Tá an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí, an Coimisinéir lánaimseartha, an Ceann Riaracháin agus Coiste Bainistíochta an Choimisiúin tiomanta go láidir dá chinntiú go mbeidh cultúr agus timpeallacht oibre an Choimisiúin de chineál a thugann spreagadh agus tacaíocht d’aon bhall foirne “labhairt amach” faoi aon saincheist a d’fhéadfadh drochthionchar a imirt ar an gcumas atá ag an gCoimisiún a róil agus a fhreagrachtaí uile faoin Acht fán gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí, 1975 a chomhlíonadh go cuí agus go hiomlán de réir an ardchaighdeáin feidhmíochta a cheanglaítear faoi Acht 1975 agus faoi aon chóid agus beartais rialachais iomchuí.
I gcomhréir leis an dea-chleachtas atá ann cheana agus leis na beartais iomchuí, táthar ag súil leis gur ar bhealach gairmiúil cuí a dhéileálfar le haon saincheist chuí a chuirfidh ball foirne in iúl dá b(h)ainisteoir líne maidir le ní a bhaineann le seoladh ghnó an Choimisiúin. Tá ríthábhacht ag baint leis sin maidir lena chinntiú go sainaithneofar na rioscaí suntasacha uile a thiocfaidh chun cinn don Choimisiún agus go mbainisteofar go héifeachtach iad. Ina theannta sin, maidir le haon bhall foirne a chuirfidh aon ábhar imní in iúl go cuí, ní chuirfear faoi mhíbhuntáiste é/í mar thoradh ar é sin a dhéanamh.
Níor cheart an ball foirne a chur faoi mhíbhuntáiste in aon chás ar bith, is cuma cé acu a thagann nó nach dtagann an tsaincheist faoin doiciméad beartais agus nósanna imeachta seo.
Baineann an doiciméad beartais agus nósanna imeachta seo le nochtadh cosanta, mar atá mínithe san Acht um Nochtadh Cosanta, 2014, arna leasú, agus tá bealaí agus nósanna imeachta tuairiscithe inmheánacha agus seachtracha ann.
Ní dhearnadh aon nochtaí cosanta leis an gCoimisiún sa bhliain 2025.