Scéim Foilsitheoireachta Saorála Faisnéise

Is comhlacht poiblí “nua” faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014, é an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí agus, de réir an mhínithe ar “dáta éifeachtach” atá in alt 2(c) d’Acht 2014, tá feidhm ag an Acht maidir le taifid atá i seilbh an Choimisiúin ón 21 Aibreán 2008 i leith.

Is leagtha amach thíos atá an Scéim Foilsitheoireachta Saorála Faisnéise atá á foilsiú againn faoi Acht 2014. Leagtar amach sa Scéim raon faisnéise faoin gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí agus tá sí rangaithe faoi na sé cheannteideal atá molta faoi alt 8 d’Acht 2014.

 

1) Ról agus Freagrachtaí

Tá cúigear comhaltaí ag an gCoimisiún: an tUachtarán, Coimisinéir lánaimseartha, agus triúr Coimisinéirí páirtaimseartha. Is féidir tuilleadh faisnéise cúlra maidir le gach duine díobh a fháil anseo. Faigheann an Coimisiún tacaíocht ó roinnt ball foirne taighde agus riaracháin, mar atá leagtha amach ina chairt eagraíochta (insert a link to recent org chart). Rialaítear pá agus grádú na mball foirne sin leis na beartais iomchuí, mar atá leagtha amach ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, agus feidhmíonn an Coimisiún freisin faoi Chód Caighdeán agus Iompraíochta na Státseirbhíse.

Seo a leanas an raon taifead atá i seilbh an Choimisiúin agus a fhéadfar a eisiúint:

  • Riarachán Ginearálta
  • Cuntais/Taifid Chaiteachais
  • Clár Sócmhainní
  • Aighneachtaí (seachas aighneachtaí a thugtar i modh rúin agus lena gcruthófaí an baol go gcuirfí as do chumas an Choimisiúin taighde a dhéanamh amach anseo dá n-eiseofaí iad agus/nó a mbeadh sé neamhdhleathach iad a eisiúint ar shlí eile)
  • Treoirlínte agus ciorcláin ón Státseirbhís nó ón tSeirbhís Phoiblí
  • Tuarascálacha Bliantúla
  • Ráitis Straitéise

Má theastaíonn aon fhaisnéis bhreise uait, ná bíodh aon leisce ort teagmháil a dhéanamh linn.

 

2) Ár Seirbhísí

Foilseacháin

An tEolaire Reachtaíochta

An Liosta Aicmithe Reachtaíochta

Achtanna Athbhreithnithe

 

3) Faisnéis Airgeadais

Is féidir ár Ráitis Airgeadais a fháil inár dTuarascálacha Bliantúla

 

2020

Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 1 de 2020

Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 2 de 2020

Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 3 de 2020

Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 4 de 2020

 

2021

Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 1 de 2021

Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 2 de 2021

Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 3 de 2021

Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 4 de 2021

 

2022

Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 1 de 2022

Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 2 de 2022

Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 3 de 2022

Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 4 de 2022

 

2023

Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 1 de 2023

Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 2 de 2023

Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 3 de 2023

Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 4 de 2023

 

2024

Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 1 de 2024

Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 2 de 2024

Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 3 de 2024

Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 4 de 2024

 

2025

Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 1 de 2025

Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 2 de 2025

Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 3 de 2025

 

 

4) Feidhmeanna agus Próiseas Cinnteoireachta an Choimisiúin

Feidhmeanna an Choimisiúin

Tá an Coimisiún ina chomhlacht reachtúil a bunaíodh leis an Acht fán gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí, 1975, lena gceanglaítear ar an gCoimisiún an dlí a choimeád faoi bhreithniú agus taighde a sheoladh d’fhonn an dlí a athchóiriú. Faigh tuilleadh faisnéise faoinár bhfeidhmeanna anseo.

Rud eile atá i gceist le hobair an Choimisiúin is ea reachtaíocht a dhéanamh níos inrochtana don phobal. Táirgeann an Coimisiún roinnt táirgí a bhaineann le rochtain ar reachtaíocht. Faigh tuilleadh faisnéise fúthu anseo.

Próiseas Cinnteoireachta an Choimisiúin

Comhaltaí an Choimisiúin

Tá cúigear comhaltaí ag an gCoimisiún: an tUachtarán, Coimisinéir lánaimseartha, agus triúr Coimisinéirí páirtaimseartha. Is é an Rialtas a cheapann na Coimisinéirí ar feadh téarma cúig bliana ar a mhéad, agus féadfar a gceapachán a athnuachan.
Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil anseo.

Coiste Bainistíochta an Choimisiúin

Cuimsíonn Coiste Bainistíochta an Choimisiúin an Coimisinéir lánaimseartha, an Ceann Riaracháin, an Stiúrthóir Taighde, na Leas-Stiúrthóirí Taighde, an Bainisteoir um Rochtain ar Reachtaíocht, na Leas-Bhainisteoirí um Rochtain ar Reachtaíocht, an Ceann Gnóthaí Corparáideacha, agus an Bainisteoir Leabharlainne agus Faisnéise. Tagann an Coiste Bainistíochta le chéile ar bhonn tráthrialta – ar bhonn míosúil de ghnáth agus roimh chruinnithe foirmiúla an Choimisiúin – chun athbhreithniú a dhéanamh ar na mór-shaincheisteanna uile a bhaineann le hoibriú éifeachtúil éifeachtach an Choimisiúin.

 

5) Soláthar

Beartais Soláthair

Tairiscintí Reatha

 

6) Faisnéis a Fhoilsítear go Rialta

Treoir maidir le Saoráil Faisnéise

Foirm Iarratais Saorála Faisnéise (Béarla)

Foirm Iarratais Saorála Faisnéise (Gaeilge)

Loga Saorála Faisnéise

Foilseacháin Tionscadail an Choimisiúin

Achtanna Athbhreithnithe

Tuarascálacha Bliantúla agus Ráitis Straitéise

Doiciméad maidir le Nochtadh Cosanta, Iúil 2017

Athbhreithniú an Fhorais Riaracháin 2023

Cláraigh chun ár nuachtlitir a fháil

Cláraigh le nuachtlitir an Choimisiúin um Athchóiriú an Dlí chun an nuacht, an t-eolas is deireanaí agus an fhaisnéis ar fad a fháil faoinár gcuid oibre.