Achtanna Athbhreithnithe

Foilsíonn an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí Achtanna Athbhreithnithe mar chuid dá mhisean an dlí a choinneáil faoi athbhreithniú agus inrochtana. Tá breis is 550 Acht Athbhreithnithe foilsithe aige go dtí seo.

Cad is Acht Athbhreithnithe ann?

Is é is Acht Athbhreithnithe ann comhdhlúthú riaracháin ar an Acht lena mbaineann. Leis an Acht Athbhreithnithe, tugtar na leasuithe agus na hathruithe uile ar Acht ar leith le chéile ina dtéacs aonair, rud a dhéanann an dlí níos inrochtana do gach úsáideoir. In Éirinn, a luaithe a achtaítear Acht ar thopaic dhlíthiúil shonrach, is minic a leasaítear é ina dhiaidh sin. Mar shampla, leasaíodh an tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, nó rinneadh difear dó ar shlí eile, le breis agus 160 ceann d’Achtanna agus d’Ionstraimí Reachtúla ó achtaíodh ar dtús é. Maidir leis an gcleachtadh costasach a bhaineann leis na leasuithe a rinneadh ar Acht 2000 a chur le chéile, a léamh agus a thuiscint, seachnaítear é a bhuí le leagan comhdhlúite Achta Athbhreithnithe den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, a bheith ar fáil.

 

Cé na hAchtanna a Athbhreithníodh?

Ó leagadh freagracht fheidhmiúil ar an gCoimisiún as an réimse seo sa bhliain 2006, d’fhoilsigh sé breis agus 500 Acht Athbhreithnithe. Is féidir iad seo a fheiceáil anseo.

Cuimsíonn siad sin:

  • Thart ar 170 ceann d’Achtanna réamh-2004, amhail an tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, a roghnaíodh ar bhonn chomhairliúchán poiblí an Choimisiúin maidir leis na hAchtanna is minice a úsáidtear; agus
  • Na hAchtanna uile a achtaíodh ón mbliain 2004 i leith agus a ndearnadh leasuithe ar a dtéacs (seachas an tAcht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005, atá á ullmhú faoi láthair, agus na hAchtanna Airgeadais).

Déanann an Coimisiún gach ceann de na hAchtanna sin a chothabháil ar bhonn leanúnach. Ina theannta sin, toisc go bhfuil sé tiomanta do leaganacha Athbhreithnithe de na hAchtanna uile a achtaíodh ón mbliain 2004 i leith a fhoilsiú (seachas na heisceachtaí atá luaite), cuimsíonn an liosta d’Achtanna Athbhreithnithe foilsithe anois céatadán suntasach de na hAchtanna is mó a úsáidtear atá i bhfeidhm go fóill sa Stát.
Is féidir leaganacha roimhe d’Achtanna Athbhreithnithe a fheiceáil trí chliceáil ar an tsiombail thriantánach ar thaobh na láimhe deise den liosta.

Barúlacha agus Aiseolas

Iarrann an Coimisiún barúlacha agus aiseolas úsáideora maidir lena chuid Achtanna Athbhreithnithe foilsithe ar an lucht dlí agus ar an bpobal. Seol aon bharúlacha chuig revisedacts@lawreform.ie.

Féachann sé le cur leis an stoc Achtanna Athbhreithnithe chun tuilleadh Achtanna a úsáidtear go minic a chur ar fáil san fhoirm chomhdhlúite sin

Cláraigh chun ár nuachtlitir a fháil

Cláraigh le nuachtlitir an Choimisiúin um Athchóiriú an Dlí chun an nuacht, an t-eolas is deireanaí agus an fhaisnéis ar fad a fháil faoinár gcuid oibre.