Athchóiriú an Dlí
Is iad na Cláir um Athchóiriú an Dlí de chuid an Choimisiúin an príomhbhunús ar a gcomhlíonann an Coimisiún an sainordú reachtúil atá air an dlí a choimeád faoi bhreithniú d’fhonn é a athchóiriú. Tá cúig Chlár um Athchóiriú an Dlí seolta ag an gCoimisiún ó bunaíodh ar dtús é. Ní mór don dá Theach den Oireachtas agus don Rialtas gach clár a cheadú.
Chun go n-éireoidh leis, ní mór d’athchóiriú dlí a bheith ina phróiseas ionchuimsitheach. Dá réir sin, tá ríthábhacht ag baint leis an bpróiseas comhairliúcháin maidir le hobair an Choimisiúin. Molaimid duit páirt a ghlacadh sa phróiseas um athchóiriú an dlí in Éirinn trí mholtaí nó barúlacha a chur in iúl dúinn maidir le haon tuarascálacha reatha nó aon pháipéir chomhairliúcháin reatha ón gCoimisiún.
Rud eile atá i gceist le hobair an Choimisiúin is ea reachtaíocht a dhéanamh níos inrochtana don phobal. Táirgeann an Coimisiún roinnt táirgí a bhaineann le rochtain ar reachtaíocht, lena n-áirítear an tEolaire Reachtaíochta, Achtanna Athbhreithnithe agus an Liosta Aicmithe de hActanna atá i bhFeidhm.