Comhairliúcháin

Comhairliúcháin

Chun go n-éireoidh leis, ní mór d’athchóiriú dlí a bheith ina phróiseas ionchuimsitheach. Dá réir sin, tá ríthábhacht ag baint leis an bpróiseas comhairliúcháin maidir le hobair an Choimisiúin.

Molaimid duit páirt a ghlacadh sa phróiseas um athchóiriú an dlí in Éirinn trí mholtaí nó barúlacha a chur in iúl dúinn maidir le haon tuarascálacha reatha nó aon pháipéir chomhairliúcháin reatha ón gCoimisiún.

Cuirtear fáilte roimh aighneachtaí, cibé acu is aighneachtaí ó bhéal nó aighneachtaí i scríbhinn iad, tráth ar bith le linn dúinn breithniú a dhéanamh ar aon topaic. Tabhair faoi deara nach gá do chomhairlithe gach ceist a fhreagairt agus go bhféadfaidh siad freisin aon bharúlacha breise a mheasann siad a bheith iomchuí a chur leis.

Cuirtear fáilte mhór roimh bharúlacha agus moltaí ó na páirtithe leasmhara uile maidir le haon cheann de na ceisteanna a chuirtear.

Chuige sin, tabhair faoi deara freisin go bhféadfar, i bprionsabal, aighneachtaí a nochtadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014. Féadfaidh aon duine aighneacht a dhéanamh á rá go bhfuil an aighneacht á déanamh aige/aici i modh rúin, go háirithe má tá faisnéis phearsanta inti. Sa chás sin, caithfimid leis an aighneacht mar aighneacht rúnda a mhéid is féidir. I gcás go bhfaighimid iarraidh go nochtfaí aon ábhar faoin reachtaíocht um shaoráil faisnéise, déanfaimid teagmháil leis an duine lena mbaineann chun a t(h)uairimí a fháil sula n-eiseoimid an fhaisnéis.

Tabhair faoi deara gur féidir leat d’aighneachtaí scríofa a chur isteach ar roinnt bealaí difriúla, ag brath ar do shainrogha phearsanta féin. Seo a leanas na bealaí sonracha atá ar fáil:

(i) Is féidir leat d’aighneacht – san fhormáid is áisiúla duit – a sheoladh leis an ríomhphost chuig an gCoimisiún ag info@lawreform.ie. NÓTA: Beidh ag gach Páipéar Comhairliúcháin a sheoladh ríomhphoist tiomnaithe féin le haghaidh freagraí.

(ii)
Is féidir leat d’aighneacht a sheoladh leis an bpost chuig:

Coimisiún um Athchóiriú an Dlí,
Teach Styne,
Sráid Haiste Uachtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 DY27
Éire.

 

Comhairliúcháin Reatha

Níl aon chomhairliúcháin oscailte ag an gCoimisiún faoi láthair.

Foirm chomhairliúcháin

Cláraigh chun ár nuachtlitir a fháil

Cláraigh le nuachtlitir an Choimisiúin um Athchóiriú an Dlí chun an nuacht, an t-eolas is deireanaí agus an fhaisnéis ar fad a fháil faoinár gcuid oibre.