Príomh-Bhreitheamh na hÉireann ó mhí Iúil 2017 go mí Dheireadh Fómhair 2021 ba ea an Breitheamh Onórach Frank Clarke.
Rugadh é i mBaile Bhailcín, Baile Átha Cliath, i mí Dheireadh Fómhair 1951, agus fuair sé a chuid oideachais ag Scoil Bráithre Críostaí Chaisleán Dhroimeanaigh agus ag an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, áit ar bronnadh céim BA sa Mhatamaitic agus san Eacnamaíocht air (1972).
Tar éis dó a chuid staidéir dlí a chríochnú ag Óstaí an Rí, glaodh chun an Bharra é sa bhliain 1973 agus glaodh chun Barra na Sinsear é sa bhliain 1985. Chleacht sé go príomha i réimsí an dlí tráchtála agus an dlí phoiblí (lenar áiríodh an dlí bunreachtúil), agus cheap an Chúirt Uachtarach é faoi dhó mar abhcóide chun argóint a chur i láthair maidir le Billí a tharchuir an tUachtarán chuig an gCúirt Uachtarach faoi Airteagal 26 den Bhunreacht.
Le linn dó a bheith ag an mBarra, d’fhóin an Breitheamh Onórach Clarke ar Chomhairle an Bharra le blianta fada. Áiríodh leis sin an téarma dhá bhliain (1993-1995) a chaith sé mar Chathaoirleach ar an gComhairle. D’fhóin sé mar Chathaoirleach ar Chomhairle Óstaí an Rí ón mbliain 1999 go dtí an bhliain 2004 freisin. Bhí sé ina chomhalta de Chomhairle an Chomhlachais Barra Idirnáisiúnta ón mbliain 1997 go dtí an bhliain 2004, agus é ina chomh-Chathaoirleach ar an bhFóram d’Abhcóidí (an comhlacht ionadaíoch idirnáisiúnta do na barraí neamhspleácha tarchuir) ón mbliain 1998 go dtí an bhliain 2002.
Ceapadh an Breitheamh Onórach Clarke mar bhreitheamh den Ard-Chúirt i mí na Samhna 2004. Le linn dó a bheith ina bhreitheamh den Ard-Chúirt, bhí sé ina chathaoirleach ar an gCoimisiún Reifrinn maidir leis an 28ú Leasú ar an mBunreacht (Conradh Liospóin II) sa bhliain 2009. Ceapadh an Breitheamh Onórach Clarke mar bhreitheamh den Chúirt Uachtarach i mí an Mhárta 2012. Tá an Príomh-Bhreitheamh Clarke ina chomhalta den phainéal dá bhforáiltear in Airteagal 255 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ó mhí an Mhárta 2018 i leith.
Sa réimse acadúil, bhí an Breitheamh Onórach Clarke ina ollamh ag Óstaí an Rí ón mbliain 1978 go dtí an bhliain 1985 agus tá sé ina Bhreitheamh Cónaithe ag Coláiste Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath, ón mbliain 2010 i leith. Ceapadh é mar Ollamh Taca ag Scoil an Dlí i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, i mí Mheán Fómhair 2012, agus ceapadh é mar Ollamh Taca ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, sa bhliain 2013. Bronnadh Gradam Comhaltachta Céimniúla Choláiste Uí Ghríofa air sa bhliain 2017, agus ceapadh é mar Leas-Seansailéir ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i mí an Mhárta 2022.
Tá an Breitheamh Onórach Clarke ina chathaoirleach ar Ghrúpa Athbhreithnithe um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta, rud a bunaíodh i mí an Mheithimh 2022 chun athbhreithniú a dhéanamh ar an scéim um chúnamh dlíthiúil sibhialta. Ceapadh é mar Uachtarán ar an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí i mí Iúil 2022.Mr. Justice Clarke is chair of a Civil Legal Aid Review Group, which was established in June 2022 to review the civil legal aid scheme. He was appointed President of the Law Reform Commission in July 2022.