Athchóiriú an Dlí

An Cúigiú Clár um Athchóiriú an Dlí

Cheadaigh an Rialtas an Cúigiú Clár an 20 Márta 2019. Cé go raibh 15 thionscadal i gceist leis ar dtús, tá na tionscadail sin cuíchóirithe anois ina seacht dtionscadal ar fud príomhréimsí amhail iad seo a leanas:

  • An dlí coiriúil agus nós imeachta coiriúil
  • Dliteanas sibhialta agus an dlí tráchtála
  • Cúirteanna, an dlí poiblí agus forfheidhmiú rialála
  • Gnéithe den Dlí Teaghlaigh (Aithint Colscarthaí Coigríche agus í sin amháin)
  • An Dlí Talún agus Tíolactha (Seilbh Chodarsna agus í sin amháin)

Léigh tuilleadh faoin gCúigiú Clár.

An Ceathrú Clár um Athchóiriú an Dlí (2013 – 2019)

Ceadaíodh an Ceathrú Clár sa bhliain 2013. Tá sé críochnaithe anois, seachas tionscadal amháin a bhaineann le Cistiú Dlíthíochta Tríú Páirtí, rud atá beagnach críochnaithe agus atá ar áireamh sa Chúigiú Clár athbhreithnithe um Athchóiriú an Dlí. Áirítear iad a leanas leis na príomhnithe is díol spéise:

  • An dlí talún
  • Cumarsáidí dochracha agus sábháilteacht dhigiteach
  • Nochtadh agus fionnachtain i gcásanna coiriúla
  • An dlí comharbais
  • Forfheidhmiú rialála agus cionta corparáideacha

D’fhoilsigh sé Páipéir Saincheisteanna comhairleacha ar thionscadail eile freisin, lena n-áirítear iad seo a leanas:

  • Díspeagadh cúirte agus cionta eile lena mbaineann riaradh an cheartais
  • Inrochtaineacht agus foilsiú reachtaíochta ar líne

Léigh tuilleadh faoin gCeathrú Clár.

 

An Tríú Clár um Athchóiriú an Dlí (2008 – 2013)

Áiríodh iad seo a leanas leis na tionscadail a bhí sa Tríú Clár um Athchóiriú an Dlí:

  • Idirghabháil agus Idir-réiteach
  • Achtanna na gCúirteanna a Chomhdhlúthú agus a Athchóiriú
  • An Dlí Coiriúil:
    • Dúnmharú agus dúnorgain
    • Cosaintí
    • Cionta ullmhaitheacha
  • Dlí na Fianaise:
    • Clostrácht
    • Fianaise scríbhinne
    • Fianaise shaineolach
  • Leanaí agus Cóngais Teaghlaigh
  • Forbairtí Árasán Ilaonad
  • Cúram Baile Gairmiúil a Rialáil
  • Dócmhainneacht Phearsanta
  • Conarthaí Árachais do Thomhaltóirí

Léigh tuilleadh faoin Tríú Clár anseo.

 

An Dara Clár um Athchóiriú an Dlí (2000–2008)

Sa Dara Clár um Athchóiriú an Dlí, moladh athchóirithe sna réimsí seo a leanas:

  • An dlí um chomhchónaitheoirí (lánúineacha den ghnéas céanna agus lánúineacha den ghnéas eile)
  • An dlí lena rialáiltear cuideachtaí bainistíochta coimpléasc árasán
  • Moladh á rá go bhforbrófaí Bunachar Sonraí teoranta DNA

Léigh tuilleadh faoin Dara Clár anseo.

 

An Chéad Chlár um Athchóiriú an Dlí (1980í–1990í)

Sa Chéad Chlár um Athchóiriú an Dlí, moladh athchóirithe sna réimsí seo a leanas:

  • Coincheap na neamhdhlisteanachta a bhaint den dlí
  • An dlí coiriúil a athchóiriú, lena n-áirítear:
    • Fáltais ó choireacht a choigistiú

Léigh tuilleadh faoin gCéad Chlár anseo.

 

Cláraigh chun ár nuachtlitir a fháil

Cláraigh le nuachtlitir an Choimisiúin um Athchóiriú an Dlí chun an nuacht, an t-eolas is deireanaí agus an fhaisnéis ar fad a fháil faoinár gcuid oibre.