeals to Courts
- Third-Party Litigation Funding
Future projects include:
- Liability of Unincorporated Associations
- Recognition of Foreign Divorces
The work of the Commission and its Legal Researchers involves extensive consultation with relevant people and bodies, including members of the public, Members of the Oireachtas, Government Departments, the legal profession and other relevant professions, industry, State bodies and NGOs. Comparative research on the laws of other jurisdictions is an essential part of the research process. The Commission maintains extensive library resources for this purpose, including online resources such as VizLegal, LexisNexis and Westlaw.
Researchers may be required to attend meetings of the Commission to discuss their work, including draft papers, and to receive direction.
Researchers may also contribute to the work of Access to Legislation, see below. This work may be assigned for periods of up to 6 months on a revolving basis among the researchers. In addition, one researcher may be assigned to this work fulltime.
Access to Legislation
The Researcher will, under the supervision of the Access to Legislation Manager and Deputy Managers, contribute to the Commission’s important work on Access to Legislation which produces the Legislation Directory, Revised Acts and the Classified List of In-Force Legislation. In relation to the Legislation Directory, this will involve detailed reading of legislation and noting of effects and other elements such as commencement information. The work on Revised Acts will entail the analysis of amendments and other legislative effects and their incorporation using an XML authoring system. Work on the Classified List will involve the use of an IT system to update and maintain the List.
Principal Duties
Under the supervision of the Access to Legislation Manager and the Director of Research successful candidates will:
- provide efficient, accurate and high-quality legal research service to the Commission,
- prepare draft papers, Consultation Papers and Reports covering law reform,
- maintain and update the Legislation Directory, Revised Acts, and Classified List,
- attend and participate at conferences and meetings,
- prepare for and facilitate seminars and meetings on behalf of the Commission, and
- undertake such other duties as may from time to time be assigned by the Commission.
Applicants should note that the above is a general guide to the role in these areas and is not an exhaustive description of the duties which are associated with the role or tasks which may be assigned to the role of Legal Researcher in the Law Reform Commission. Applicants should also note that additional duties may be assigned from time-to-time.
Qualifications and Experience
Essential Requirements
Candidates must, on or before 28th February 2026
a) hold at least a 2:1 honours law degree (at least a Level 8 on the National Framework of Qualifications) or a recognised relevant professional legal qualification;
and
b) Have demonstrable experience in conducting in-depth legal research and analysis gained either through relevant undergraduate or post-graduate studies or through conducting legal research and analysis in a practical professional context.
In addition, candidates must possess and be able to demonstrate:
- An extensive and broad-ranging knowledge of Irish law and the Irish legal system,
- An extensive knowledge of EU Law and, ideally, knowledge of the ECHR system,
- Strong research and analytical skills with excellent attention to detail,
- Strong information technology skills and demonstrated experience of using a wide range of relevant information sources and online legal research tools and databases,
- The ability to write and present research/information/analysis in a concise, accessible, and plain-English style,
- The ability to exercise integrity and professional judgement, and deliver high quality work in a fast-paced work environment,
- The ability to plan, prioritise and monitor tasks in a systematic and organised way in order to deliver work against tight deadlines,
- Enthusiasm, high motivation and capacity to work independently and as part of a team, and
- Excellent interpersonal and communication skills
Key Competencies for effective performance as a Legal Researcher
The attention of candidates is drawn to the key competencies that are applicable to this post:
- Leadership Potential
- Analysis & Decision Making
- Delivery of Results
- Interpersonal & Communication Skills
- Specialist Knowledge, Expertise and Self-Development
- Drive & Commitment to Public Service Values
Please find the Information Booklet for this position here.
Please find the Application form for this position here.
|
Comórtas Oscailte le haghaidh ceapadh chuig an bpost seo:
Taighdeoir Dlí (Conradh Sealdach Lánaimseartha Trí Blina)
sa
Choimisiún um Athchóiriú an Dlí
Dáta dúnta: 12 meán lae ar an 23 Márta 2026
|
Faisnéis Chúlra faoin bpost
Comhlacht reachtúil a bunaíodh leis an Acht fán gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí, 1975, is ea an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí. Tá cúigear comhaltaí ag an gCoimisiún: an tUachtarán, an Coimisinéir Lánaimseartha, agus triúr Coimisinéirí páirtaimseartha.
Is é an ról atá aige an dlí a choinneáil faoi athbhreithniú neamhspleách, oibiachtúil agus saineolach, moltaí a dhéanamh le haghaidh athchóiriú an dlí, agus an dlí reatha a dhéanamh inrochtana do gach duine.
Ról an Taighdeora Dlí
Taighde ar Athchóiriú an Dlí
Ag obair dó/di faoi mhaoirseacht an Stiúrthóra Taighde agus na Leas-Stiúrthóirí Taighde, déanfaidh an Taighdeoir Dlí taighde agus cabhróidh sé/sí le Páipéir Chomhairliúcháin agus/nó Tuarascálacha a ullmhú lena bhfoilsiú. Aithneofar an Taighdeoir Dlí mar thaighdeoir ar an tionscadal nuair a fhoilseofar Páipéar Comhairliúcháin nó Tuarascáil.
Áirítear leis na tionscadail reatha:
- Íospartaigh na Coireachta a Chúiteamh
- Comhlachtaí Tugtha Breithiúnas nach Cúirteanna iad agus Achomhairc chun na gCúirteanna a Athchóiriú
- Cistiú Dlíthíochta Tríú Páirtí
Áirítear leis na tionscadail amach anseo:
- Dliteanas Comhlachas Neamhchorpraithe
- Aithint Colscarthaí Coigríche
Is é atá i gceist le hobair an Choimisiúin agus a Thaighdeoirí Dlí ná comhairliúchán fairsing le daoine agus comhlachtaí ábhartha, lena n-áirítear daoine den phobal, Comhaltaí den Oireachtas, Ranna Rialtais, an lucht dlí agus gairmithe ábhartha eile, an lucht tionscail, comhlachtaí Stáit agus eagraíochtaí neamhrialtasacha. Cuid bhunriachtanach den phróiseas taighde is ea taighde comparáideach ar dhlíthe dlínsí eile. Coimeádann an Coimisiún acmhainní fairsinge leabharlainne chun na críche sin, lena n-áirítear acmhainní ar líne amhail VizLegal, LexisNexis agus Westlaw.
Is féidir go gceanglófar ar thaighdeoirí freastal ar chruinnithe de chuid an Choimisiúin chun plé a dhéanamh ar a gcuid oibre, lena n-áirítear dréachtpháipéir, agus chun treoir a fháil.
Is féidir go rannchuideoidh taighdeoirí freisin leis an obair atá ar bun ar Rochtain ar Reachtaíocht, féach thíos. Is féidir go sannfar an obair sin do thaighdeoirí ar bhonn rothlach lena cur i gcrích thar thréimhsí a mhaireann suas le sé mhí. Is féidir go sannfar taighdeoir amháin don obair sin ar bhonn lánaimseartha freisin.
Rochtain ar Reachtaíocht
Ag obair dó/di faoi mhaoirseacht an Bhainisteora um Rochtain ar Reachtaíocht agus na Leas-Bhainisteoirí um Rochtain ar Reachtaíocht, rannchuideoidh an Taighdeoir le hobair thábhachtach an Choimisiúin ar Rochtain ar Reachtaíocht, rud a tháirgeann an tEolaire Reachtaíochta, Achtanna Athbhreithnithe agus an Liosta Aicmithe den Reachtaíocht atá i bhFeidhm. Maidir leis an Eolaire Reachtaíochta, is é a bheidh i gceist leis sin ná reachtaíocht a léamh go mion agus trácht ar éifeachtaí agus ar ghnéithe eile amhail faisnéis tosach feidhme. Is é a bheidh i gceist leis an obair ar Achtanna Athbhreithnithe ná anailís a dhéanamh ar leasuithe agus ar éifeachtaí reachtacha eile agus iad sin a chur ar áireamh trí chóras ceapadóireachta XML a úsáid. Is é a bheidh i gceist leis an obair ar an Liosta Aicmithe ná úsáid a bhaint as córas TF chun an Liosta a athrú chun dáta agus a choimeád.
Príomhdhualgais
Ag obair dóibh faoi mhaoirseacht an Bhainisteora um Rochtain ar Reachtaíocht agus an Stiúrthóra Taighde, déanfaidh iarrthóirí rathúla na nithe seo a leanas:
- seirbhís taighde dlí atá éifeachtúil, cruinn agus ar ardchaighdeán a sholáthar don Choimisiún,
- dréachtpháipéir, Páipéir Chomhairliúcháin agus Tuarascálacha a ullmhú maidir le hathchóiriú an dlí,
- an tEolaire Reachtaíochta, Achtanna Athbhreithnithe, agus an Liosta Aicmithe a choimeád agus a athrú chun dáta,
- freastal ar chomhdhálacha agus cruinnithe agus páirt a ghlacadh iontu,
- ullmhú do sheimineáir agus cruinnithe agus iad a éascú thar ceann an Choimisiúin, agus
- tabhairt faoi aon dualgais eile a shannfaidh an Coimisiún ó am go chéile.
Ba cheart d’iarratasóirí a thabhairt faoi deara go bhfuil an méid thuas ina threoir ghinearálta ar an ról sna réimsí sin agus nach bhfuil sé ina thuairisc uileghabhálach ar na dualgais a bhaineann leis an ról nó leis na cúraimí a shannfar do ról an Taighdeora Dlí sa Choimisiún um Athchóiriú an Dlí. Ba cheart d’iarratasóirí a thabhairt faoi deara freisin gur féidir go sannfar dualgais bhreise ó am go chéile.
Cáilíochtaí agus Taithí
Ceanglais Bhunriachtanacha
Ní mór d’iarrthóirí na nithe seo a bheith acu an 28 Feabhra 2026 nó roimh an dáta sin:
a) céim onóracha 2:1 sa dlí (ag Leibhéal 8 ar a laghad ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí) nó cáilíocht aitheanta ghairmiúil ábhartha sa dlí ar a laghad;
agus
b) taithí inléirithe ar thaighde domhain dlí agus anailís dhomhain dlí a dhéanamh, ar taithí í a gnóthaíodh trí staidéar ábhartha fochéime nó iarchéime a dhéanamh nó trí thaighde domhain dlí agus anailís dhomhain dlí a dhéanamh i gcomhthéacs praiticiúil gairmiúil.
Ina theannta sin, ní mór d’iarrthóirí na nithe seo a leanas a bheith acu agus a bheith in ann iad a léiriú:
- Eolas fairsing leathan ar dhlí na hÉireann agus ar chóras dlí na hÉireann,
- Eolas fairsing ar Dhlí an Aontais Eorpaigh agus, sa chás is fearr, eolas ar chóras an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine,
- Sárscileanna taighde agus anailíseacha agus sár-mhionchruinneas,
- Scileanna láidre teicneolaíochta faisnéise agus taithí chruthaithe ar leas a bhaint as raon leathan d’fhoinsí ábhartha faisnéise, d’uirlisí taighde dlí ar líne agus de bhunachair sonraí dlí ar líne,
- An cumas chun taighde/faisnéis/anailís a scríobh agus a chur i láthair ar bhealach achomair inrochtana agus i mBéarla soiléir;
- An cumas chun ionracas agus breithiúnas gairmiúil a chleachtadh agus obair ar ardchaighdeán a sholáthar i dtimpeallacht oibre a ghluaiseann go tapa,
- An cumas chun cúraimí a phleanáil agus a chur in ord tosaíochta, agus chun faireachán a dhéanamh orthu, ar bhealach córasach eagraithe ar mhaithe le hobair a sholáthar laistigh de spriocdhátaí dochta,
- Díograis, ardspreagadh agus cumas chun obair go neamhspleách agus mar chuid d’fhoireann, agus
- Sárscileanna idirphearsanta agus cumarsáide
Faigh an Leabhrán Faisnéise don phost seo anseo.
Faigh an Fhoirm Iarratais don phost seo anseo.