Rochtain ar Reachtaíocht

Gné ríthábhachtach d’obair an Choimisiúin is ea reachtaíocht a dhéanamh níos inrochtana don phobal. Táirgeann an Coimisiún roinnt bunachar sonraí éagsúil agus roinnt uirlisí éagsúla, agus coinníonn sé ar bun iad, chun é sin a éascú. Tá gach ceann díobh ar fáil saor in aisce ar líne.

An tEolaire Reachtaíochta

Is é atá san Eolaire Reachtaíochta ná innéacs atá ar fáil go poiblí agus lena rianaítear athruithe ar reachtaíocht phríomha ón tréimhse réamh-1922 agus ón tréimhse iar-1922 agus athruithe ar reachtaíocht thánaisteach ón mbliain 1972 i leith.

Achtanna Athbhreithnithe

Is é is Acht Athbhreithnithe ann comhdhlúthú riaracháin ar an Acht lena mbaineann. Leis an Acht Athbhreithnithe, tugtar na leasuithe agus na hathruithe uile ar Acht ar leith le chéile ina dtéacs aonair, rud a dhéanann an dlí níos inrochtana do gach úsáideoir.

An Liosta Aicmithe de na hAchtanna atá i bhFeidhm

Is é atá sa Liosta Aicmithe ná liosta inchuardaithe de na hAchtanna agus de na hionstraimí reachtúla atá i bhfeidhm, agus iad eagraithe faoi 36 cheannteideal ábhair, amhail an Dlí Tráchtála, an Dlí Coiriúil, an Dlí Fostaíochta, an Comhshaol, an Dlí Teaghlaigh, an Dlí Talún, agus Cánachas.

An Clár um Athchóiriú an Dlí Reachtúil

Leis an gClár um Athchóiriú an Dlí Reachtúil, déantar athbhreithniú ar reachtaíocht réamh-1922 chun a chinneadh cé na dlíthe ba cheart a choimeád agus cé na dlíthe ba cheart a chúlghairm. Cinntíonn sé sin go mbíonn leabhar reachtanna na hÉireann cothrom le dáta, cruinn agus inrochtana don phobal.

Cláraigh chun ár nuachtlitir a fháil

Cláraigh le nuachtlitir an Choimisiúin um Athchóiriú an Dlí chun an nuacht, an t-eolas is deireanaí agus an fhaisnéis ar fad a fháil faoinár gcuid oibre.