Comhairliúcháin
Chun go n-éireoidh leis, ní mór d’athchóiriú dlí a bheith ina phróiseas ionchuimsitheach. Dá réir sin, tá ríthábhacht ag baint leis an bpróiseas comhairliúcháin maidir le hobair an Choimisiúin.
Molaimid duit páirt a ghlacadh sa phróiseas um athchóiriú an dlí in Éirinn trí mholtaí nó barúlacha a chur in iúl dúinn maidir le haon tuarascálacha reatha nó aon pháipéir chomhairliúcháin reatha ón gCoimisiún.
Cuirtear fáilte roimh aighneachtaí, cibé acu is aighneachtaí ó bhéal nó aighneachtaí i scríbhinn iad, tráth ar bith le linn dúinn breithniú a dhéanamh ar aon topaic. Tabhair faoi deara nach gá do chomhairlithe gach ceist a fhreagairt agus go bhféadfaidh siad freisin aon bharúlacha breise a mheasann siad a bheith iomchuí a chur leis.
Cuirtear fáilte mhór roimh bharúlacha agus moltaí ó na páirtithe leasmhara uile maidir le haon cheann de na ceisteanna a chuirtear.
Chuige sin, tabhair faoi deara freisin go bhféadfar, i bprionsabal, aighneachtaí a nochtadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014. Féadfaidh aon duine aighneacht a dhéanamh á rá go bhfuil an aighneacht á déanamh aige/aici i modh rúin, go háirithe má tá faisnéis phearsanta inti. Sa chás sin, caithfimid leis an aighneacht mar aighneacht rúnda a mhéid is féidir. I gcás go bhfaighimid iarraidh go nochtfaí aon ábhar faoin reachtaíocht um shaoráil faisnéise, déanfaimid teagmháil leis an duine lena mbaineann chun a t(h)uairimí a fháil sula n-eiseoimid an fhaisnéis.
Tabhair faoi deara gur féidir leat d’aighneachtaí scríofa a chur isteach ar roinnt bealaí difriúla, ag brath ar do shainrogha phearsanta féin. Seo a leanas na bealaí sonracha atá ar fáil:
(i) Is féidir leat d’aighneacht – san fhormáid is áisiúla duit – a sheoladh leis an ríomhphost chuig an gCoimisiún ag info@lawreform.ie. NÓTA: Beidh ag gach Páipéar Comhairliúcháin a sheoladh ríomhphoist tiomnaithe féin le haghaidh freagraí.
Nó
(ii)
Is féidir leat d’aighneacht a sheoladh leis an bpost chuig:
Coimisiún um Athchóiriú an Dlí,
Teach Styne,
Sráid Haiste Uachtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 DY27
Éire.
Comhairliúcháin Reatha
San am i láthair, tá an Coimisiún ag dul i gcomhairle maidir le Comhlachtaí Tugtha Breithiúnas nach Cúirteanna iad agus achomhairc chun na gcúirteanna a athchóiriú. Cuirimid fáilte roimh aighneachtaí ó gach páirtí leasmhar maidir leis an ngné sin, agus gnéithe eile, dár gcuid oibre.
Is é ncabs@lawreform.ie an seoladh ríomhphoist le haghaidh aighneachtaí nó is féidir leat an seoladh thuas, nó an fhoirm thíos a úsáid.
Is féidir téacs iomlán an Pháipéir Chomhairliúcháin a fháil anseo