Beartas Príobháideachta

 

1. Réamhrá

Comhlacht reachtúil neamhspleách a bunaíodh leis an Acht fán gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí, 1975, is ea an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí. Is é príomhról an Choimisiúin an dlí a choinneáil faoi athbhreithniú agus tograí le haghaidh athchóirithe a dhéanamh, go háirithe trí achtú reachtaíochta a mholadh chun an dlí a shoiléiriú agus a nuachóiriú. Is é atá i gceist le taighde a dhéanamh ar thograí athchóirithe ná dul i gcomhairle le grúpaí agus daoine aonair leasmhara.

 

Úsáidimid faisnéis phearsanta ar aon dul leis na hoibleagáidí atá orainn faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Tá an Coimisiún tiomanta do chearta agus príobháideacht daoine aonair a ndéanann an Coimisiún a gcuid faisnéise a bhailiú agus a phróiseáil a chosaint de réir reachtaíocht cosanta sonraí an Aontais Eorpaigh agus de réir reachtaíocht cosanta sonraí na hÉireann araon.

 

2. Cuspóir

Is é cuspóir an bheartais seo na hoibleagáidí atá ar an gCoimisiún faoin dlí cosanta sonraí is infheidhme a leagan amach agus tuairisc a thabhairt ar na bearta atá le déanamh chun comhlíonadh na n-oibleagáidí sin a chinntiú.

 

3. Cad is Sonraí Pearsanta ann?

Is é is “Sonraí Pearsanta” ann aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta; is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d’aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin. Áirítear leo Catagóirí Speisialta Sonraí Pearsanta freisin.

 

4. Conas a bhailímid do shonraí?

Bailímid agus úsáidimid faisnéis phearsanta chun ár gcuid oibre i réimse athchóiriú an dlí a chur i gcrích agus chun freastal ar na hoibleagáidí atá orainn i leith daoine a cheaptar chuig an gCoimisiún nó a fhostaítear chun ár gcuid oibre a ghabháil de láimh.

Áirítear leis an bhfaisnéis sin faisnéis a bhailímid agus a úsáidimid faoi na daoine seo a leanas:

  • Cuairteoirí ar ár suíomh Gréasáin
  • Daoine a oibríonn linn le linn dúinn forbairt a dhéanamh ar ár gcuid tograí le haghaidh athchóiriú an dlí
  • Daoine a iarrann go gcoinneofaí iad ar an eolas faoinár gcuid oibre
  • Daoine a sholáthraíonn seirbhísí dúinn
  • Coimisinéirí agus baill foirne roimhe, reatha agus amach anseo
  • Fiosruithe agus gearáin

 

5. Na críocha ar chucu a shealbhaímid agus a choinnímid do shonraí pearsanta

Ní úsáidimid faisnéis phearsanta ach amháin a mhéid is gá chun conradh fostaíochta a chomhlíonadh. Ní úsáidimid faisnéis phearsanta na ndaoine a rannchuidíonn leis na tuarascálacha agus na plépháipéir uainn ach amháin a mhéid is gá chun ár gcuid oibre i réimse athchóiriú an dlí a chur i gcrích, rud ar cúram a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail é. Úsáidimid faisnéis phearsanta na ndaoine a d’iarr go gcoinneofaí iad ar an eolas faoi obair an Choimisiúin lena dtoiliú, agus féadfar an toiliú sin a tharraingt siar tráth ar bith trí iarraidh a sheoladh chuig GDPR@lawreform.ie.

 

6. Do shonraí pearsanta a nochtadh

Maidir le haon fhaisnéis a sholáthraíonn tú don Choimisiún, ní chuirtear í ar fáil d’aon tríú páirtithe, agus ní úsáideann an Coimisiún í ach amháin ar aon dul leis an gcríoch ar chuici a sholáthair tú í.

 

7. Do shonraí pearsanta a choinneáil slán

Tá an Coimisiún lántiomanta do na sonraí pearsanta uile a chuireann a gheallsealbhóirí isteach a choinneáil slán sábháilte le linn próisis riaracháin. Cuireadh na bearta teicniúla riachtanacha uile i bhfeidhm chun sábháilteacht agus slándáil na gcóras lena sealbhaítear na sonraí sin a chinntiú. Áirítear leis na modhanna um chosaint sonraí trí dhearadh a mbaineann an Coimisiún úsáid astu a chinntiú go ndéantar aon phróisis nó nósanna imeachta nua a dhearadh agus a thástáil ó thaobh cúrsaí cosanta sonraí de, oiliúint foirne a chinntiú, agus a chinntiú go ndéantar athbhreithnithe iniúchóireachta agus beartais i gcomhthéacs cosanta sonraí.

 

8. Na cearta atá ag an duine aonair i ndáil le sonraí pearsanta a shealbhaíonn an Coimisiún

Nuair a sholáthraíonn tú, mar gheallsealbhóir, sonraí pearsanta don Choimisiún, tá cearta áirithe agat i ndáil leis na sonraí sin. Tá na cearta sin leagtha amach thíos, agus féadfar iad a fheidhmiú trí theagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí, á rá cén ceart nó cé na cearta ba mhaith leat a fheidhmiú:

  • an ceart chun faisnéis a fháil agus an ceart chun rochtain a fháil;
  • an ceart go ndéanfaí ceartúcháin;
  • an ceart go ndéanfaí léirscriosadh;
  • an ceart go gcuirfí srian le próiseáil;
  • an ceart chun iniomparthacht sonraí;
  • an ceart chun agóid a dhéanamh in aghaidh próiseáil;
  • cearta i dtaca le cinnteoireacht uathoibrithe agus le próifíliú.

I gcás roinnt de na cearta sonracha thuasluaite atá ag ábhair sonraí faoi RGCS, tabhair faoi deara nach mbeidh feidhm acu maidir leis na catagóirí sonraí pearsanta uile a phróiseálann an Coimisiún.  Is é an bealach is éasca chun tuilleadh faisnéise a fháil nó chun iarraidh a dhéanamh chuig an gCoimisiún i ndáil le do shonraí pearsanta, lena n-áirítear Iarraidh ar Rochtain d’Ábhar Sonraí a dhéanamh, ná ríomhphost a sheoladh chuig GDPR@lawreform.ie.

Tá faisnéis níos mine faoi na cearta atá agat faoi RGCS ar fáil ón gCoimisiún um Chosaint Sonraí ag https://www.dataprotection.ie/en/individuals/rights-individuals-under-general-data-protection-regulation.

 

9. Coinneáil

Ní choinneoimid do Shonraí Pearsanta ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá. Coinneoimid do Shonraí Pearsanta fad a theastóidh uainn iad chun na gcríoch atá tuairiscithe san Fhógra Príobháideachta seo, nó chun aon dlí nó rialachán is infheidhme, aon toghairm, aon bharántas cuardaigh, aon ordú cúirte nó rialála, nó aon cheanglas reachtúil eile a chomhlíonadh, lena n-áirítear na hoibleagáidí atá ar an gCoimisiún faoin Acht um Chartlann Náisiúnta, 1986 (arna leasú).

 

10. Beartas Fianán

 

Cad is fianáin ann?

Is comhad beag sonraí é fianán a aistrítear chuig do ghléas (e.g. do ghuthán nó do ríomhaire) a bhailíonn faisnéis, lena n-áirítear faisnéis phearsanta fút. Úsáidtear go forleathan iad chun suíomhanna gréasáin a chur ag obair, nó chun oibriú níos éifeachtaí, chomh maith le faisnéis a sholáthar d’úinéirí suíomhanna gréasáin. Mar shampla, d’fhéadfadh fianán ligean dár suíomh gréasáin do bhrabhsálaí a aithint, agus d’fhéadfadh ceann eile do chuid sainroghanna agus faisnéis eile a stóráil agus ligean duit nascleanúint a dhéanamh ar an suíomh gréasáin go héifeachtach. Is féidir le fianáin cabhrú freisin lena chinntiú go bhfuil fógraí a fheiceann tú ar líne níos ábhartha duit féin agus do do leasanna.

Cineálacha fianán a úsáidtear ar an suíomh Gréasáin seo

Fianáin a bhainistiú agus a dhíchumasú

Aon fhianán nach bhfuil Riachtanach go Díreach, ní bhíonn sé gníomhach de réir réamhshocraithe agus ní sheolann sé faisnéis chuig an acmhainn as a nglaotar é. Má ghlactar le gach fianán, bíonn na fianáin uile gníomhach. Is féidir leat do chuid sainroghanna fianán don suíomh Gréasáin a mhodhnú tráth ar bith trí chliceáil ar an gcnaipe ‘Socruithe Fianán’ thíos.


Cláraigh chun ár nuachtlitir a fháil

Cláraigh le nuachtlitir an Choimisiúin um Athchóiriú an Dlí chun an nuacht, an t-eolas is deireanaí agus an fhaisnéis ar fad a fháil faoinár gcuid oibre.