Tionscadail Reatha

Gnéithe den Dlí Teaghlaigh (Aithint dhlíthiúil colscarthaí coigríche)

Cúlra

I roinnt aighneachtaí a rinneadh chuig an gCoimisiún, cuireadh ábhair imní in iúl maidir le héiginnteacht i ndáil le haithint colscarthaí coigríche. Tá an tástáil reatha, ar dheimhnigh an Chúirt Uachtarach í in H v H, bunaithe ar cé acu a bhí nó nach raibh sainchónaí ar chéile amháin sa dlínse eachtrach, seachas ar cé acu a bhí nó nach raibh gnáthchónaí air/uirthi inti.

 

Tionscadal

Beartaítear an méid seo a leanas a scrúdú sa tionscadal seo:

  • An Tástáil Reatha le haghaidh Aithint Colscarthaí Coigríche: In H v H, chinn an Chúirt Uachtarach gurb í sainchónaí, agus ní gnáthchónaí, a chinneann an aithint. I gcás sainchónaithe, is gá measúnú a dhéanamh ar an rún atá ag duine fanacht i ndlínse, rud ar féidir leis a bheith casta. I gcomparáid leis sin, tá gnáthchónaí bunaithe ar imthosca fíorasacha agus is féidir leis a bheith níos simplí.
  • Athchóiriú Féideartha: Thug an Chúirt Uachtarach le fios go bhféadfaí an tástáil a athrú go gnáthchónaí le reachtaíocht. Breithneofar sa tionscadal cé acu atá nó nach bhfuil athchóiriú den sórt sin cuí.
  • Saincheisteanna Gaolmhara: Is féidir go n-athbhreithneofar sa tionscadal freisin aithint póstaí polagamacha agus seachphóstaí, mar a mhol an Chúirt Uachtarach in HAH v SAA agus Daoine Eile, agus í ag rá go mbainfeadh na réimsí sin tairbhe as scrúdú breise.

 

Na chéad chéimeanna eile

Déanfaidh an Coimisiún raon feidhme an tionscadail a mheas go críochnúil chun na príomh-shaincheisteanna a shainaithint, agus seolfaidh sé comhairliúchán ar thograí le haghaidh athchóirithe

 

Doiciméid

Cuirfear nuashonruithe leis ag dáta níos déanaí.

 

An tEolas is Deireanaí

Cuirfear nuashonruithe leis ag dáta níos déanaí.

Cláraigh chun ár nuachtlitir a fháil

Cláraigh le nuachtlitir an Choimisiúin um Athchóiriú an Dlí chun an nuacht, an t-eolas is deireanaí agus an fhaisnéis ar fad a fháil faoinár gcuid oibre.