Mar fhostóir, ba mhaith linn daoine maithe a mhealladh agus a choinneáil. Is é atá i gceist leis sin aire a thabhairt dár bhfostaithe.
De bhreis ar ghairm atá tairbheach agus dúshlánach a bheith agat, beidh rochtain agat ar chuid mhór sochar eile.
- Comhaontú Tuarastail na Seirbhíse Poiblí agus breisíochtaí;
- Scéim pinsean;
- Uaireanta oibre solúbtha, lena n-áirítearobair hibrideach;
- An tSeirbhís Chúnaimh d’Fhostaithe;
- Deiseanna foghlama agus forbartha (forbairt ghairmiúil leantach);
- Cistiú do bhallraíocht ghairmiúil;
- An Scéim um Rothaíocht chun na hOibre; agus
- Pas Taistil TaxSaver.