Open Competition: Senior ICT Specialist (Software Development) - 3-Year Contract

By KevinGibson, Friday, 2nd January 2026 | 0 comments
Filed under: 2026.

 

 

 

Comórtas oscailte le haghaidh ceapadh chuig an bpost seo:

 

Speisialtóir Sinsearach TFC (Forbairt Bogearraí) – Rochtain ar Reachtaíocht

(Conradh trí bliana)

 sa

Choimisiún um Athchóiriú an Dlí

 

Dáta deiridh:  12pm meán lae an 26 Eanáir 2026

 

Réamhrá

An Coimisiún um Athchóiriú an Dlí
Comhlacht reachtúil a bunaíodh leis an Acht fán gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí, 1975, is ea an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí. Tá cúigear comhaltaí ag an gCoimisiún: an tUachtarán, an Coimisinéir Lánaimseartha, agus triúr Coimisinéirí páirtaimseartha. Is é an ról atá aige an dlí a choinneáil faoi athbhreithniú neamhspleách, oibiachtúil agus saineolach, moltaí a dhéanamh dá droim sin le haghaidh athchóiriú an dlí, agus an dlí reatha a dhéanamh inrochtana do gach duine.

 

An Ról
Rannchuideoidh an Speisialtóir Sinsearach TFC go príomha le tacú le feidhmchlár Gréasáin láithreach agus leis an bhfeidhmchlár sin a chothabháil agus a fheabhsú, ar feidhmchlár é atá bunaithe ar Java agus atá freagrach as tacair sonraí XML reachtaíochta agus scarbhileog struchtúrtha atá ar mhórscála agus atá á dtiomáint ag scéimrí a ionghabháil, a bhailíochtú, a chlaochlú agus a fhoilsiú, agus stóráil sheasmhach agus aisghabháil ag gabháil leis trí bhunachar sonraí coibhneasta SQL. Díreofar sa ról go príomha ar fhorbairt cúil, agus rannchuidiú á dhéanamh freisin le gníomhaíochtaí tosaigh agus cruaiche iomláine de réir mar is gá. Tacóidh an sealbhóir poist le córais atá ríthábhachtach don ghnó agus rannchuideoidh sé/sí le tionscnaimh a mbeidh mar aidhm leo córais a nuachóiriú.

 

Beidh príomhdhualgais an phoist mar a leanas:

  • Feidhmchláir Ghreásáin Java atá ar scála fiontar a dhearadh, a fhorbairt, a thástáil, a dhífhabhtú agus a chothabháil.
  • Córais táirgthe atá ann cheana a chothabháil agus a fheabhsú, lena n-áirítear teagmhais, fabhtanna agus fadhbanna feidhmíochta a imscrúdú agus a réiteach.
  • Feidhmiúlacht láidir cúil a fhorbairt agus a chothabháil le haghaidh córais lena mbaineann tacair sonraí XML reachtaíochta agus scarbhileog struchtúrtha atá ar mhórscála agus atá á dtiomáint ag scéimrí a ionghabháil, a bhailíochtú, a chlaochlú agus a fhoilsiú.
  • Rannchuidiú le comhéadain úsáideora a fhorbairt trí úsáid a bhaint as HTML, as CSS agus as JavaScript de réir mar is gá.
  • Tástálacha aonaid, tástálacha comhtháthaithe agus tástálacha cúlchéimnithe a dhearadh, a chur chun feidhme agus a chothabháil.
  • Doiciméadacht theicniúil atá cruinn agus cothrom le dáta a tháirgeadh agus a chothabháil.
  • Rannchuidiú le tionscnaimh a bhfuil mar aidhm leo córais a nuachóiriú agus le fiachas teicniúil a laghdú.
  • Meastacháin chruinne ar dhícheall a sholáthar, agus amlínte seachadta a chomhaontú le geallsealbhóirí.
  • Tuairisc a thabhairt ar dhul chun cinn tionscadal agus ar fheidhmíocht córas do gheallsealbhóirí inmheánacha agus do gheallsealbhóirí seachtracha.
  • Páirt a ghlacadh i bpiar-athbhreithnithe cóid, agus tacú le cleachtais feabhsúcháin leanúnaigh.
  • Teagmháil éifeachtach a dhéanamh le húinéirí próisis gnó agus le geallsealbhóirí neamhtheicniúla.
  • Rannchuidiú le cinnteoireacht theicniúil laistigh den eagraíocht agus laistigh den Aonad um Rochtain ar Reachtaíocht.
  • A chinntiú go gcomhlíontar beartais TFC na heagraíochta.
  • Feasacht a choinneáil ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus atá ábhartha do chórais fiontar atá bunaithe ar Java.
  • Páirt a ghlacadh i bpróisis soláthair le haghaidh seirbhísí agus táirgí TFC i gcás gur gá.
  • Dualgais ghaolmhara atá comhsheasmhach leis an ról a dhéanamh de réir mar is gá.
     

Ceapacháin ó Phainéil
Bunóidh an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí painéil a bheidh comhdhéanta de dhaoine aonair a bhfuil cáilíochtaí oiriúnacha acu chun folúntais a líonadh de réir mar a thagann siad chun cinn.  Beidh an painéal i bhfeidhm ar feadh ocht mí dhéag.

Más rud é go dtairgtear post d’iarrthóir agus go nglacann sé leis, ní mór dó/di bheith ar fáil chun an post sin a thosú laistigh de thréimhse réasúnach ama.  Níl an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí in ann a bheith deimhin de cá mhéad folúntas a líonfar thar thréimhse feidhme an phainéil, agus d’fhéadfadh nach sroichfí iarrthóirí ar an ord fiúntais.

Ní dearbhú go gceapfar duine chuig post atá ina cháiliú chuig painéal agus ina chur air.  A luaithe a bheidh sé/sí sroichte ar phainéal, ní bhreithneofar aon iarrthóir ach amháin le haghaidh post amháin de ghnáth.  A luaithe a bheidh sé/í sannta do phost, bainfear iarrthóir ón bpainéal agus ní bhreithneofar é/í a thuilleadh le haghaidh aon phost sa todhchaí.  Tabhair faoi deara go mbainfear iarrthóir ón bpainéal agus nach ndéanfar aon tairiscintí breise ceapacháin dó/di má ghlacann sé/sí le tairiscint cheapacháin.

 

Tabhair faoi deara nach dearbhú go gceapfar duine chuig post atá ina c(h)ur ar phainéal.

 

CÁILÍOCHTAÍ AGUS TAITHÍ

Ceanglais Bhunriachtanacha:

Ní mór d’iarrthóirí na nithe seo a leanas a bheith acu faoin 1 Eanáir 2026 nó a bheith in ann a thaispeáint go bhfuil siad acu:

 

  • Cáilíocht ag Leibhéal 7 nó 8 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí i dTeicneolaíocht Faisnéise, in Eolaíocht Ríomhaireachta nó i ndisciplín gaolmhar, nó taithí ghairmiúil choibhéiseach.
  • Taithí ghairmiúil trí bliana ar a laghad ar fheidhmchláir bogearraí ar ghrád fiontar a fhorbairt, agus taithí shuntasach ar obair le Java.
  • Taithí chruthaithe ar obair le teicneolaíochtaí casta XML, lena n-áirítear XSLT, XSL-FO agus XPath.
  • Taithí ar dhoiciméid mhóra nó chasta XML a phróiseáil agus a bhailíochtú.
  • Taithí láidir ar phrionsabail deartha agus forbartha atá bunaithe ar oibiachtaí.
  • Taithí ar fheidhmchláir RESTful API a dhearadh agus a bhainistiú.
  • Taithí ar bhunachair sonraí a dhearadh agus a fhorbairt, mar aon le scileanna láidre SQL. Sa chás is fearr, bhainfeadh siad sin le MySQL nó le bunachair sonraí choibhneasta choibhéiseacha.
  • Taithí ar obair le freastalaithe feidhmchláir amhail Tomcat.
  • Tuiscint láidir ar shaolré na forbartha bogearraí, ar bhainistíocht athruithe agus ar phróisis scaoilte.
  • Taithí ar úsáid a bhaint as Git agus as GitHub (nó a gcomhionann) le haghaidh rialú leaganacha.
  • Taithí ar obair le timpeallachtaí néalbhunaithe (AWS, Azure nó a gcomhionann), lena n-áirítear seirbhísí amhail EC2, S3, IAM, agus imscaradh nó óstáil a dhéanamh ar fheidhmchláir Ghréasáin laistigh de néalbhonneagar.
  • Cumas taispeánta chun coincheapa teicniúla casta a mhíniú do gheallsealbhóirí neamhtheicniúla.

 

De bhreis ar na nithe thuas, ní mór d’iarrthóirí a bheith in ann a thaispeáint freisin go bhfuil acu na Príomhinniúlachtaí atá sainaitheanta le haghaidh feidhmíocht éifeachtach ar an leibhéal seo. Tá siad sin liostaithe in Aguisín A.

 

Scileanna breise inmhianaithe:

Sa chás is fearr, beifear ag súil leis freisin go mbeidh iarrthóirí in ann a thaispeáint go bhfuil na nithe seo acu freisin:

  • Taithí ar fhorbairt tosaigh, lena n-áirítear:
    • Creataí HTML, CSS agus JavaScript nua-aimseartha (e.g., Angular, React, Vue nó a gcomhionann)
    • Taithí ar obair le creataí tosaigh oidhreachta amhail AngularJS laistigh de chórais atá ann cheana
    • Comhéadain úsáideora inrochtana a chur chun feidhme
    • Breithniúcháin feidhmíochta agus slándála ar thaobh an chliaint
  • Taithí ar obair le creataí tástála uathoibrithe (e.g., JUnit, Selenium nó a gcomhionann).
  • Taithí ar chomhaid Excel a ghiniúint agus a ionramháil trí úsáid a bhaint as leabharlanna Java.
  • Taithí ar obair le píblínte CI/CD.
  • Taithí ar scriptiú Python.
  • Taithí ar chórais oidhreachta a nuachóiriú, lena n-áirítear athfhachtóireacht chéimnithe, uasghráduithe ardáin agus aistrithe bonnchóid rialaithe (e.g., uasghráduithe leaganacha Java nó aistriú ó JavaScript go TypeScript).

     

Faigh an Leabhrán Faisnéise don phost seo anseo.

Faigh an Fhoirm Iarratais don phost seo anseo.

 

 

 

Open competition for appointment to the position of:

 

Senior ICT Specialist (Software Development) - Access To Legislation

(3-year Contract)

 in

The Law Reform Commission

 

Closing date:  12 noon on 26th January 2026

 




Introduction

The Law Reform Commission
The Law Reform Commission is a statutory body established by the Law Reform Commission Act 1975. The Commission has five members - the President, the Full-time Commissioner, and three part-time Commissioners. Its role is to keep the law under independent, objective, and expert review, to make consequent recommendations for law reform and to make current law accessible for all.

The Role
The Senior ICT Specialist will primarily contribute to the maintenance, support and enhancement of an existing Java-based web application responsible for the ingestion, validation, transformation and publication of large-scale, schema-driven legislative XML and structured spreadsheet datasets, with persistent storage and retrieval via a relational SQL database. The role will focus predominantly on backend development while also contributing to front-end and full stack activities as required. The post-holder will support business-critical systems and contribute to system modernisation initiatives.

 

The principal duties attaching to the post will be:

  • Design, develop, test, debug and maintain enterprise-scale Java web applications.
  • Maintain and enhance existing production systems, including investigation and resolution of incidents, defects and performance issues.
  • Develop and maintain robust backend functionality for systems involving the ingestion, validation, transformation and publication of schema-driven XML and structured spreadsheet datasets.
  • Contribute to the development of user interfaces using HTML, CSS and JavaScript as required.
  • Design, implement and maintain unit, integration and regression tests.
  • Produce and maintain accurate, up-to-date technical documentation.
  • Contribute to system modernisation initiatives and the reduction of technical debt.
  • Provide accurate effort estimates and agree delivery timelines with stakeholders.
  • Report on project progress and system performance to internal and external stakeholders.
  • Participate in peer code reviews and support continuous improvement practices.
  • Liaise effectively with business process owners and non-technical stakeholders.
  • Contribute to technical decision-making within the organisation and the Access to Legislation Unit.
  • Ensure compliance with organisational ICT policies.
  • Maintain awareness of evolving technologies relevant to Java-based enterprise systems.
  • Participate in procurement processes for ICT services and products where required.
  • Undertake related duties consistent with the role as required.
     

Appointments from Panels

The LRC will establish panels of suitably qualified individuals to fill vacancies as they arise.  The panel will remain in place for eighteen months.

If a candidate is offered and accepts a position, they must be available to take up that position within a reasonable time frame.  The LRC has no foresight as to how many vacancies may be filled over the lifetime of the panel and potentially candidates may not be reached in the order of merit.

Qualification and placement on a panel is not a guarantee of appointment to a position.  Once reached on a panel, candidate will normally be considered for one position only.  Once assigned to a position, a candidate will be removed from the panel will no longer be considered for any future positions.  Please note that once an offer of appointment has been accepted a candidate will be removed from the panel and no further offers of appointment will be made.

 

Please note that placement on a panel is not a guarantee of appointment to a position.

 

QUALIFICATIONS AND EXPERIENCE

Essential Requirements:

Candidates must on or before January 1st, 2026, have or be able to demonstrate:

 

  • NFQ Level 7 or 8 qualification in Information Technology, Computer Science or a related discipline, or equivalent professional experience.
  • Minimum of 3 years’ professional experience developing enterprise-grade software applications, with significant experience in Java.
  • Proven experience working with complex XML technologies, including XSLT, XSL-FO and XPath.
  • Experience processing and validating large or complex XML documents.
  • Strong experience in object-oriented design and development principles.
  • Experience designing and managing RESTful APIs.
  • Experience of database design and development, with strong SQL skills, ideally with MySQL or equivalent relational databases.
  • Experience with application servers such as Tomcat.
  • Strong understanding of the software development lifecycle, change management and release processes.
  • Experience using Git and GitHub (or equivalent) for version control.
  • Experience working with cloud-based environments (AWS, Azure or equivalent), including services such as EC2, S3, IAM and deployment or hosting of web applications within cloud infrastructure.
  • Demonstrated ability to explain complex technical concepts to non-technical stakeholders.
     

In addition to the above, candidates must also be able to demonstrate the Key Competencies identified for effective performance at this level. These are listed in Appendix A of the Information Booklet (below).

Desirable further skills:

Ideally, candidates will also be able to demonstrate:

  • Experience of frontend development, including:
    • HTML, CSS and modern JavaScript frameworks (e.g. Angular, React, Vue or equivalent)
    • Experience working with legacy frontend frameworks such as AngularJS within existing systems
    • Implementation of accessible user interfaces
    • Client-side performance and security considerations
  • Experience with automated testing frameworks (e.g. JUnit, Selenium or equivalent).
  • Experience generating and manipulating Excel files using Java libraries.
  • Experience working with CI/CD pipelines.
  • Experience with Python scripting.
  • Experience in legacy system modernisation, including phased refactoring, platform upgrades and controlled codebase transitions (e.g. Java version upgrades or migration from JavaScript to TypeScript).
     

Please find the Information Booklet for this position here.

Please find the Application form for this position here.