An tEolaire Reachtaíochta

Tá an tEolaire Reachtaíochta ina fhoinse ríthábhachtach faisnéise d’aon duine a oibríonn le reachtaíocht, agus féachann an Coimisiún le hé a nuashonrú ar bhonn seachtainiúil.

Cad atá san Eolaire Reachtaíochta?

Is é atá san Eolaire Reachtaíochta ná innéacs atá ar fáil go poiblí agus lena rianaítear athruithe ar reachtaíocht phríomha ón tréimhse réamh-1922 agus ón tréimhse iar-1922 agus athruithe ar an reachtaíocht thánaisteach ar fad ón mbliain 1972 i leith. Ní fhoilsítear an tEolaire Reachtaíochta a thuilleadh, ach tá na táblaí iomchuí nasctha ó gach leathanach de na hAchtanna agus de na hIonstraimí Reachtúla ar Ríomhleabhar Reachtanna na hÉireann

Tá an tEolaire Reachtaíochta ina fhoinse ríthábhachtach faisnéise d’aon duine a oibríonn le reachtaíocht. Is féidir é a úsáid chun na leasuithe uile lena ndéantar difear d’aon phíosa reachtaíochta ar bith a sheiceáil. Is é an príomhinnéacs le haghaidh an dlí a dhéanamh inrochtana d’úsáideoirí.

 

Conas is féidir liom an tEolaire Reachtaíochta a úsáid?

Tá físeán gearr ar fáil anseo faoi conas do bhealach a dhéanamh tríd an Eolaire Reachtaíochta.

 

Comhlua

Coimeádann an Coimisiún liosta iomlán de Chomhlua d’Achtanna freisin, lena n-áirítear na hAchtanna uile atá luaite i dteannta a chéile laistigh de gach comhlua. Leis an liosta sin, comhlánaítear an leagan gearr den liosta atá foilsithe ar Ríomhleabhar Reachtanna na hÉireann, nach bhfuil ann ach an fhoinse is déanaí de gach comhlua.

Cláraigh chun ár nuachtlitir a fháil

Cláraigh le nuachtlitir an Choimisiúin um Athchóiriú an Dlí chun an nuacht, an t-eolas is deireanaí agus an fhaisnéis ar fad a fháil faoinár gcuid oibre.