An tUasal Owen Ó Súilleabháin

Coimisinéir

An tUasal Owen Ó Súilleabháin

Tá Owen O’Sullivan ina Chomhairleoir i Rannán Dlíthíochta agus Imscrúduithe William Fry. Bhí sé ina Chomhpháirtí Bainistíochta ar an ngnólacht ón mbliain 2020 go dtí an bhliain 2024 agus bhí sé ina cheann ar Rannán Dlíthíochta agus Imscrúduithe William Fry ón mbliain 2005 go dtí an bhliain 2020. Is céimí de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus de chuid Dhlí-Chumann na hÉireann é, agus ligeadh é isteach i rolla na n-aturnaetha sa bhliain 1989.

Sa chleachtas, déanann Owen speisialtóireacht i ndíospóidí tráchtála mórscála, go háirithe díospóidí scairshealbhóirí agus díospóidí infheistíochta, mar aon le díospóidí agus obair chomhairleach san earnáil airgeadais. Tá taithí fhairsing aige ar imeachtaí rialála ar fud a lán earnálacha tionscail agus ar Bhinsí, ar Fhiosrúcháin agus ar Imscrúduithe.

Aithnítear é go seasta mar phríomhaturnae in Chambers Global agus in The Legal 500 EMEA, arb eolairí dlí idirnáisiúnta iad.

D’fhóin Owen mar chomhalta de Choiste Dlíthíochta an Dlí-Chumainn ar feadh sé bliana, agus tá sé ina chomhalta den Chomhlachas Barra Idirnáisiúnta le blianta fada anuas. Bhí sé ina chomhalta coiste bunaidh de Chomhlachas Dlíthíochta Tráchtála na hÉireann, agus é ina Chathaoirleach ar an gComhlachas ina dhiaidh sin. Tá sé ina Idirghabhálaí creidiúnaithe de chuid Fhoras Bainistíochta na hÉireann freisin.

Fill ar na coimisinéirí