An Clár um Athchóiriú an Dlí Reachtúil

Athbhreithniú struchtúrtha ar reachtaíocht réamh-1922 is ea an Clár um Athchóiriú an Dlí Reachtúil. Mar chuid den aidhm atá ag an gCoimisiún an dlí a choinneáil inrochtana, tá sé mar aidhm leis an gclár a chinntiú go mbíonn leabhar reachtanna na hÉireann nua-aimseartha, cruinn agus inrochtana don phobal.

Forbhreathnú

Nuair a rinneadh Saorstát d’Éirinn sa bhliain 1922, ba mar oidhreacht a fuair sí na mílte dlíthe a rinne Rialtas na Ríochta Aontaithe. Tá roinnt de na dlíthe sin i bhfeidhm go fóill sa lá atá inniu ann, cé gur féidir nach bhfuil siad iomchuí nó nach bhfuil aon fheidhm acu a thuilleadh.

Leis an gClár um Athchóiriú an Dlí Reachtúil, déantar athbhreithniú ar reachtaíocht réamh-1922 chun a chinneadh cé na dlíthe ba cheart a choimeád agus cé na dlíthe ba cheart a chúlghairm. Cinntíonn sé sin go mbíonn leabhar reachtanna na hÉireann nua-aimseartha, cruinn agus inrochtana don phobal.

 

Na tairbhí a bhaineann leis an gClár um Athchóiriú an Dlí Reachtúil

  • An smacht reachta: Is féidir le saoránaigh agus le gnólachtaí rochtain a fháil ar fhaisnéis chríochnúil faoi na dlíthe a bhfuil feidhm acu maidir leo.
  • Éifeachtúlacht ó thaobh comhlíonta de: Trí reachtaíocht atá as dáta a bhaint, laghdaítear an t-am a thógann sé ar ghnólachtaí agus ar chomhlachtaí poiblí na dlíthe is infheidhme a shainaithint, mar aon leis an gcostas a bhaineann leis sin.
  • Nuachóiriú reachtach: Tacaíonn an obair seo le reachtaíocht na hÉireann a chomhdhlúthú agus cuireann sí cuspóirí an Rialtais i ndáil le ‘tús áite don digitiú’ chun cinn.
  • Tús áite don digitiú: Agus an Coimisiún á ailíniú againn leis an gcuspóir atá ag an Rialtas i ndáil le ‘tús áite don digitiú’, críochnóidh ár gcuid oibre an próiseas a bhaineann le liosta críochnaitheach a bheith againn den reachtaíocht choimeádta réamh-1922 ar fad.

 

An dul chun cinn go dtí seo

Tar éis sraith Achtanna um Athchóiriú an Dlí Reachtúil (2005, 2007, 2009, 2012, 2015, 2016) lena bpléitear le hAchtanna Poiblí atá as feidhm, arb Achtanna réamh-Neamhspleáchais iad den chuid is mó, le hAchtanna Príobháideacha, Áitiúla agus Pearsanta a rinneadh suas go dtí an bhliain 1922, agus le reachtaíocht thánaisteach a rinneadh suas go dtí an bhliain 1820, ghabh an Coimisiún air féin athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht thánaisteach a rinneadh ón mbliain 1821 go dtí an bhliain 1922.

Mar thoradh ar an athbhreithniú sin, tugadh isteach an tAcht um Athchóiriú an Dlí Reachtúil, 2025, rud a bhaineann leis an tréimhse 1821-1860. Tugadh an Bille isteach den chéad uair i Seanad Éireann i mí Dheireadh Fómhair 2024 agus shínigh an tUachtarán é ina dhlí an 25 Iúil 2025.

Tá na dlíthe sin ar fáil ar Ríomhleabhar Reachtanna na hÉireann ar líne.

 

Obair reatha

Is é an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí, le tacaíocht ó Oifig an Ard-Aighne, atá freagrach as an gclár. Tá an obair ar an gcuid eile den tréimhse 1861-1922 beagnach críochnaithe, agus cuirfear tús le comhairliúchán le ranna rialtais sa bhliain 2026.

Tá sé beartaithe againn Bille um Athchóiriú an Dlí Reachtúil a thabhairt isteach don tréimhse 1861-1922, lena gcúlghairfear an reachtaíocht thánaisteach atá as feidhm agus lena ndeimhneofar cén reachtaíocht atá i bhfeidhm go fóill. Beidh sa Bhille sceidil ina mionsonrófar na nithe atá á gcúlghairm agus na nithe atá á gcoimeád.

 

An Próiseas Comhairliúcháin

Is in dhá chéim a rachaimid i gcomhairle maidir leis an dréacht-Bhille uainn.

Céim a hAon: Comhairliúchán Rannach

Rachaimid i gcomhairle le ranna, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí Rialtais chun a dtuairimí a lorg maidir leis na píosaí sonracha reachtaíochta tánaistí ba cheart a chúlghairm nó a choimeád.

Céim a Dó: Comhairliúchán Poiblí

Tabharfaimid cuireadh do dhaoine den phobal tuairimí a chur isteach maidir leis na píosaí reachtaíochta a bhfuil sé beartaithe iad a chúlghairm nó a choimeád. Breithnítear an t-aiseolas ar fad a fhaightear agus sceidil deiridh an Bhille á n-ullmhú.

Na chéad chéimeanna eile

Tabharfaimid dréachtsceidil don chéad Bhille eile um Athchóiriú an Dlí Reachtúil chun críche agus oibreoimid i gcomhar le hOifig an Ard-Aighne chun an Bille deiridh a dhréachtú. Nuair a bheidh an obair sin críochnaithe, beidh an reachtaíocht choimeádta réamh-1922 ar fad ar fáil i Ríomhleabhar Reachtanna na hÉireann, rud ar stór cuimsitheach ar líne é de na dlíthe uile atá i bhfeidhm in Éirinn. Is í an chéad tréimhse eile a dtabharfar aghaidh uirthi sa Chlár um Athchóiriú an Dlí Reachtúil ná an reachtaíocht thánaisteach ón mbliain 1922 go dtí an bhliain 1950.

Cláraigh chun ár nuachtlitir a fháil

Cláraigh le nuachtlitir an Choimisiúin um Athchóiriú an Dlí chun an nuacht, an t-eolas is deireanaí agus an fhaisnéis ar fad a fháil faoinár gcuid oibre.