Tábla Cur Chun Feidhme (Arna Nuashonrú i mí Feabhra 2026)

Go bunúsach, freastalaíonn táirgeadh ár bpáipéar comhchomhairliúcháin agus ár dtuarascálacha deiridh – lena n-áirítear na himeachtaí gaolmhara comhchomhairliúcháin phoiblí – chomh maith lenár rochtain ar obair reachtaíochta, ar ár gcuspóir deiridh maidir le gnéithe de dhlíthe na hÉireann a fhorbairt agus a athchóiriú chun a chinntiú go mbíonn siad cothromasach, nua-aimseartha, cóir agus éifeachtúil. Maidir le reachtaíocht, bhí tionchar ag thart ar 70% dár dtuarascálacha ar ábhar reachtaíochta achtaithe. Coinníonn an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí an Tábla Cur Chun Feidhme seo cothrom le dáta gach bliain chun mionsonraí na mbeart cur chun feidhme uile a thaispeáint.

Teideal na TuarascálaAchoimre ar MholtaíDréacht-Reachtaíocht sa Tuarascáil, má bhaineannFaisnéis faoi Chur Chun Feidhme
Tuarascáil ar Chreat Rialála le haghaidh Cumhdach Aosach
LRC 128-2024
Achoimre ar Mholtaí (liosta iomlán)

Ba cheart creat reachtúil ceartabhunaithe a bheith ann chun sláinte, sábháilteacht agus leas aosach atá i mbaol a chumhdach agus a chosaint.
Ba cheart comhlacht a bhunú mar an phríomhghníomhaireacht ar a bhfuil freagracht reachtúil as cumhdach aosach.
D’fhéadfadh an comhlacht sin a bheith ina ghníomhaireacht reachtúil neamhspleách nua nó ina oifig speisialta a bhunófaí le reacht laistigh de ghníomhaireacht reachtúil atá ann cheana, agus ba cheart cumhachtaí fairsinge a thabhairt dó chun idirghabháil a dhéanamh chun cabhrú lena fhreagrachtaí.
Moladh inti freisin gur cheart treoir agus/nó cóid iompair a fhoilsiú maidir le sonraí pearsanta agus catagóirí speisialta sonraí pearsanta de chuid aosach atá i mbaol a chomhroinnt i gcomhthéacs an chumhdaigh aosach.
An Bille um Aosaigh a Chosaint, 2024

An tAcht um an Dlí Coiriúil
(Cumhdach Aosach), 2024
An 9 Nollaig 2025, d’fhoilsigh an Roinn Sláinte an chéad Chreat Beartais Náisiúnta do Chosaint Aosach san Earnáil Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh uaithi. Leagtar amach ann clár uaillmhianach beart beartais agus beart reachtach chun na tacaíochtaí agus na cosaintí atá ann cheana d’aosaigh atá i mbaol mí-úsáide a leathnú agus a neartú ar fud na seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialaigh poiblí, deonacha agus príobháideacha uile. Cuireadh Bille Sláinte (Cumhdach Aosach) ar áireamh i gClár Reachtaíochta an Rialtais chun an beartas sin a éascú.
D’fhoilsigh an Coimisinéir Cosanta Sonraí foireann uirlisí maidir le Cosaint Sonraí agus Comhroinnt Sonraí an 31 Iúil 2025 chun treoir a sholáthar maidir le conas sonraí a bhaineann le haosaigh shoghonta a bhailiú, a úsáid, a stóráil agus a chomhroinnt agus, an tráth céanna, cloí le prionsabail an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus le prionsabail an Achta um Chosaint Sonraí, 2018. Áirítear leis an bhfoireann uirlisí comhairle phraiticiúil, teimpléid, agus samplaí chun cabhrú le heagraíochtaí bearta éifeachtacha cosanta sonraí a chur chun feidhme.
Tuarascáil ar Thalamh a Fháil go hÉigeantach
LRC 127-2023
Moladh gur cheart talamh a fháil trí chóras ginearálta orduithe dílseacháin; gur cheart réamhíocaíochtaí cúitimh a dhéanamh le húinéirí, le léasaithe agus le háititheoirí; gur cheart feidhmeanna a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar chúiteamh as talamh arna fháil go héigeantach a aistriú chuig an mBinse Luachála; gur cheart an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act 1919 a aisghairm agus gur cheart na prionsabail agus na rialacha maidir le cúiteamh as talamh arna fháil go héigeantach a chódú i reachtaíocht nua.Dréacht-Bhille um Thalamh a Fháil go hÉigeantach, 2023An Bille um Ordú Ceannaigh Éigeantaigh, 2025
Tuarascáil ar Uasteorainn a Chur le Damáistí i gCaingne a bhaineann le Díobhálacha Pearsanta LRC 126-2020Bhí an tuarascáil teoranta do scrúdú a dhéanamh ar cé acu a bheadh nó nach mbeadh reachtaíocht lena gcuirfí uasteorainn le damáistí ginearálta incheadaithe nó inmhianaithe ó thaobh an bhunreachta de. Thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil go gcomhlíontar le samhail reachtach atá bunaithe ar an Acht um Chomhairle na mBreithiúna, 2019, na ceanglais bhunreachtúla atá pléite sa Tuarascáil agus go bhfuil sé inmhianaithe go gcuirfí am i leataobh chun an tsamhail sin a chur chun feidhme. Chomh maith leis sin, thángthas ar an gconclúid inti go bhféadfadh samhail reachtach eile, atá bunaithe ar leagan malartach de reachtaíocht na hAstráile agus reachtaíocht Shasana, a bheith incheadaithe ó thaobh an bhunreachta freisin. Ní bhaineann.(a) An Plean Gníomhaíochta 2021 ón Roinn Dlí agus Cirt, mír 90: Athbhreithneofar an tuarascáil i gcomhthéacs an athchóirithe ar an earnáil árachais.
(b) An Plean Gníomhaíochta um Athchóiriú Árachais – Tuarascáil Cur Chun Feidhme ón Roinn Airgeadais agus ón Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta (Márta 2022), gníomhartha 27 agus 28: críochnú na Tuarascála ón Aire Dlí agus Cirt chuig Foghrúpa an Choiste Comh-Aireachta maidir le nithe a eascraíonn as na moltaí agus as an gcur chun feidhme. Tá an cur chun feidhme ar feitheamh go dtí go ndéanfar measúnú ar an tionchar a bhí ag tabhairt isteach na dTreoirlínte maidir le Díobháil Phearsanta.
Tuarascáil ar Inrochtaineacht na Reachtaíochta sa Ré Dhigiteach
LRC 125-2020
Moltar, chun an stoc reachtaíochta a dhéanamh níos inrochtana, gur cheart cláir ilbhliantúla bheartaithe a bheith ann maidir le hAchtanna a chomhdhlúthú, faoi fhormhaoirseacht an Ghrúpa ilghníomhaireachta um Inrochtaineacht agus Comhdhlúthú na Reachtaíochta; agus gur cheart stádas oifigiúil toimhdean a bheith ag an leagan ar líne de Ríomhleabhar Reachtanna na hÉireann (eISB) má tá ríomhshíniú cáilithe a chomhlíonann an Rialachán eIDAS, 2014, ón Aontas Eorpach ag gabháil leis. Foilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Scéim an Bhille um Inrochtaineacht agus Comhdhlúthú ar Líne na Reachtaíochta.
Plépháipéar ar Chur Chun Feidhme Intíre Oibleagáidí Idirnáisiúnta
LRC 124-2020
Rinneadh athbhreithniú ar an tionchar ar an dlí intíre a bhí ag breis agus 1,400 comhaontú idirnáisiúnta a dhaingniú; tuairiscíodh na dea-chleachtais i gcur chun feidhme, lena n-áirítear úsáid a bhaint as treochláir agus as Anailísí Tionchair Rialála; luadh an gealltanas ón Rialtas go ndéanfaí ionstraimí idirnáisiúnta áirithe a dhaingniú, lena n-áirítear an Prótacal Roghnach a ghabhann leis an gCoinbhinsiún in aghaidh na Céastóireachta (OP-CAT).Ní bhaineann: níor moladh aon athchóirithe reachtacha.
Tuarascáil ar Phianbhreitheanna ar Fionraí
LRC 123-2020
Baineann na moltaí, atá bunaithe ar phrionsabail atá sa chásdlí, leis na nithe seo a leanas: treoir maidir le pianbhreitheanna a ghearradh; roghanna eile ar phianbhreitheanna ar fionraí do chiontóirí ar leanaí iad; bainistíocht sonraí agus TFC; agus comhoibriú idir gníomhaireachtaí laistigh den chóras ceartais choiriúil.Ní bhaineann: foilsíodh sa Tuarascáil treoirphrionsabail le haghaidh pianbhreitheanna ar fionraíCurtha chun feidhme go páirteach: An Plean Gníomhaíochta 2022 ón Roinn Dlí agus Cirt, mír 45: Athbhreithniú a dhéanamh ar mholtaí ón gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí mar mhalairt rogha ar phianbhreitheanna ar fionraí do leanaí agus reachtaíocht a fhorbairt le foráil a dhéanamh do na roghanna sin.
Tuarascáil ar Eolas nó Tuairim maidir le Toiliú sa Dlí um Banéigean
LRC 122-2019
Moladh go ndéanfaí alt 2 den Acht um an Dlí Coiriúil (Banéigean), 1981, a athchóiriú chun gur cheart tuairim an chúisí maidir le toiliú a bheith réasúnach go hoibiachtúil, agus moladh gur cheart do ghiúiréithe aird a thabhairt ar chumas iomchuí cinnteoireachta an chúisí agus ar na bearta, dá mba ann dóibh, a rinne an cúisí chun a fháil amach cé acu a bhí nó nach raibh an bhean ag toiliú.Dréacht-Bhille um an Dlí Coiriúil (Banéigean) (Leasú)(a) Scéim Ghinearálta an Bhille um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha agus Gáinneáil ar Dhaoine), 2022, ón Rialtas (Iúil 2022) (Teideal 3), cuirfear chun feidhme na moltaí ar thuairim réasúnach maidir le toiliú;
(b) An Plean Gníomhaíochta 2022 ón Roinn Dlí agus Cirt, mír 110: Tabharfar Bille um Chionta Gnéasacha isteach chun athchóiriú a dhéanamh ar thuairim réasúnach maidir le toiliú.


(c) Scéim Ghinearálta an Bhille um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha agus Gáinneáil ar Dhaoine), 2022, ón Rialtas (Iúil 2022) (Teideal 3), cuirfear chun feidhme na moltaí ar thuairim réasúnach maidir le toiliú;
(d) An Plean Gníomhaíochta 2022 ón Roinn Dlí agus Cirt, mír 110: Tabharfar Bille um Chionta Gnéasacha isteach chun athchóiriú a dhéanamh ar thuairim réasúnach maidir le toiliú.
(e) An Bille um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha agus Gáinneáil ar Dhaoine), 2023 [cuireadh an díospóireacht dara céim ar siúl an 4 Deireadh Fómhair 2023]
(f) Bhí an Tuarascáil ar Eolas nó Tuairim maidir le Toiliú sa Dlí um Banéigean ón gCoimisiún mar bhonn eolais faoi ailt den Bhille um Cheartas Coiriúil (Cionta Gnéasacha agus Gáinneáil ar Dhaoine), 2023, ach tharraing an tAire siar iad nuair a tháinig sé chun solais go bhféadfadh iarmhairtí neamhbheartaithe a bheith ann.


(g) D’fhógair an tAire Dlí agus Cirt pleananna chun reachtaíocht a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar an aimhrialtacht.
Tuarascáil ar Phribhléid do Thuarascálacha ar Imeachtaí Cúirte faoin Acht um Chlúmhilleadh, 2009
LRC 121-2019
Moladh go leasófaí ailt 17 agus 18 den Acht um Chlúmhilleadh, 2009, chun a fhoráil go mbreithneofaí imthosca uile an cháis agus cinneadh á dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil tuarascáil ar imeachtaí cúirte “cothrom agus cruinn”; moladh gur cheart feidhm a bheith ag an bpribhléid in ailt 17 agus 18 d’Acht 2009 go fóill maidir le hiriseoirí gairmiúla agus daoine eile, amhail blagálaithe agus úsáideoirí meán sóisialta; agus moladh gan achtú a dhéanamh ar chosaint nua pribhléide srianta do thuarascálacha ar imeachtaí cúirte nach bhfuil “cothrom agus cruinn”.Foilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille um Chlúmhilleadh (Leasú)(a) An Plean Gníomhaíochta 2022 ón Roinn Dlí agus Cirt, mír 76: Tabharfar Scéim an Bhille um Chlúmhilleadh (Leasú) chun críche.
(b) Ceann 12 de Dhréacht-Scéim Ghinearálta an Bhille um Chlúmhilleadh (Leasú) (a foilsíodh an 28 Márta 2023)
(c) Cuid 5 den Bhille um Chlúmhilleadh (Leasú), 2024
Tuarascáil ar an gCúigiú Clár um Athchóiriú an Dlí
LRC 120-2019
Ní bhaineannNí bhaineannCheadaigh an Rialtas an Cúigiú Clár an 20 Márta 2019 de réir an Achta fán gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí, 1975.
Tuarascáil ar Chumhachtaí Rialála agus ar Chionta Corparáideacha
LRC 119-2018
Moladh:
- go mbunófaí Gníomhaireacht reachtúil um Choireacht Chorparáideach agus go mbunófaí aonad tiomnaithe um choireacht chorparáideach laistigh d’Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí.
- gur cheart sé “chroíchumhacht” rialála a bheith ag rialálaithe eacnamaíocha, lena n-áirítear an chumhacht chun smachtbhannaí airgeadais riaracháin a fhorchur agus chun comhaontuithe forfheidhmiúcháin rialála a dhéanamh.
– gur cheart feidhm a bheith ag na “croíchumhachtaí” rialála maidir le rialálaithe eacnamaíocha a ghabhann d’iomaíocht, cumarsáid agus táirgí sláinte a rialáil.
- gur cheart a shoiléiriú i dtástálacha le haghaidh dliteanas coiriúil corparáideach a shuí cén dóigh a gcoinníonn feidhmeannaigh shinsearacha a gcomhlacht corparáideach faoi dhliteanas coiriúil i leith teipeanna sistéamacha.
- go dtabharfaí aghaidh ar dhul i riosca atá thar a bheith meargánta agus gur cheart cionta calaoise a leasú chun gurbh ionann meargántacht chomhfhiosach (shuibiachtúil) ag duine agus calaois faoi na cionta san Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Gadaíochta agus Calaoise), 2001.
Ceithre cinn de Dhréacht-Scéimeanna Billí Curtha chun feidhme go páirteach: (a) An Plean Gníomhaíochta 2022 ón Roinn Dlí agus Cirt, mír 14: Cuirfear chun feidhme an Tuarascáil ó Ghrúpa Athbhreithniúcháin Hamilton ar Choireacht Chorparáideach agus Éilliú (2020), inar moladh go mbunófaí fóram buan gníomhaireachtaí Stáit chun comhoibriú méadaithe agus comhroinnt mhéadaithe faisnéise a éascú (a bhaineann leis an moladh ar chomhordú idir rialálaithe); agus leasófar cionta calaoise chun aghaidh a thabhairt ar iompraíocht atá thar a bheith meargánta (a bhaineann le moltaí i gcaibidlí 11 agus 12);
(b) Leis an mBille um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán ón Rialtas (Eanáir 2022), cuireadh i bhfeidhm na moltaí in alt 7 (alt 32 den Acht Craolacháin 2009 a ionadú) agus in alt 46 (an tAcht Craolacháin 2009 a leasú trí Chuid 8B a chur isteach, lena gcuirtear moltaí i bhfeidhm, i bpáirt, in ailt 139Z-139ZC, 139ZM-139ZP agus 139ZS-139ZT);
(c) Bille an Bhainc Ceannais (Creat Cuntasachta Aonair), 2022 (Iúil 2022), ailt 48, 53, 64, 65 agus 80-82: rinneadh tograí le haghaidh smachtbhannaí airgeadais riaracháin, le haghaidh foilsiú comhshocraíochtaí, agus le haghaidh nochtadh ábhair faoi phribhléid;
(d) An tAcht Iomaíochta (Leasú), 2022, rinneadh foráil maidir le smachtbhannaí riaracháin agus le díolúine in alt 13 (leasú ar an Acht Iomaíochta, 2002, trí Chuid 2D agus Cuid 2E a chur isteach);
(e) An Bille um Rialáil Cumarsáide, 2022 (Meán Fómhair 2022), rinneadh foráil maidir le smachtbhannaí airgeadais riaracháin in alt 76 agus le foilsiú cinntí breithnithe in alt 92.
(f) An tAcht um Rialáil Cumarsáide agus um Ghníomhaireacht Forbartha don Mhol Digiteach (Leasú), 2023
(g) An tAcht um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, 2022
(h) An tAcht Iomaíochta (Leasú), 2022
Tuarascáil ar Alt 117 den Acht Comharbais, 1965: Gnéithe de Sholáthar do Leanaí
LRC 118-2017
Moladh gur cheart alt 117 d’Acht 1965 a bhunú ar cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh "foráil chuí" seachas ar cibé acu a bhí nó nach raibh sárú ann ar "dualgas morálta"; gur cheart toimhde a bheith ann go ndearnadh foráil chuí maidir le leanaí aosacha; agus gur cheart feidhm a bheith aige maidir le díthiomnacht agus maidir le cásanna ina ndearnadh uacht.Foilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille Comharbais (Leasú).
Tuarascáil ar Ghnéithe de Dhlí na Fianaise a Chomhdhlúthú agus a Athchóiriú
LRC 117-2016
Moladh go ndéanfaí athchóiriú orthu seo a leanas: riail an chlostráchta (lena n-áirítear taifid ghnó), fianaise dhoiciméadach agus leictreonach (lena n-áirítear fianaise a bhaineann le doiciméid mhóra), agus fianaise shaineolach (lena n-áirítear dualgais agus díolúine saineolaithe); agus comhdhlúthú agus athchóiriú 18 nAcht Fianaise (lena n-áirítear 15 Acht Fianaise réamh-1922).Foilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille Fianaise (Comhdhlúthú agus Athchóiriú)Curtha chun feidhme go páirteach: rinneadh athchóirithe ar riail an chlostráchta maidir le hinghlacthacht taifead gnó, lena n-áirítear taifid leictreonacha, i gcásanna sibhialta i gCuid 3, Caibidil 3 (ailt 12 go 19), den Acht um an Dlí Sibhialta agus an Dlí Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2020.
Tuarascáil ar Chumarsáidí Dochracha agus Sábháilteacht Dhigiteach
LRC 116-2016

Moladh go ndéanfaí athchóiriú agus comhdhlúthú ar chionta dlí choiriúil a bhaineann le cumarsáidí dochracha, lena n-áirítear cionta nua a dhéanamh d’íospartaigh a náiriú ar líne d’aon ghnó agus d’íomhánna dlúthphearsanta a phostáil ar líne gan toiliú; moladh go ndéanfaí athchóiriú ar na dlíthe atá ann cheana um chumarsáidí bagracha agus imeaglaithe; agus moladh go mbunófaí Coimisinéir um Shábháilteacht Dhigiteach chun formhaoirseacht a dhéanamh ar chaighdeáin náisiúnta um shlándáil dhigiteach agus ar nós imeachta éifeachtach éifeachtúil le haghaidh cumarsáidí digiteacha a thógáil anuas.
Foilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille um Chumarsáidí Dochracha agus Sábháilteacht Dhigiteach(a) An tAcht um Chiapadh, Cumarsáid Dhochrach agus Cionta Gaolmhara, 2020;
(b) D’fhoilsigh an Rialtas an Bille um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán (Eanáir 2022);
(c) Curtha chun feidhme go páirteach: An tAthbhreithniú ar an Acht um Chlúmhilleadh ón Roinn Dlí agus Cirt (2022), glacadh moladh sa Tuarascáil maidir le cumhacht reachtúil chun ordú Norwich Pharmacal a dheonú mar a moladh san Athbhreithniú (leathanach 272);
(d) An Plean Gníomhaíochta 2022 ón Roinn Dlí agus Cirt, tabharfaidh an Rialtas tús áite do chion arb éard é stalcaireacht a thabhairt isteach (leathanach 31), agus tabharfar mír 76: Scéim an Bhille um Chlúmhilleadh (Leasú) chun críche;
(e) An Bille um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2022 (Meán Fómhair 2022), alt 13: togra le haghaidh cion neamhspleách arb éard é stalcaireacht. Leis sin, glacadh togra sa Bhille um Chionta Neamh-Mharfacha in aghaidh an Duine (Leasú) (Stalcaireacht), 2021 (Bille Comhalta Phríobháidigh a shroich an dara céim i nDáil Éireann an 9 Feabhra 2022), chun an moladh ón gCoimisiún a chur chun feidhme.
(f) An tAcht um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, 2022
(g) An tAcht um Chiapadh, Cumarsáid Dhochrach agus Cionta Gaolmhara, 2020
Tuarascáil ar Bharántais Chuardaigh agus ar Bharántais Bhinse
LRC 115-2015
Moladh go gcuirfí Acht aonair um Barántais Chuardaigh in ionad breis agus 300 dlí um barántais chuardaigh, rud ina mbeadh rialacha caighdeánacha le haghaidh iarratas a dhéanamh ar bharántais agus le haghaidh iad a eisiúint agus a fhorghníomhú; agus moladh gur cheart don chúirt, agus don chúirt amháin, barántais chuardaigh a eisiúint.Foilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille um Cheartas Coiriúil (Barántais Chuardaigh)Cuid 4 (Cinn 14 go 22) de Scéim Ghinearálta Bhille an Gharda Síochána (Cumhachtaí), 2021, ón Roinn Dlí agus Cirt
Tuarascáil ar Chosc le Tairbhe a Fháil as Dúnbhású
LRC 114-2015
Leasú molta ar an Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961, chun cosc a chur ar dhuine a dhéanann dúnmharú, iarracht ar dhúnmharú nó dúnorgain tairbhe a fháil as aon mhaoin de chuid an íospartaigh, bíodh sí in eastát an íospartaigh nó in aon mhaoin eile (lena n-áirítear i gcomhthionóntacht, in árachas nó i bpinsean).Foilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille um Dhliteanas Sibhialta (Leasú) (Cosc le Tairbhe a Fháil as Dúnbhású)Cuid 5 (Cinn 41 go 48) de Scéim Ghinearálta an Bhille um Chúirteanna agus an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2017, ón Roinn Dlí agus Cirt.
Tuarascáil ar Chonarthaí Árachais i leith Tomhaltóirí
LRC 113-2015
Moladh go dtabharfaí isteach reachtaíocht chun an dlí maidir le conarthaí árachais do thomhaltóirí aonair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide a chomhdhlúthú agus a athchóiriú, lena n-áirítear: dualgas chun ceisteanna sonracha a fhreagairt a chur in ionad dualgas réamhchonarthach nochta; leigheasanna comhréireacha i gcás sáruithe; forálacha lena sainaithnítear na rioscaí iarbhír atá árachaithe a chur in ionad barántais árachais; deireadh a chur leis an gceanglas le haghaidh leas inárachais; agus cead a thabhairt do thríú páirtithe éileamh a dhéanamh go díreach in aghaidh an árachóra i gcásanna sonraithe. Foilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille um Chonarthaí Árachais i leith Tomhaltóirí An tAcht um Chonarthaí Árachais i leith Tomhaltóirí, 2019.
Tuarascáil ar Nochtadh agus Follasú i gCásanna Coiriúla LRC 112-2014Moladh go dtabharfaí isteach reachtaíocht chun breac-chuntas a thabhairt ar raon feidhme an dualgais nochta atá ar an ionchúisitheoir in ionchúisimh indíotáilte agus achoimre; agus moladh go dtabharfaí isteach nós imeachta le haghaidh réiteach breithiúnach réamhthrialach éileamh pribhléide arna ndéanamh ag an ionchúiseamh nó ag tríú páirtithe.Foilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille um Nós Imeachta Coiriúil (Nochtadh)Curtha chun feidhme go páirteach: (a) alt 19A, an tAcht um Fhianaise Choiriúil, 1992, arna chur isteach le halt 39, an tAcht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 2017;
(b) Cuid 2 (ailt 3 go 11) den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 2021
(c) An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 2021
Tuarascáil ar Ghnéithe den Fhoréigean Baile
LRC 111-2013

Moladh gur cheart sáruithe ar orduithe foréigin baile a bheith ina gcionta achoimre fós chun a mbailíocht bhunreachtúil agus a n-éifeachtacht bhunreachtúil a chinntiú; gur cheart rialacha atá ann cheana maidir le bannaí, lena n-áirítear bannaí a chúlghairm, i gcás go gcúisítear duine as sárú a dhéanamh ar ordú foréigin baile, a choinneáil; agus go ndéanfaí stalcaireacht agus ciapadh ar líne a scrúdú ar leithligh faoin gCeathrú Clár (féach anois na moltaí in LRC 116-2016).
Ní bhaineann(a) Achtaíodh san Acht um Fhoréigean Baile, 2018, na moltaí chun cionta achoimre i leith sárú ar orduithe, agus faoi bhannaí, a choinneáil;
(b) Achtaíodh san Acht um Chiapadh, Cumarsáid Dhochrach agus Cionta Gaolmhara, 2020 na moltaí maidir le ciapadh ar líne (ó LRC 116-2016)
(c) An tAcht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2023
(d) An tAcht um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, 2022
(e) An tAcht um Chiapadh, Cumarsáid Dhochrach agus Cionta Gaolmhara, 2020
Tuarascáil ar an gCeathrú Clár um Athchóiriú an Dlí
LRC 110-2013
Cuimsítear inti ábhar an Ceathrú Clár um Athchóiriú an DlíNí bhaineannCheadaigh an Rialtas an Ceathrú Clár an 8 Deireadh Fómhair 2013 de réir an Achta fán gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí, 1975.
Tuarascáil ar Chionta Gnéasacha agus an Cumas Toiliú
LRC 109-2013
Moladh go ndéanfaí aisghairm agus ionadú ar alt 5 den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 1993, a bhaineann le cionta gnéasacha lena mbaineann daoine a bhfuil a gcumas toiliú i gceist nó nach bhfuil cumas acu toiliú; moladh freisin go ndéanfaí athchóiriú ar na rialacha iomchuí san Acht um Fhianaise Choiriúil, 1992, maidir le fianaise a thabhairt.Foilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha agus Cumas Toiliú)(a) Cuid 3, an tAcht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 2017;
(b) leasuithe ar an Acht um Fhianaise Choiriúil, 1992, i gCuid 6, agus ar an Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 2017.
Tuarascáil ar Phianbhreitheanna Éigeantacha
LRC 108-2013
Moladh gur cheart do Chomhairle na mBreithiúna treoir nó treoirlínte a fhorbairt maidir le pianbhreitheanna a ghearradh, rud lena gcuirfí le Córas Faisnéise na hÉireann um Pianbhreitheanna a Ghearradh; moladh gur cheart an phianbhreith saoil éigeantach a choimeád i gcásanna dúnmharaithe agus gur cheart an breitheamh a cheadú téarma íosta sonrach a mholadh; agus moladh gur cheart na pianbhreitheanna íosta toimhdean reatha i leith cionta áirithe drugaí agus arm tine a aisghairm.Foilsíodh sa Tuarascáil dréacht-téacs reachtach maidir leis an moladh á rá go mbeadh téarma íosta sonrach ann i gcásanna dúnmharaithe, mar aon le liosta forálacha atá le haisghairm.(a) An tAcht um Chomhairle na mBreithiúna, 2019, alt 21: Déanfar athbhreithniú aireachta ar phianbhreitheanna íosta éigeantacha laistigh de dhá bhliain;
(b) An tAcht um Cheartas Coiriúil (Leasú), 2021 (pianbhreitheanna íosta éigeantacha a aisghairm).
(c) An Plean Gníomhaíochta 2022 ón Roinn Dlí agus Cirt, mír 36: Déanfar tograí le haghaidh athchóiriú an dlí i ndáil le pianbhreitheanna saoil.
(d) An tAcht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2023
(e) An tAcht um Cheartas Coiriúil (Leasú), 2021
(f) Alt 21 den Acht um Chomhairle na mBreithiúna, 2019.
Tuarascáil ar Sheirbhís Ghiúiré
LRC 107-2013

Moladh go dtabharfaí isteach reachtaíocht chun go mbeadh saoránaigh nach saoránaigh Éireannacha iad cáilithe do sheirbhís ghiúiré; moladh go n-aisghairfí an bratsaoradh atá ag a lán gairmithe ó sheirbhís ghiúiré faoi láthair; moladh go roghnófaí triúr giúróirí sa bhreis ar a mhéad do thrialacha ar dóigh go mairfidh siad níos mó ná trí mhí; moladh go soláthrófaí faisnéis shonrach do ghiúiréithe i ngach triail ar díotáil; agus moladh go ndéanfaí taighde ar ghiúiréithe.
Foilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille na nGiúiréitheCurtha chun feidhme go páirteach: (a) alt 15A d’Acht na nGiúiréithe, 1976, arna chur isteach le halt 23 den Acht um Chúirteanna agus an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2013 (triúr giúróirí breise i dtrialacha fada);
(b) Cuid 3 (alt 12) den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 2021 (faisnéis do ghiúiréithe);
(c) An chuid eile den Tuarascáil: Bhunaigh an Rialtas Grúpa Oibre um Ghiúiréithe i mí Aibreáin 2018.
(d) An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 2021.
Tuarascáil ar na Gnéithe Dlí Shibhialta de Dhaoine ar Iarraidh
LRC 106-2013
Moladh go ndéanfaí reachtaíocht a achtú chun leasanna airgeadais daoine ar iarraidh a chosaint láithreach; agus chun iarratas ar bhás toimhdithe chuig cróinéir (i gcás go bhfuil bás beagnach cinnte) nó chuig an gCúirt Chuarda (i gcás go bhfuil bás an-dóchúil) a cheadú.Foilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille um an Dlí Sibhialta (Daoine ar Iarraidh)In part: Civil Law (Presumption of Death) Act 2019 (presumption of death orders).
Tuarascáil ar na Gnéithe Dlíthiúla de Chúram Baile Gairmiúil
L
RC 105-2011
Moladh go ndéanfaí reachtaíocht a achtú chun leasanna airgeadais daoine ar iarraidh a chosaint láithreach; agus chun iarratas ar bhás toimhdithe chuig cróinéir (i gcás go bhfuil bás beagnach cinnte) nó chuig an gCúirt Chuarda (i gcás go bhfuil bás an-dóchúil) a cheadú.Foilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille um an Dlí Sibhialta (Daoine ar Iarraidh)Curtha chun feidhme go páirteach: An tAcht um an Dlí Sibhialta (Toimhde Báis), 2019 (orduithe um thoimhde báis).
Tuarascáil ar na Gnéithe Dlíthiúla de Chúram Baile Gairmiúil
L
RC 105-2011
Moladh go ndéanfadh an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) rialáil reachtúil ar sheirbhísí cúraim baile ghairmiúil.Foilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille Sláinte (Cúram Baile Gairmiúil)D’fhoilsigh an Roinn Sláinte an Tuarascáil ar fhionnachtana an chomhchomhairliúcháin phoiblí maidir le seirbhísí cúraim baile, 2018, inar ceadaíodh na tograí ón Rialtas maidir le rialáil reachtúil a dhéanamh ar chúram baile, i gcomhthéacs na dtograí ginearálta sa Tuarascáil Sláintecare, 2017 (An Tuarascáil ó Choiste an Oireachtais um Chúram Sláinte sa Todhchaí).
Report on Limitation of Actions LRC 104-2011Moladh dlí maidir le “croítheorainn” do na héilimh shibhialta is coitianta a phléitear i gcásanna dlí (conradh agus tort); tréimhse teorann bhunúsach dhá bhliain (bunaithe ar infhionntacht); tréimhse teorannaithe deiridh (stad fhada) 15 bliana; rogha chun an stad fada a fhadú in imthosca eisceachtúla.Foilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille Teorainneacha
Tuarascáil ar Leanaí agus an Dlí: Cóireáil Liachta LRC 103-2011Moladh go nglacfaí leis go bhfuil cumas ag daoine 16 bliana d’aois agus 17 mbliana d’aois toiliú le cóireáil liachta agus í a dhiúltú; moladh go nglacfaí leis nach bhfuil an cumas sin ag daoine faoi bhun 16 bliana d’aois ach go gcuirfí tástáil aibíochta i bhfeidhm chun an tsaincheist a chinneadh.Foilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille Sláinte (Leanaí agus Toiliú le Cóireáil Cúraim Sláinte)Curtha chun feidhme go páirteach: alt 4A den Acht Meabhair-Shláinte, 2001, arna chur isteach le halt 4 den Acht Meabhair-Shláinte (Leasú), 2018 (prionsabail ghinearálta maidir le toiliú le cóireáil i suíomh cúraim meabhairshláinte);
An Bille Meabhair-Shláinte (Leasú), 2016 (Bille Comhalta Phríobháidigh), a ritheadh i Seanad Éireann an 27 Meitheamh 2018; rinne an Comhchoiste Oireachtais um Shláinte grinnscrúdú mionsonraithe air i mí an Mhárta 2019 (cóiríocht aois-oiriúnach do dhaoine faoi bhun 18 mbliana d’aois i suíomh cúraim meabhairshláinte);
An Bille Meabhair-Shláinte (Cumas Toiliú le Cóireáil), 2018 (Bille Comhalta Phríobháidigh), a ritheadh sa Dara Céim, Seanad Éireann, an 10 Deireadh Fómhair 2018 (cumas toiliú le cóireáil atá ag daoine 16 bliana d’aois agus 17 mbliana d’aois i suíomh cúraim meabhairshláinte).
Tuarascáil ar an Eolaire Reachtaíochta LRC 102-2010Leagadh amach dul chun cinn an Choimisiúin maidir leis an Eolaire Reachtaíochta a chothabháil agus a nuashonrú, lena n-áirítear feabhsuithe reatha agus beartaithe ar ábhar agus ar uirlis cheapadóireachta atá bunaithe ar XML; agus leagadh amach an Dara Clár um Athráiteas ar an Dlí Reachtúil, 2011-2012.Ní bhaineann
Leanann an Coimisiún den Eolaire Reachtaíochta a nuashonrú agus dá ábhar a fheabhsú; agus d’Achtanna Athbhreithnithe a ullmhú (400 Acht Athbhreithnithe á gcothabháil sa bhliain 2021).
Tuarascáil ar Ghnéithe Dlíthiúla de Chóngais Teaghlaigh LRC 101-2010Moladh: gur cheart téarmaí nua amhail “freagracht tuismitheora”, “cúram laethúil” agus “teagmháil” a chur in ionad na dtéarmaí “caomhnóireacht”, “coimeád” agus “rochtain” atá in úsáid faoi láthair san Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964; ba cheart comhfhreagracht tuismitheora uathoibríoch a bheith ar mháithreacha agus ar aithreacha (lena n-áirítear aithreacha neamhphósta) as a gcuid leanaí; ba cheart leathnú na freagrachta tuismitheora chuig páirtnéirí sibhialta agus chuig leas-tuismitheoirí a éascú leis an reachtaíocht.Foilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille Leanaí agus Freagracht Tuismitheora An tAcht um Leanaí agus Cóngais Teaghlaigh, 2015, Cuid 4.
Tuarascáil ar Bhainistiú Fiach Pearsanta agus Forfheidhmiú Fiach LRC 100-2010Moladh: go dtabharfaí córas neamhbhreithiúnach comhshocraíochta fiach le haghaidh fiach pearsanta; go mbunófaí Oifig Comhshocraíochta Fiach chun formhaoirseacht a dhéanamh ar an gcóras beartaithe; go ndéanfaí athchóiriú ar an reachtaíocht féimheachta breithiúnaí; go ndéanfaí rialáil ar ghnóthais bailithe fiach.Foilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille um Dhócmhainneacht Phearsanta agus dréacht-Chinn Bhille chun an tAcht Féimheachta, 1988, a leasú.(a) An tAcht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012;
(b) An tAcht um Fhiacha Sibhialta (Nósanna Imeachta), 2015
Tuarascáil ar Chionta Neamhfhorásta LRC 99-2010Moladh go gcuirfí cionta neamhfhorásta (gríosú, comhcheilg agus iarracht) ar bhonn reachtúil, agus iad á gcur in ionad cionta neamhfhorásta dlí choitinn. Moladh athchóirithe mionsonraithe le haghaidh gach ciona neamhfhorásta, lena n-áirítear go "rianóidh" an ghné lochta (ciontachta) de na cionta na cionta coiriúla substainteacha lena mbaineann siad. Foilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille um an Dlí Coiriúil (Cionta Neamhfhorásta)Cuireadh é sin ar áireamh i gClár Oibre an Choiste Chomhairligh um Chódú an Dlí Choiriúil: féach www.criminalcode.ie
Tuarascáil ar Réiteach Malartach Díospóidí: Idirghabháil agus Idir-réiteach LRC 98-2010Moladh go dtabharfaí isteach creat reachtúil le haghaidh idirghabhála agus idir-réitigh, lena n-áirítear eochairphrionsabail, eadhon: is próisis dheonacha iad; is iad na páirtithe a rialaíonn iad; caithfidh na próisis a bheith rúnda; agus ní mór a gcáilíocht a dhearbhú le caighdeáin atá luaite go soiléir. Foilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille Idirghabhála agus Idir-réitigh. An tAcht Idirghabhála, 2017
Tuarascáil ar Achtanna na gCúirteanna a Chomhdhlúthú agus a Athchóiriú LRC 97-2010Moladh go ndéanfaí breis agus 240 Acht Cúirteanna atá ann cheana a chomhdhlúthú san aon Acht Cúirteanna amháin (Comhdhlúthú agus Athchóiriú), mar aon le hathchóirithe. Áirítear leis na hathchóirithe: dualgas ginearálta a bheith ar chúirteanna dul i mbun bainistíochta breithiúnaí cásanna in imeachtaí sibhialta; nós imeachta aonair a bheith ann chun cásanna coiriúla achoimre a thionscnamh; agus ceanglas chun rialacha reachtúla na Cúirte a dhréachtú i gcaint dhíreach. Foilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille na gCúirteanna (Comhdhlúthú agus Athchóiriú).Curtha chun feidhme go páirteach: (a) alt 64 den Acht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2011 (lenar leasaíodh ailt 34, 35 agus 38 d’Acht na gCúirteanna Breithiúnais, 1936, chun socruithe solúbtha a cheadú le haghaidh shuí na hArd-Chúirte ar Cuaird);
(b) Moladh i dTuarascáil an Athbhreithnithe ar Riaradh an Cheartais Shibhialta (2020) go gcuirfí bainistíocht bhreithiúnach cásanna chun feidhme agus go ndréachtófaí Rialacha na Cúirte i gcaint dhíreach.
(c) Scéim an Bhille um Athchóiriú Sibhialta, 2025, ón Rialtas
Tuarascáil Eatramhach ar Bhainistiú Fiach Pearsanta agus Forfheidhmiú Fiach LRC 96-2010Cuimsítear inti Plean Gníomhaíochta 14 Phointe maidir le Tionscnaimh arna gComhaontú ag an gCoimisiún leis an nGrúpa Oibre um Fhiacha Pearsanta.Foilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Rialacha Cúirte maidir le Prótacal Réamhghníomhaíochta le haghaidh Éilimh Fiach Pearsanta.(a) Chuir comhaltaí sonraithe den Ghrúpa Oibre an Plean Gníomhaíochta 14 Phointe sa Tuarascáil chun feidhme;
(b) Cuid 7 den Acht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2011 (leasuithe ar an Acht Féimheachta, 1988);
(c) An tAcht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012
Tuarascáil ar Chosaintí sa Dlí Coiriúil LRC 95-2009Moladh go ndéanfaí athchóiriú ar an gcosaint arb éard í cosaint dhlisteanach (féinchosaint), ar an gcosaint arb éard í briogadh agus ar an gcosaint arb éard í éigeantas agus go gcuirfí ar bhonn reachtúil iad; moladh gur cheart an chosaint arb éard í riachtanas a fhorbairt ar bhonn cás ar chás.Foilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille um an Dlí Coiriúil (Cosaintí).Curtha chun feidhme go páirteach (cosaint dhlisteanach sa teaghais): An tAcht um an Dlí Coiriúil (Cosaint agus an Teaghais), 2011
Tuarascáil ar Bhitheitic: Réamhthreoracha Cúraim LRC 94-2009Moladh creat reachtach le haghaidh réamhthreoracha cúraim lena mbaineann cóireáil liachta a dhiúltú, chun bheith mar chuid den dlí maidir le cumas meabhrach.Foilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille um Chumas Meabhrach (Réamhthreoracha Cúraim).Cuid 8 (ailt 82 go 93) den Acht um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas), 2015
Tuarascáil ar an Dliteanas Sibhialta atá ar Shamáraigh Mhaithe agus ar Shaorálaithe LRC 93-2009Moladh go mbeadh an dliteanas sibhialta atá ar Shamáraigh Mhaithe agus ar shaorálaithe teoranta d’imthosca mórfhaillí; go gcuirfí san áireamh sa dliteanas atá ar ghnólachtaí deonacha an tairbhe a sholáthraíonn siad don phobal.Foilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille um Dhliteanas Sibhialta (Samáraigh Mhaithe agus Saorálaithe).Cuid 4A (alt 51A go 51G) den Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961, arna chur isteach le Cuid 3 (alt 4) den Acht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2011
Tuarascáil ar Dhlí na nIontaobhas: Tograí Ginearálta LRC 92-2008Moladh go ndéanfaí athchóiriú ar an dlí maidir le dualgais agus cumhachtaí na n-iontaobhaithe, lena n-áirítear Acht comhdhlúite agus athchóirithe a chur in ionad an Trustee Act, 1893.Foilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille na nIontaobhaithe.Seisiún Fómhair Chlár Reachtaíochta an Rialtais, 2015: Foilseofar Bille na nIontaobhas (Roinn C)
Tuarascáil ar Athráiteas ar an Dlí Reachtúil LRC 91-2008Leagadh amach í sa Chéad Chlár um Athráiteas ar an Dlí Reachtúil 2008-2009 (comhdhlúthú riaracháin a dhéanamh ar bhreis agus 40 Acht).Foilsíodh sa Tuarascáil an Chéad Chlár um Athráiteas ar an Dlí Reachtach 2008-2009.Foilsíodh Achtanna Athbhreithnithe ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin
Tuarascáil ar Fhorbairtí Ilaonad LRC 90-2008Moladh go ndéanfaí athchóiriú chun cearta agus leasanna páirtithe a chosaint, lena n-áirítear athchóiriú ar an dlí maidir le cuideachtaí bainistíochta úinéirí.Foilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille um Fhorbairtí Ilaonad An tAcht um Fhorbairtí Ilaonad, 2011
Tuarascáil ar Ghnéithe den Dlí Uchtála Idir Tíortha LRC 89-2008Athluadh an moladh in LRC 58-1998 go gcuirfí Coinbhinsiún na Háige chun feidhme; moladh go leasófaí an tAcht um Chúram Leanaí, 1991, maidir le seirbhísí iar-uchtála.Moladh go leasófaí alt 6 den Acht um Chúram Leanaí, 1991, chun comhairleoireacht iar-uchtála a áireamh le haghaidh uchtáil idir tíortha. An tAcht Uchtála, 2010
Tuarascáil ar Ionpháirteacht i gConradh agus ar Chearta Tríú Páirtí LRC 88-2008 Moladh go ndéanfaí athchóiriú ar na rialacha maidir le hionpháirteacht chonarthach, rud lena dtugtar cearta do thríú páirtithe atá beartaithe sa chonradh (faoi réir rogha diúltaithe shainráite).Foilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille um Dhlí na gConarthaí (Ionpháirteacht i gConradh agus Cearta Tríú Páirtí).
Tuarascáil ar Dhúnbhású: Dúnmharú agus Dúnorgain Ainneonach LRC 87-2008 Moladh go ndéanfaí códú reachtúil ar na gnéithe meabhrach de dhúnmharú agus de dhúnorgain ainneonach (agus cionta gaolmhara).Foilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille um DhúnbhásúCuireadh é sin ar áireamh i gClár Oibre an Choiste Chomhairligh um Chódú an Dlí Choiriúil: féach www.criminalcode.ie
An Clár um Athchóiriú an Dlí 2008-2014 LRC 86-2007Cuimsítear ann ábhar an Tríú Clár um Athchóiriú an Dlí 2008-2014.Ní bhaineannCheadaigh an Rialtas an Tríú Clár an 12 Nollaig 2007 de réir an Achta fán gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí, 1975
Tuarascáil ar an Dlí Ginearálta um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí LRC 85-2007Moladh go ndéanfaí na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí a chomhdhlúthú, lena n-áirítear Deasy’s Act 1860 agus na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1980 go 1984. Foilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille um Thiarnaí Talún agus TionóntaíD’fhoilsigh an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais Scéim an Bhille um Athchóiriú an Dlí um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Aibreán 2011).
Seisiún Samhraidh Chlár Reachtaíochta an Rialtais, 2019: Foilseofar an Bille um Athchóiriú an Dlí um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí.
Tuarascáil ar Chiontuithe Spíonta LRC 84-2007Moladh gur cheart roinnt cionta a mheas mar chiontuithe spíonta chun críocha áirithe, lena n-áirítear fostaíocht.Foilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille Ciontuithe SpíontaAn tAcht um Cheartas Coiriúil (Ciontuithe Spíonta agus Nochtadh Áirithe), 2016
Tuarascáil ar Aosaigh Shoghonta agus an Dlí LRC 83-2006Moladh go dtabharfaí dlí ginearálta um chumas meabhrach isteach, lena n-áirítear toimhde ghinearálta go bhfuil cumas ag daoine os cionn 18 mbliana d’aois; moladh go gceadófaí cinnteoireacht neamhfhoirmiúil d’aosaigh nach bhfuil cumas acu; agus moladh go gcuirfí Oifig na gCaomhnóirí Poiblí agus Bord na Caomhnóireachta in ionad Coimircithe Cúirte.Foilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille um Chumas Meabhrach An tAcht um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas), 2015
Tuarascáil ar Chearta agus Dualgais Comhchónaitheoirí LRC 82-2006 Moladh go ndéanfaí athchóiriú chun comhaontuithe comhchónaitheoirí a cheadú, chun teidil áirithe a bhronnadh ar chomhchónaitheoirí, agus chun go mbeifí in ann iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar fhaoiseamh do chomhchónaitheoirí cáilithe áirithe.Foilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille Comhchónaithe An tAcht um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí, 2010 (pléitear le Comhchónaitheoirí i gCuid 15)
Tuarascáil ar Achomhairc Ionchúisimh agus Éisteachtaí Réamhthrialach LRC 81-2006Ceadaíodh achomharc "gan dochar" le haghaidh ionchúisimh i dtrialacha ar díotáil san Acht um Cheartas Coiriúil, 2006 (mar a moladh sa Pháipéar Comhairliúcháin); moladh athchóiriú eatramhach neamhreachtúil ar nósanna imeachta réamhthrialach (féach anois na moltaí le haghaidh athchóiriú reachtúil in LRC 112-2014).Ní bhaineann (tugadh an t-achomharc ionchúisimh "gan dochar" molta isteach san Acht um Cheartas Coiriúil, 2006) An tAcht um Cheartas Coiriúil, 2006, ailt 21 go 24
Tuarascáil ar Iontaobhais Charthanúla agus Struchtúir Dhlíthiúla do Charthanais LRC 80-2006Moladh go ndéanfaí athchóiriú ar dhualgais iontaobhaithe carthanais agus go dtabharfaí struchtúr dlíthiúil nua isteach do charthanais, eadhon, Eagraíocht Chorpraithe CharthanúilFoilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille Carthanas (Eagraíocht Chorpraithe Charthanúil) An tAcht Carthanas 2009 (curtha chun feidhme go páirteach: dualgais iontaobhaithe carthanais)
Tuarascáil ar ríomh-Thíolacadh: An Córas Tíolactha in Éirinn a Mhúnlú LRC 79-2006 Moladh go mbunófaí Grúpa ríomh-Thíolactha chun treochlár agus moltaí a leagan amach don Rialtas Ní bhaineannBhunaigh Dlí-Chumann na hÉireann an Grúpa Stiúrtha um ríomh-Thíolacadh.
Tuarascáil ar Bhunachar Sonraí DNA a Bhunú LRC 78-2005Moladh go mbunófaí Bunachar Sonraí DNA teoranta, lena n-áirítear: próifílí DNA de chuid daoine ciontaithe amháin a choinneáilFoilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille um Cheartas Coiriúil (Bunachar Sonraí DNA) An tAcht um Cheartas Coiriúil (Fianaise Dlí-Eolaíochta agus Córas Bunachair Sonraí DNA), 2014
Tuarascáil ar Mharú Corparáideach LRC 77-2005Moladh go dtabharfaí isteach cion arb éard é marú corparáideach agus cion aonair gaolmharFoilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille um Dhúnorgain ChorparáideachFoilseoidh an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais Anailís Tionchair Rialála
Tuarascáil ar Dhlíthíocht Ilpháirtí LRC 76-2005Moladh go dtabharfaí nós imeachta Dlíthíochta Ilpháirtí isteach i Rialacha na CúirteFoilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Rialacha na nUaschúirteanna (Caingne Ilpháirtí) agus dréacht-Bhille um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta (Leasú) Ritheadh an Bille um Chaingne Ilpháirtí, 2017, sa Dara Céim i nDáil Éireann an 16 Samhain 2017; moladh i dTuarascáil an Athbhreithnithe ar Riaradh an Cheartais Shibhialta (2020) go dtabharfaí nós imeachta dlíthíochta ilpháirtí isteach a bheadh bunaithe ar shamhail an Choimisiúin um roghnú a bheith páirteach: féach freisin LRC 97-2010
Tuarascáil ar an mBosca Déirce Cúirte: Promhadh Ciontóirí LRC 75-2005Moladh go gcuirfí ní eile in ionad an bhosca déirce cúirte agus go nuashonrófaí an Probation of Offenders Act 1907. Foilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille um Promhadh CiontóiríD’fhoilsigh an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais Scéim an Bhille um Cheartas Coiriúil (Smachtbhannaí Pobail) (Feabhra 2014); An Plean Gníomhaíochta 2022 ón Roinn Dlí agus Cirt, mír 118: Foilseofar Scéim Ghinearálta Athbhreithnithe an Bhille um Cheartas Coiriúil (Smachtbhannaí Pobail).
Tuarascáil ar Athchóiriú agus Nuachóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha LRC 74-2005Moladh go ndéanfaí athchóiriú agus nuachóiriú ar bhreis agus 150 Acht réamh-1922 maidir leis an dlí talún agus tíolactha.Foilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille Talún agus Tíolactha. An tAcht um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha, 2009
Tuarascáil ar Fhiosrúcháin Phoiblí, lena n-áirítear Binsí Fiosrúcháin LRC 73-2005Moladh go ndéanfaí comhdhlúthú agus athchóiriú ar na hAchtanna um Binsí Fiosrúcháin (Fianaise), 1921 go 2004Foilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille um Binsí FiosrúcháinRitheadh an Bille um Binsí Fiosrúcháin 2005 trí Chéim an Choiste i nDáil Éireann sa bhliain 2015, ach chuaigh sé i léig ar lánscor na Dála roimh Olltoghchán 2016 agus níor cuireadh ar ais é ar Riar na hOibre sa Dáil tar éis an Olltoghcháin sin.
Tuarascáil ar Ionchúisitheoir Fioscach agus Cúirt Ioncaim LRC 72-2004Moladh go ndéanfaí athruithe ar na hAchtanna Cánacha (próiseas achomharc ó phionóis na gCoimisinéirí Ioncaim: athchóiriú ar phróisis na gCoimisinéirí Achomharc; tairseach le haghaidh ainmneacha mainnitheoirí cánach a fhoilsiú)Foilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille Cánacha (Forálacha Ilghnéitheacha) An tAcht Airgeadais (Achomhairc Chánach), 2015;
An tAcht Airgeadais, 2005 (tairseach le haghaidh ainmneacha mainnitheoirí cánach a fhoilsiú);
An tAcht Airgeadais (Uimh. 2), 2008 (próiseas achomharc ó phionóis na gCoimisinéirí Ioncaim).
Tuarascáil ar an Nós Imeachta Athbhreithnithe Bhreithiúnaigh LRC 71-2004Moladh go ndéanfaí athruithe ar Rialacha na Cúirte maidir le hathbhreithniú breithiúnach, ar an Acht um Inimircigh Neamhdhleathacha (Gáinneáil), 2000, agus ar Threoracha Cleachtais éagsúlaFoilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Ordú leasaithe 84 de Rialacha na nUaschúirteanna agus dréacht-alt leasaithe 5 den Acht um Inimircigh Neamhdhleathacha (Gáinneáil), 2000Curtha chun feidhme go páirteach: An tAcht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach), 2006, alt 13;
An tAcht um Pleanáil agus Forbairt (Leasú), 2010, alt 32;
Rialacha na nUaschúirteanna (Athbhreithniú Breithiúnach), 2011 (I.R. Uimh. 691 de 2011)
Tuarascáil ar an Dlí Talún agus Tíolactha: (7) Cúnaint Dheimhneacha ar Thalamh Ruílse agus Tograí Eile LRC 70-2003Rinneadh moltaí éagsúla go ndéanfaí athchóiriú Cuireadh é sin ar áireamh sa dréacht-Bhille sa Tuarascáil ar Athchóiriú agus Nuachóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha LRC 74-2005 An tAcht um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha, 2009
Tuarascáil ar Phionóis mar gheall ar Mhionchionta LRC 69-2003Moladh go gcuirfí teorainn le cumhacht príosúnaithe na Cúirte Dúiche; moladh go bhféadfaí méid na fíneála a chur in oiriúint d’acmhainn an chiontóra aonair; moladh go méadófaí an fhíneáil uasta do chomhlachtaí corparáideacha go trí oiread na fíneála do dhaoine aonairFoilsíodh sa Tuarascáil dréachtfhorálacha reachtacha An tAcht Fíneálacha 2010; rinne Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas cur chun feidhme riaracháin ar an teorainn le cumhacht príosúnaithe na Cúirte Dúiche.
Tuarascáil ar In-asbhainteacht Sochar Comhthaobhach as Dámhachtainí Damáistí LRC 68-2002Moladh go ndéanfaí athchóiriú ar na rialacha reachtúla maidir leis an méid is féidir a asbhaint ó dhámhachtainí cúitimhFoilsíodh sa Tuarascáil dréachtfhoráil reachtachAn tAcht um Dhliteanas Sibhialta agus Cúirteanna 2004, alt 27;


An tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 2005, ailt 96 agus 286;
An tAcht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean, 2013, ailt 13 agus 14
Tuarascáil ar Theideal trí Sheilbh Chodarsna ar Thalamh LRC 67-2002Moladh go ndéanfaí soiléiriú ar raon feidhme an teidil atá ag duine atá i seilbh chodarsna agus ar thíolacadh reachtúil an teidilFoilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille um Sheilbh Chodarsna Cuireadh é sin ar atráth i bhfianaise na breithe ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine i gcás Pye (Oxford) (2007)
Cuireadh seilbh chodarsna ar áireamh sa Chúigiú Clár um Athchóiriú an Dlí, Tionscadal 15.
Tuarascáil ar Innéacsú Fíneálacha: Athbhreithniú ar Fhorbairtí LRC 65-2002 Moladh go gcuirfí innéacsú an chórais "fíneálacha" chun feidhme sa Tuarascáil ar Innéacsú Fíneálacha, LRC 37-1991: féach thíosDréachtfhorálacha reachtacha sa Tuarascáil ar Innéacsú Fíneálacha, LRC 37-1991: féach thíosAn tAcht Fíneálacha 2010
Tuarascáil ar Reachtanna na dTréimhsí: Éilimh i gConradh agus i dTort maidir le Damáiste Folaithe (Seachas Díobháil Phearsanta) LRC 64-2001 Moladh go dtosódh an tréimhse teorannaithe nuair a bhíonn an duine ar an eolas den chéad uair, nó nuair ba cheart go mbeadh sé nó sí ar an eolas den chéad uair, faoi thosca iomchuíFoilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille um Reacht na dTréimhsí (Leasú)Cuireadh é sin ar áireamh sa Tríú Clár um Athchóiriú an Dlí 2008-2014 (Tionscadal 4: féach anois LRC 104-2011)
Tuarascáil ar Iontaobhais a Athrú LRC 63-2000Moladh go mbeadh cumhacht ag na cúirteanna chun téarmaí iontaobhas a athrúFoilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille um Iontaobhais a Athrú An tAcht um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha, 2009
Tuarascáil ar an Riail i gcoinne Suthaineachtaí agus Rialacha Gaolmhara LRC 62-2000Moladh go gcuirfí deireadh leis an riail i gcoinne suthaineachtaí agus leis an riail i gcoinne carnadhFoilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille Suthaineachtaí An tAcht um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha, 2009
Tuarascáil ar Dhréachtú Reachtúil agus Léiriú: Caint Dhíreach agus an Dlí LRC 61-2000Moladh go mbainfí úsáid as caint dhíreach agus reachtaíocht á dréachtú, as léiriú nuashonraithe ar reachtaíocht níos sine, agus as cur chuige cuspóireach i leith reachtaíocht a léiriúFoilsíodh sa Tuarascáil dréachtfhorálacha reachtacha An tAcht Léiriúcháin, 2005
Tuarascáil ar Dhamáistí Forthromaithe, Eiseamláireacha agus Leorghnímh LRC 60-2000Moladh go ndéanfaí forbairt bhreithiúnach go príomha ar an dlí maidir le damáistí forthromaithe, eiseamláireacha agus leorghnímh: athchóiriú reachtúil teorantaFoilsíodh sa Tuarascáil dréachtfhorálacha reachtacha

1999 – 1981

Teideal na TuarascálaAchoimre ar MholtaíDréacht-Reachtaíocht sa Tuarascáil, má bhaineannFaisnéis faoi Chur Chun Feidhme
Tuarascáil ar Ghasumpáil LRC 59-1999Moladh gur cheart déileáil le gasumpáil trí fhaisnéis a thabhairt do thomhaltóiríNí bhaineann: níor moladh aon reachtaíocht Ceadaíodh é sin sa Tuarascáil ón nGrúpa Athbhreithnithe ar Ghníomhaireachtaí Eastáit/Ceantálaíochta (2005) (a cuireadh chun feidhme san Acht um Sheirbhísí Maoine (Rialáil), 2011)
Tuarascáil ar Choinbhinsiún na Háige um Chosaint Leanaí agus Comhar i Leith Uchtála idir Tíortha LRC 58-1998Moladh go ndaingneodh an Stát Coinbhinsiún na Háige, 1993Ní bhaineann An tAcht Uchtála, 2010
Tuarascáil ar Phríobháideacht: Faireachas agus Léiriú Cumarsáide LRC 57-1998Moladh cosaintí reachtacha éagsúla le haghaidh príobháideachta i ndáil le faireachasFoilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille um Príobháideacht agus Faireachas Curtha chun feidhme go páirteach: An tAcht um Cheartas Coiriúil (Faireachas), 2009 (cumhachtaí reachtacha faireachais an Gharda Síochána); moladh sa Bhille um Príobháideacht 2006 tort reachtúil príobháideachta ach comhaontaíodh gur cheart é a bheith ag dul in éag tar éis aitheantas a thabhairt sa bhliain 2010 do Chomhairle Preasa reachtúil faoin Acht um Chlúmhilleadh, 2009: I.R. Uimh. 163 de 2010.
Tuarascáil ar an Dlí Talún agus Tíolactha: (6) Tuilleadh Tograí Ginearálta, lena n-áirítear Forghníomhú Gníomhas LRC 56-1998Moladh nach gceanglófaí focail teorannaithe le haghaidh leas i dtalamh ruílse cláraithe a chruthú nó a aistriúCuireadh é sin ar áireamh sa dréacht-Bhille sa Tuarascáil ar Athchóiriú agus Nuachóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha LRC 74-2005 An tAcht um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha, 2009
Tuarascáil ar Choinbhinsiún UNIDROIT maidir le Réada Cultúrtha a Goideadh nó a Onnmhairíodh go Neamhdhleathach LRC 55-1997Moladh go ndaingneodh an Stát Coinbhinsiún UNIDROIT Ní bhaineann Baineann ceann 45 de Scéim Ghinearálta Athbhreithnithe Bhille na Séadchomharthaí agus na hOidhreachta Seandálaíochta ón Rialtas leis na rialacha a bunaíodh faoi Choinbhinsiún UNIDROIT maidir le Réada Cultúrtha a Goideadh nó a Onnmhairíodh go Neamhdhleathach a ghlacadh isteach i ndlí na hÉireann; moladh sa Tuarascáil ón gCoimisiún go ndaingneofaí an Coinbhinsiún. Tá Ceann 31 ag teacht leis an moladh ón gCoimisiún á rá go dtabharfaí isteach foráil lena soiléirítear nach meastar gur “úinéirí aitheanta” iad úinéirí talún ar a n-aimsítear réada seandálaíochta, ar foráil í atá ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar bhealach éalaithe sa dlí reatha ar mhaithe le ceart úinéireachta a thabhairt don Stát.
Tuarascáil ar Dhíobhálacha Pearsanta: Íocaíochtaí Tréimhsiúla agus Comhshocraíochtaí Struchtúrtha LRC 54-1996Moladh go ndéanfaí dámhachtainí sealadacha agus comhshocraíochtaí struchtúrtha in éilimh shibhialta díobhála pearsanta.Foilsíodh sa Tuarascáil seo dréachtfhorálacha reachtachaCuid IVB (alt 51H go 51O) den Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961, arna cur isteach leis an Acht um Dhliteanas Sibhialta (Leasú), 2017 (féach freisin an Tuarascáil ghaolmhar ón nGrúpa Oibre um Íocaíochtaí as Díobhálacha Tubaisteacha): Modúl 1 (2010)).
Tuarascáil ar Ghearradh Pianbhreitheanna LRC 53-1996Recommended non-statutory sentencing guidelines; statutory discretion to reduce sentence where guilty plea enteredMoladh go ndéanfaí treoirlínte neamhreachtúla maidir le pianbhreitheanna a ghearradh; lánrogha reachtúil chun an phianbhreith a laghdú i gcás go dtaifeadtar pléadáil chiontach An tAcht um Cheartas Coiriúil, 1999, alt 29 (lánrogha na cúirte chun an phianbhreith a laghdú i gcás go dtaifeadtar pléadáil chiontach)
Tuarascáil ar Chúirteanna Teaghlaigh LRC 52-1996Rinneadh moltaí éagsúla maidir leis an dlí teaghlaigh agus lena riaradh Acht na Leanaí, 1997, alt 28 (caomhnóir a cheapadh le haghaidh dlíthíochta);
An tAcht um Dhliteanas Sibhialta agus Cúirteanna, 2004, alt 40 (athchóiriú na rialach i gcúirt iata);
Foilsíodh Scéim Ghinearálta Bille na gCúirteanna Teaghlaigh (Meán Fómhair 2020).
Tuarascáil ar an Meisce LRC 51-1995Moladh nach mbeadh an mheisce ina cosaint ghinearálta sa dlí coiriúil Foilsíodh sa Tuarascáil dréachtfhorálacha reachtacha Cuireadh é sin ar áireamh i gClár Oibre an Choiste Chomhairligh um Chódú an Dlí Choiriúil: féach www.criminalcode.ie
Scrúdú ar an Dlí um Bannaí LRC 50-1995D’iarr an tArd-Aighne ar an gCoimisiún forbhreathnú a thabhairt ar an dlí reatha i gcomhthéacs an leasaithe bhunreachtúil bheartaithe (a ceadaíodh ina dhiaidh sin tar éis reifreann ar Airteagal 40.4 a leasú: féach an tAcht um an Séú Leasú Déag ar an mBunreacht, 1996); níor iarradh air tograí sonracha a dhéanamh le haghaidh athchóiritheNí bhaineannLéiríodh leasú ar Airteagal 40.4 leis an Acht um an Séú Leasú ar an mBunreacht, 1996, san Acht um Bannaí, 1997
Tuarascáil ar Leasanna an Díoltóra agus an Cheannaitheora i dTalamh le linn na Tréimhse idir an Conradh agus an Cur i gCrích LRC 49-1995Moladh gur cheart úinéireacht thairbhiúil a aistriú i gcoitinne ar chonradh a dhéanamhCuireadh é sin ar áireamh sa dréacht-Bhille sa Tuarascáil ar Athchóiriú agus Nuachóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha LRC 74-2005 An tAcht um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha, 2009
Tuarascáil ar Choinbhinsiún na Háige lena gcuirtear deireadh leis an gCeangal Fíoraithe i gcás Doiciméad Poiblí Coigríche LRC 48-1995Moladh go ndaingneodh an Stát Coinbhinsiún na Háige, 1961Ní bhaineann Rialacha na nUaschúirteanna (Uimh. 1) (Cruthúnas ar Dhoiciméid Taidhleoireachta, Consalachta agus Poiblí Coigríche) 1999 (I.R. Uimh. 3 de 1999)
An tAcht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2008, alt 50
Tuarascáil ar Dhíspeagadh Cúirte LRC 47-1994Moladh go ndéanfaí athchóiriú reachtúil teoranta ar an dlí um dhíspeagadh cúirte Foilsíodh sa Tuarascáil dréachtfhorálacha reachtacha Scrúdaíodh díspeagadh cúirte an athuair sa Cheathrú Clár um Athchóiriú an Dlí (Tionscadal 4: Foilsíodh Páipéar Saincheisteanna: LRC IP 10-2016)
Tuarascáil ar Dhliteanas Áititheoirí LRC 46-1994Moladh go ndéanfaí athchóiriú ar rialacha faoin dlí coiteann agus go ndéanfaí rialáil reachtach Foilsíodh sa Tuarascáil dréachtfhorálacha reachtacha(a) An tAcht um Dhliteanas Áititheoirí, 1995
(b) An Plean Gníomhaíochta 2022 ón Roinn Dlí agus Cirt, mír 89.2: foilseofar leasú ar an Acht um Dhliteanas Áititheoirí i dtaca le glacadh saorálach fiontair ag cuairteoirí.
(c) An tAcht um Chúirteanna agus an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2023 (a mhéid a leasaítear leis an tAcht um Dhliteanas Áititheoirí, 1995)
Tuarascáil ar Chionta Neamh-Mharfacha in Aghaidh an Duine LRC 45-1994Moladh go ndéanfaí athchóiriú ar an dlí coiteann agus ar rialacha reachtúla maidir le cionta neamh-mharfacha, lena n-áirítear an chuid is mó den Offences against the Person Act 1861 a aisghairm Foilsíodh sa Tuarascáil dréachtfhorálacha reachtacha An tAcht um Chionta Neamh-Mharfacha in aghaidh an Duine, 1997
Tuarascáil ar an Dlí Talún agus Tíolactha: (5) Tuilleadh Tograí Ginearálta LRC 44-1992 Rinneadh moltaí éagsúla go ndéanfaí athchóiriú ar an dlí tiarnaí talún agus tionóntaíFoilsíodh sa Tuarascáil dréachtfhorálacha reachtacha An tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú), 1994
Tuarascáil ar Choinbhinsiún Vín de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le Conarthaí faoi Dhíol Idirnáisiúnta Earraí LRC 42-1992Moladh go ndaingneodh an Stát Coinbhinsiún VínNí bhaineann Ceadaíodh é sin sa tuarascáil ón nGrúpa Athbhreithnithe ar an Dlí Díolacháin (2011);
D’fhoilsigh an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta Dréacht-Scéim an Bhille um Chearta do Thomhaltóirí (Bealtaine 2015);
Tuarascáil ar an gCoir arb éard í Leabhal LRC 41-1991Moladh go ndéanfaí athchóiriú ar an dlí coiteann agus ar rialacha reachtúlaFoilsíodh sa Tuarascáil dréachtfhorálacha reachtacha An tAcht um Chlúmhilleadh, 2009
Tuarascáil ar an Dlí Talún agus Tíolactha: (4) Fógraí i dtaobh Cur i gCrích a Sheirbheáil LRC 40-1991Rinneadh moltaí éagsúla go ndéanfaí athchóiriú Cuireadh é sin ar áireamh sa dréacht-Bhille sa Tuarascáil ar Athchóiriú agus Nuachóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha LRC 74-2005 An tAcht um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha, 2009
Tuarascáil ar an Dlí Talún agus Tíolactha: (3) Aistriú an Phriacail ón Díoltóir chuig an gCeannaitheoir LRC 39-1991Rinneadh moltaí éagsúla go ndéanfaí athchóiriúCuireadh é sin ar áireamh sa dréacht-Bhille sa Tuarascáil ar Athchóiriú agus Nuachóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha LRC 74-2005 An tAcht um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha, 2009
Tuarascáil ar Mhionnaí agus ar Dhearbhuithe LRC 34-1990Rinneadh moltaí éagsúla le haghaidh athchóirithe, lena n-áirítear cur in ionad an Oaths Act 1888 Foilsíodh sa tuarascáil dréachtfhorálacha reachtacha, lena n-áirítear foirm mionnaCurtha chun feidhme go páirteach: Acht na Leanaí, 1997; rinneadh scrúdú ar athchóiriú mionnaí agus dearbhuithe an athuair sa Tríú Clár um Athchóiriú an Dlí (Tionscadail 7, 8 agus 11: féach anois LRC 117-2016)
Tuarascáil ar Chionta Gnéasacha in aghaidh Daoine Meabhair-Éislinneacha LRC 33-1990 Rinneadh moltaí éagsúla maidir le cionta gnéasacha le duine a bhféadfadh a chumas nó a cumas a bheith teoranta; cheanglófaí toiliú an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí chun imeachtaí a thionscnamh Foilsíodh sa Tuarascáil dréachtfhorálacha reachtacha An tAcht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 1993;
An tAcht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 1997.
Rinneadh scrúdú air sin an athuair faoin Tríú Clár um Athchóiriú an Dlí, féach LRC 109-2013, agus cuireadh chun feidhme é i gCuid 3 den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 2017.
Tuarascáil ar Mhí-Úsáid Ghnéasach Leanaí LRC 32-1990 Rinneadh moltaí éagsúla: tuairisciú éigeantach ar mhí-úsáid ghnéasach leanaí; díolúine dóibh siúd a thuairiscíonn mí-úsáid leanaí de mheon macánta; orduithe cúraim; orduithe urchoisc; cionta mí-úsáide gnéasaí leanaí; cionta gnéasacha toilithe agus neamhthoilithe le leanaí (den ghnéas céanna agus den ghnéas eile); fianaise fístaifeadta Foilsíodh sa Tuarascáil seo dréachtfhorálacha reachtacha An tAcht um Chúram Leanaí, 1991;
An tAcht um Fhianaise Choiriúil, 1992;
An tAcht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 1993;
An tAcht um Fhoréigean Baile, 1996
An tAcht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 1997;
An tAcht um Chosaintí do Dhaoine a Thuairisceoidh Drochúsáid Leanaí, 1998;
An tAcht um Cheartas Coiriúil (Faisnéis faoi Chionta in aghaidh Leanaí agus Daoine Soghonta a Choimeád Siar), 2012;
An tAcht um Thús Áite do Leanaí, 2015.
Tuarascáil ar an Dlí Talún agus ar Thíolacadh: (2) Cumhachtaí Marthanacha Aturnae LRC 31-1989 Moltaí maidir le saintréithe, le clárú agus le raon feidhme na cumhachta aturnaeFoilsíodh sa Tuarascáil dréachtfhorálacha reachtacha An tAcht um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas), 2015, Cuid 7; a tháinig in ionad an Achta um Chumhachtaí Aturnae, 1996
Tuarascáil ar an Dlí Talún agus ar Thíolacadh: (1) Tograí Ginearálta LRC 30-1989Moladh go ndéanfaí “5 bliana” a chur in ionad “3 bliana” le haghaidh tionóntacht nuaFoilsíodh sa Tuarascáil dréachtfhorálacha reachtacha An tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú), 1994
Tuarascáil ar Aithint Foraithní Coigríche LRC 29-1989Moladh go ndéanfaí bailíochtú ar uchtálacha coigríche a rinneadh in áit ghnáthchónaithe na n-uchtaitheoirí Foilsíodh sa Tuarascáil dréachtfhorálacha reachtacha An tAcht Uchtála, 2010, a tháinig in ionad an Achta Uchtála, 1991
Tuarascáil ar Bhailiú Fiach: (2) Teideal a Choinneáil LRC 28-1988Moladh go ndéanfaí leasuithe ar an Sale of Goods Act 1893 maidir le clásail coinneála teidil i gconarthaí díolacháin earraíFoilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Scéim an Bhille um Dhíol Earraí (Leasú)
Tuarascáil ar Bhailiú Fiach: (1) An Dlí a Bhaineann le Sirriamaí LRC 27-1988 Rinneadh moltaí éagsúla maidir le cumhachtaí sirriamaí, lena n-áirítear deireadh a chur le cumhacht sirriamaí chun talamh léasachta a urghabháil Foilsíodh sa Tuarascáil dréachtfhorálacha reachtachaCurtha chun feidhme go páirteach: An tAcht um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha, 2009, alt 130;
Cuireadh ar áireamh é sin sa Tuarascáil ar Achtanna na gCúirteanna a Chomhdhlúthú agus a Athchóiriú LRC 97-2010
Tuarascáil ar Dhamáiste Mailíseach LRC 26-1988Rinneadh moltaí éagsúla, lena n-áirítear deireadh a chur leis an gcion faoin dlí coiteann arb éard é coirloscadh, agus rinneadh moltaí éagsúla maidir le horduithe cúitimh a dhéanamh Foilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille um Dhamáiste CoiriúilAn tAcht um Dhamáiste Coiriúil, 1991:
An tAcht um Cheartas Coiriúil, 1993
Tuarascáil ar an Riail i gCoinne Clostráchta i gCásanna Sibhialta LRC 25-1988Rinneadh moltaí éagsúla go ndéanfaí athchóiriú ar rialacha clostráchta faoin dlí coiteann i gcásanna sibhialtaFoilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille um Chlostrácht in Imeachtaí Sibhialta Curtha chun feidhme go páirteach: Acht na Leanaí, 1997 (fianaise leanaí).
Rinneadh scrúdú ar chlostrácht an athuair sa Tríú Clár um Athchóiriú an Dlí (Tionscadal 8: féach LRC 117-2016), agus cuireadh athchóirithe ar chlostrácht maidir le hinghlacthacht taifead gnó i gcásanna sibhialta chun feidhme i gCuid 3, Caibidil 3 (ailt 12 go 19), den Acht um an Dlí Sibhialta agus an Dlí Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2020.
Tuarascáil ar Bhanéigean agus Cionta Gaolmhara LRC 24-1988Moladh go dtabharfaí isteach cion nua arb éard é earraí goidte a láimhseáil: féach freisin an Tuarascáil ar an Dlí a Bhaineann le Mímhacántacht, LRC 43-1992, thuas; agus moladh go ndéanfaí eisceacht chuimsithe taifead gnó ar riail an chlostráchtaFoilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille um an Dlí Coiriúil (Banéigean) (Leasú) An tAcht um Ghoid, 1990;
An tAcht um Fhianaise Choiriúil, 1992;
An tAcht um Cheartas Coiriúil (Cionta Gadaíochta agus Calaoise), 2001
Tuarascáil ar Choinbhinsiún na Háige ar Sheirbheáil Doiciméad Dlíthiúil agus Seachdhlíthiúil in Ábhair Shibhialta nó Thráchtála ar an gCoigríoch LRC 22-1987Moladh go ndaingneodh an Stát an Coinbhinsiún Ní bhaineann Rialacha na nUaschúirteanna (Uimh. 3), 1994;
Na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997 (roimhe sin: Na Rialacha Cúirte Dúiche (Doiciméid in Ábhair Shibhialta nó Thráchtála a Sheirbheáil Thar Lear), 1994
Tuarascáil ar Reacht na dTréimhsí: Íocaíochtaí i leith Díobhálacha Pearsanta Folaithe LRC 21-1987Moladh gur cheart an tréimhse teorann a thosú ar an dáta ar a dtagtar ar an eolas faoi fhíorais áiritheFoilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille um Reacht na dTréimhsí (Leasú) An tAcht um Reacht na dTréimhsí (Leasú), 1991
Tuarascáil ar Dhlínse in Imeachtaí maidir le Neamhniú Pósta, Aithint Foraithní Neamhnithe Coigríche agus Coinbhinsiún na Háige LRC 20-1985Moladh go ndéanfaí rialacha sonracha maidir le dlínse agus gur cheart don Stát an Coinbhinsiún a dhaingniúFoilsíodh sa Tuarascáil dréachtfhorálacha reachtacha An tAcht um an Dlí Teaghlaigh, 1995
Tuarascáil ar Ghnéithe den Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach maidir le Cumas Pósadh agus Rogha Dlí in Imeachtaí maidir le Neamhniú Pósta LRC 19-1985Rinneadh moltaí éagsúla maidir le haithint neamhnithe coigrícheFoilsíodh sa Tuarascáil dréachtfhorálacha reachtacha
Tuarascáil ar an Dliteanas i dTort atá ar Dhaoine faoi Mhíchumas Meabhrach LRC 18-1985 Rinneadh moltaí éagsúla maidir le réim dliteanais i dtort. Foilsíodh sa Tuarascáil dréachtfhorálacha reachtacha
Tuarascáil ar an Dliteanas i dTort atá ar Mhionaoisigh agus ar an Dliteanas atá ar Thuismitheoirí as Damáiste a Rinne Mionaoisigh LRC 17-1985Rinneadh moltaí éagsúla maidir le réim dliteanais i dtort. Foilsíodh sa Tuarascáil dréachtfhorálacha reachtacha
Tuarascáil ar Choinbhinsiún na Háige maidir le Fianaise a Ghlacadh ar an gCoigríoch in Ábhair Shibhialta nó Thráchtála LRC 16-1985Moladh go ndaingneodh an Stát an CoinbhinsiúnNí bhaineannRinneadh scrúdú ar fhianaise a ghlacadh ar an gcoigríoch an athuair sa Tríú Clár um Athchóiriú an Dlí: féach an Tuarascáil ar Achtanna na gCúirteanna a Chomhdhlúthú agus a Athchóiriú LRC 97-2010.
Tuarascáil ar Chonarthaí Mionaoiseach LRC 15-1985Rinneadh moltaí éagsúla maidir le réim dliteanais i ndlí na gconarthaí.Foilsíodh sa Tuarascáil dréachtfhorálacha reachtachaD’fhoilsigh an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta Dréacht-Scéim an Bhille um Chearta do Thomhaltóirí (Bealtaine 2015);
Seisiún Earraigh Chlár Reachtaíochta an Rialtais, 2021: Foilseofar Bille um Chearta do Thomhaltóirí
Tuarascáil ar Chionta faoi Achtanna Póilíneachta Bhaile Átha Cliath agus Cionta Gaolmhara LRC 14-1985Moladh go ndéanfaí athchóiriú ar chionta oird phoiblíFoilsíodh sa Tuarascáil dréachtfhorálacha reachtacha An tAcht um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí), 1994
Tuarascáil ar Inniúlacht agus Inordaitheacht Céilí mar Fhinnéithe LRC 13-1985 Moladh go mbeadh an céile nó an t-iarchéile inniúil chun fianaise a thabhairtFoilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille um Fhianaise Choiriúil An tAcht um Fhianaise Choiriúil, 1992
Tuarascáil ar Choinbhinsiún na Háige ar na Gnéithe Sibhialta a Bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí agus Roinnt Nithe Gaolmhara LRC 12-1985Moladh go ndaingneodh an Stát an Coinbhinsiún Ní bhaineann An tAcht um Fhuadach Leanaí agus Forghníomhú Orduithe Coimeádta, 1991
Tuarascáil ar Shruthaireacht agus Cionta Gaolmhara LRC 11-1985Moladh go gcuirfí deireadh leis an gcion, sa Vagrancy Act 1824, arb éard é fánaíocht thar lear; moladh go dtabharfaí isteach cionta nua arb éard iad dul isteach i bhfoirgneamh le hintinn cion a dhéanamh; sireadh nó tathant chun cion gnéasach a dhéanamh; maireachtáil ar thuilleamh ón striapachasFoilsíodh sa Tuarascáil dréachtfhorálacha reachtacha Acht na dTithe, 1988;
An tAcht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 1993;
An tAcht um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí), 1994
Tuarascáil ar Aithint Colscarthaí Coigríche agus Idirscarthaí Dlíthiúla LRC 10-1985Moladh go mbeadh cónaí mar bhunús le haithint san áit chónaithe Foilsíodh sa Tuarascáil dréachtfhorálacha reachtachaAn tAcht um Shainchónaí agus Aithint Colscarthaí Coigríche, 1986;
An tAcht um an Dlí Teaghlaigh, 1995
Tuarascáil ar Neamhniú Pósta LRC 9-1984 Moladh go ndéanfaí athchóiriú agus códú ar rialacha faoin dlí coiteann Foilsíodh sa Tuarascáil dréachtfhorálacha reachtacha
Tuarascáil ar Divorce a Mensa et Thoro agus Nithe Gaolmhara LRC 8-1983 Moladh go ndéanfaí idirscaradh breithiúnach reachtúil a chur in ionad colscaradh dlí choitinn a mensa et thoroFoilsíodh sa Tuarascáil dréachtfhorálacha reachtacha An tAcht um Idirscaradh Breithiúnach agus Athchóiriú an Dlí Teaghlaigh, 1989;
An tAcht um an Dlí Teaghlaigh, 1995
Tuarascáil ar Shainchónaí agus Gnáthchónaí mar Thosca Ceangailte san Easaontacht Dlíthe LRC 7-1983 Moladh go gcuirfí deireadh le sainchónaí cleithiúnaisFoilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille um Easaontacht Dlíthe (Gnáthchónaí) An tAcht um Shainchónaí agus Aithint Colscarthaí Coigríche, 1986
Tuarascáil ar Aiseag Chearta an Phósta, Maíomh Bréagach an Phósta agus Nithe Gaolmhara LRC 6-1983Moladh go gcuirfí deireadh le himeachtaí le haghaidh cearta an phósta a athbhunú, agus le hachainí chun pósadh a mhaíomh go bréagachFoilsíodh sa Tuarascáil dréachtfhorálacha reachtacha An tAcht um an Dlí Teaghlaigh, 1988;
An tAcht um an Dlí Teaghlaigh, 1995
Tuarascáil ar an Lán-Aois, Aois an Phósta agus Roinnt Ábhair Ghaolmhara LRC 5-1983 Moladh go laghdófaí an lánaois ó 21 bhliain d’aois go 18 mbliana d’aois; agus rinneadh moladh maidir le haois an phósta Foilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille um Lán-AoisAn tAcht um Lán-Aois, 1985;
An tAcht um an Dlí Teaghlaigh, 1995;
An tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1997
Tuarascáil ar Neamhdhlisteanacht LRC 4-1982 Moladh go gcuirfí deireadh le stádas neamhdhlisteanachta; moladh nach mbeadh aon tionchar ag stádas pósta tuismitheoirí ar stádas leanaí; agus moladh gur cheart a cheadú don chúirt a tátail féin a bhaint as an gcás dá ndiúltófaí tástáil fola a thabhairt in imeachtaí atharthachta Foilsíodh sa Tuarascáil dréachtfhorálacha reachtacha An tAcht um Stádas Leanaí, 1987.
Rinneadh scrúdú ar chlárú agus caomhnóireacht athair an linbh an athuair sa Tríú Clár um Athchóiriú an Dlí: féach LRC 101-2010, agus an tAcht um Leanaí agus Cóngais Teaghlaigh, 2015, Cuid 4
Tuarascáil ar Áitribh Lochtacha LRC 3-1982Moladh go ndéanfaí foráil reachtúil chun ceannaitheoirí a chosaint ar áitribh lochtachaFoilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille um Áitribh Lochtacha(a) Tugadh an scéim HomeBond, ar scéim neamhreachtúil í, isteach
(b) An Bille um Theaghaisí Lochtacha, 2021 [cuireadh an díospóireacht dara céim ar siúl an 9 Samhain 2023]
Tuarascáil ar Dhliteanas Sibhialta i leith Ainmhithe LRC 2-1982Moladh go ndéanfaí athchóiriú ar rialacha faoin dlí coiteann maidir le damáiste a rinneadh de dheasca ainmhithe a bheith ag dul ar strae isteach ar bhóthar poiblí; agus cumhachtaí an Gharda Síochána Foilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille na nAinmhithe Acht na nAinmhithe, 1985
Tuarascáil ar an Dlí Teaghlaigh LRC 1-1981 Moladh go gcuirfí deireadh le héileamh sibhialta faoin dlí coiteann i leith comhrá coiriúil agus i leith céile a dhídeanú, agus moladh go gcuirfí deireadh le héileamh sibhialta i leith sárú gealltanais pósta Foilsíodh sa Tuarascáil Dréacht-Bhille um an Dlí TeaghlaighCurtha chun feidhme go páirteach: An tAcht um an Dlí Teaghlaigh, 1981

Cláraigh chun ár nuachtlitir a fháil

Cláraigh le nuachtlitir an Choimisiúin um Athchóiriú an Dlí chun an nuacht, an t-eolas is deireanaí agus an fhaisnéis ar fad a fháil faoinár gcuid oibre.