Is é Damien Moloney an Coimisinéir lánaimseartha sa Choimisiún um Athchóiriú an Dlí, tar éis dó tús a chur lena cheapachán i mí Aibreáin 2026. Bhí Damien ina Ard-Stiúrthóir ar Oifig an Ard-Aighne roimhe seo (2017-2026), áit ar threoraigh sé an Oifig maidir leis na caighdeáin is airde seirbhísí dlí a sholáthar don Rialtas agus do Ranna agus Oifigí Rialtais. Státseirbhíseach sinsearach agus ceann neamhpholaitiúil na hOifige is ea an tArd-Stiúrthóir. Tá sé freagrach as bainistíocht éifeachtach éifeachtúil na hOifige, lena n-áirítear freagrachtaí airgeadais ar leith a chomhlíonadh, pleanáil straitéiseach agus treo straitéiseach a sholáthar, aschuir agus torthaí a sholáthar, agus aghaidh a thabhairt ar nithe trasnaí a bhaineann leis an Oifig. Mar Oifigeach Cuntasaíochta, bíonn sé cuntasach os comhair Coistí Oireachtais, de réir mar is gá, freisin. Tá breis agus tríocha bliain de thaithí ar an dlí poiblí ag Damien, tar éis dó dul isteach in Oifig an Ard-Aighne sa bhliain 1995. Bhí príomhról aige maidir le freagairt dhlíthiúil an Stáit a sholáthar le linn roinnt géarchéimeanna suntasacha a rinne difear don Stát, lenar áiríodh an ghéarchéim airgeadais/baincéireachta, an Breatimeacht agus paindéim Covid. Bhí Damien ina abhcóide sóisearach a bhí ag obair sa leabharlann dlí agus i gCuaird an Oirdheiscirt (1988-1995), agus cleachtas ginearálta dlí shibhialta aige. Tá céimeanna bainte amach ag Damien ó roinnt institiúidí tríú leibhéal, lena n-áirítear Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Óstaí an Rí, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Scoil Ghnó Smurfit sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus Institiúid na Stiúrthóirí. Réimse spéise ar leith atá ag Damien is ea rialachas corparáideach. Trína chuid oibre in Oifig an Ard-Aighne agus ar Bhord Bainistíochta na Státseirbhíse, rannchuidigh Damien le feabhas a chur ar rialachas in Oifig an Ard-Aighne agus ar fud Ranna agus Oifigí Rialtais araon.
An tUasal Damien Moloney
Coimisinéir