Job Summary
Tá beirt Leas-Stiúrthóirí Taighde ann sa Choimisiún. Cabhraíonn siad leis an Stiúrthóir Taighde foireann taighde dlí an Choimisiúin a threorú agus a bhainistiú agus clár oibre an Choimisiúin a sholáthar. Athbhreithníonn an fhoireann um athchóiriú an dlí an dlí agus déanann sí taighde le haghaidh an Choimisiúin d’fhonn dlí na hÉireann a athchóiriú, a fhorbairt, a shimpliú, a fhreacnairciú agus a chódú.
Imreoidh an Leas-Stiúrthóir príomhról i mbainistiú a dhéanamh ar thionscadail an Choimisiúin a bhaineann le hathchóiriú an dlí, i dtuarascálacha ar athchóiriú an dlí a chur in eagar, i bhfoirne taighde a stiúradh, i dtacú leis an gCoimisiún agus le taighdeoirí dlí ceisteanna casta taighde dlí a réiteach agus i ndréacht-Bhillí a fhorbairt lena gcur ar áireamh i bhfoilseacháin an Choimisiúin a bhaineann le hathchóiriú an dlí.
Main Duties
- Taighde dlí agus scríbhneoireacht dlí, lena n-áirítear dréachtú reachtaíochta chun éifeacht a thabhairt do na hathchóirithe molta ón gCoimisiún;
- Tacú le cuspóir an Choimisiúin i réimse athchóiriú an dlí a bhfuil sé i gceist leis corp oibre atá saineolach agus a ndearnadh taighde críochnúil air a tháirgeadh, agus é comhdhéanta de thograí le haghaidh athchóiriú an dlí, ar tograí iad a rannchuidíonn le forbairt a dhéanamh ar dhlíthe atá freagrúil do na riachtanais atá ag an tsochaí in Éirinn i láthair na huaire agus do na riachtanais a mheastar a bheidh ag an tsochaí in Éirinn amach anseo;
- Dearbhú cáilíochta agus athbhreithniú eagarthóireachta a sholáthar ar leibhéal an tionscadail chun a chinntiú go mbeidh na haschuir soiléir, comhleanúnach, comhsheasmhach go hinmheánach, ailínithe le cinntí an Choimisiúin, agus ina léiriú ar ghuth agus treo straitéiseach an Choimisiúin;
- Tacaíocht, oiliúint agus treoir a threorú agus a sholáthar d’fhoirne beaga taighdeoirí dlí, ag cabhrú leo a smaointe, a gcumais agus a scileanna taighde a fhorbairt;
- Sármhaitheas, neamhspleáchas agus oibiachtúlacht a chinntiú i dtaighde an Choimisiúin, agus ardchaighdeáin cháilíochta taighde agus anailíse dlí a chinntiú sna foilseacháin ón gCoimisiún i réimse athchóiriú an dlí;
- Tionscadail a bhainistiú, pleanáil chúramach a chinntiú sa dóigh a n-úsáidtear acmhainní taighde an Choimisiúin, agus aschuir athchóirithe dlí a bhíonn ar ardchaighdeán ar bhonn comhsheasmhach a tháirgeadh i riocht tuarascálacha, comhairliúcháin agus páipéar saincheisteanna;
- Bainistíocht daoine a dhéanamh, lena n-áirítear foirne a bhainistiú agus taighdeoirí dlí a bhainistiú agus a fhorbairt trí aiseolas agus athbhreithniú ar an láthair oibre agus tríd an gCóras Bainistíochta agus Forbartha Feidhmíochta (CBFF) a úsáid;
- Caidreamh a dhéanamh le geallsealbhóirí agus dul i gcomhairle leo, chun díriú ar an úsáideoir deiridh a chinntiú in obair an Choimisiúin i réimse athchóiriú an dlí;
- Cúraimí riaracháin a dhéanamh agus cúnamh a thabhairt maidir le riaradh an Choimisiúin de réir mar is cuí do chéim shinsearach an Leas-Stiúrthóra Taighde, lena n-áirítear páirt a ghlacadh i gcoistí iomchuí de chuid na hOifige a bhaineann le nithe riaracháin agus rialachais laistigh den Oifig;
- Tuairisciú don Stiúrthóir Taighde ar an gcéad ásc i ngach ní a bhaineann le tionscadail taighde a bhfuil baint ag an Leas-Stiúrthóir leo. Tuairisciú don Choimisinéir Lánaimseartha agus don Choimisiún de réir mar is gá maidir le taighde nó le nithe riaracháin agus rialachais de réir mar is gá;
- Cearta an duine agus comhionannas a chur chun cinn in obair an Choimisiúin i réimse athchóiriú an dlí;
- Nuálaíocht a chur chun cinn in obair an Choimisiúin i réimse athchóiriú an dlí;
- Ionadaíocht a dhéanamh don Choimisiún de réir mar is cuí ag comhdhálacha, ag imeachtaí seachtracha, agus in imeachtaí caidrimh le geallsealbhóirí;
- Obair go comhoibríoch agus go héifeachtach le daoine eile san oifig agus leis an gCoimisiún de réir mar is cuí chun cuspóirí an Choimisiúin a chomhlíonadh, mar atá an dlí a choinneáil faoi athbhreithniú neamhspleách, oibiachtúil agus saineolach, moltaí a dhéanamh le haghaidh athchóiriú an dlí, agus an dlí reatha a dhéanamh inrochtana ag gach duine, agus chun cabhrú le riarachán éifeachtach agus rialachas éifeachtach a chinntiú laistigh den Oifig;
- Rannchuidiú le straitéis agus beartas an Choimisiúin i ndáil le hathchóiriú an dlí a fhorbairt, trí thacú leis an gCoiste Bainistíochta agus leis an gCoimisiún;
- Tabhairt faoi aon dualgais eile taighde nó riaracháin a shannfaidh an Stiúrthóir Taighde nó an Ceann Gnóthaí Corparáideacha nó an Coimisinéir Lánaimseartha ó am go chéile.
Selection Process
Ní mór d’iarrthóirí na nithe seo a leanas a bheith acu an 01 Nollaig 2026 nó roimh an dáta sin:
- Céim onóracha nó cáilíocht choibhéiseach (ag Leibhéal 8 ar a laghad ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí) i nDlí na hÉireann, nó cáilíocht, atá inghlactha ag an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí mar cháilíocht choibhéiseach, inar tógadh an Dlí mar mhórábhar;
- Scileanna bainistíochta tionscadail agus taithí ar thionscadail foirne a sholáthar. Buntáiste a bheidh i dtaithí ar thionscadail taighde a bhfuil aschuir intomhaiste ag gabháil leo (amhail tionscadail taighde fhoilsithe, tráchtais nó iarratais ar chistiú, mar shampla) a mhaoirsiú;
- Sáreolas ar dhlí na hÉireann agus an Aontais Eorpaigh agus ar chóras dlí na hÉireann agus an Aontais Eorpaigh, mar aon le tuiscint dhomhain ar thírdhreach dlí agus reachtaíochta na hÉireann;
- An cumas chun saincheisteanna casta dlí a chur in iúl go héifeachtach i scríbhinn agus trí bhíthin láithreoireachtaí poiblí; agus
- Sárscileanna idirphearsanta, cumarsáide agus oibre buíne, an cumas chun foirne a stiúradh go héifeachtach, agus taithí ar aiseolas a sholáthar agus a chur chun feidhme trí obair bhuíne chomhoibríoch le comhghleacaithe sóisearacha agus le comhghleacaithe sinsearacha.
Conas iarratas a dhéanamh
Ní mór iarratais a dhéanamh tríd an bhfoirm iarratais a chur isteach (féach thíos) agus ní mór na gnéithe seo a leanas a bheith ar áireamh iontu:
- Cáilíochtaí Acadúla, Gairmiúla nó Teicniúla
- Stair Fostaíochta
- Ráiteas Pearsanta
- Príomhéachtaí
Má dhéantar aon mhíchruinneas le linn an fhoirm a chomhlánú, is féidir go ndiúltófar don iarratas. Dá bhrí sin, tá sé le do leas féin a chinntiú gur ceart atá an fhaisnéis a thugann tú sna codanna uile. Más gá leanúint ar aghaidh ar bhileog ar leith, leag an fhaisnéis amach ar an mbealach céanna atá sí leagtha amach san fhoirm iarratais.
Ní thugann cead isteach duine i gcomórtas, ná cuireadh chun agallaimh, le fios gur deimhin leis an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí go gcomhlíonann an duine lena mbaineann ceanglais an chomórtais ná nach bhfuil an duine dícháilithe de réir dlí ón bpost a shealbhú. Ní ghabhann aon ráthaíocht leis ach oiread go ndéanfar iarratas an iarratasóra a bhreithniú tuilleadh. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go dtugann tú faoi deara gur fútsa atá sé a chinntiú go gcomhlíonann tú na ceanglais incháilitheachta don chomórtas sula bhfreastalóidh tú ar agallamh. Más rud é nach gcomhlíonann tú na ceanglais bhunriachtanacha iontrála sin agus go bhfreastalaíonn tú ar agallamh ina ainneoin sin, beidh tú ag tabhú speansas gan ghá toisc nach mbeidh freagracht ar an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí as aon speansais arna dtabhú a aisíoc.
Ba cheart iarratais a dhéanamh trí ríomhphost chuig recruitment@lawreform.ie
Dáta Deiridh: 12:00 meán lae an 02 Nollaig 2026.
Ní ghlacfar le hiarratais a bheidh faighte tar éis an dáta agus ama deiridh.
Ní mór an fhoirm iarratais chomhlánaithe a sheoladh le ríomhphost chuig recruitment@lawreform.ie tráth nach déanaí ná 12:00 meán lae an 02 Nollaig 2026. Mura bhfaigheann tú admháil á dheimhniú go bhfuarthas d’fhoirm iarratais chomhlánaithe, déan teagmháil leis an bhfoireann Tacaíochta Dlí agus Corparáidí sa Choimisiún um Athchóiriú an Dlí ach glao a chur ar 01-6377609 (lcs@lawreform.ie)
Leas-Stiúrthóir Taighde Leabhrán Faisnéise D’Iarrthóirí
Forim Iarratais Leas-Stiúrthóra Taighde