Tionscadail Reatha

Cistiú Dlíthíochta Tríú Páirtí

Cúlra

Tar éis fhoilsiú an Pháipéir Comhairliúcháin sa bhliain 2023, athbhreithnítear sa tionscadal seo cé acu ba cheart nó nár cheart na cionta stairiúla arb éard iad claonchothú agus campháirtíocht a choimeád nó a rialáil agus cé acu ba cheart nó nár cheart cistiú tríú páirtí a cheadú in Éirinn, i bhfianaise na hacmhainneachta atá aige rochtain ar cheartas a leathnú, comhionannas arm a neartú, agus cur lena tharraingtí atá Éire mar ionad dlíthíochta. Breithnítear sa tionscadal freisin na hábhair imní beartais a cuireadh in iúl maidir le cistiú dlíthíochta tríú páirtí a dhéanamh dleathach, lena n-áirítear cosaintí do thomhaltóirí soghonta, an baol go ndéanfaí ceartas a thráchtearrú, costais mhéadaithe, tearc-chúiteamh, agus éilimh amhantracha nó chráiteacha, agus iniúchtar ann conas a d’fhéadfadh creat rialála cuí tacú le hearnáil cistiúcháin dlíthíochta tríú páirtí atá trédhearcach, iontaofa agus iomaíoch.

 

Tionscadal

Scrúdaítear an méid seo a leanas sa tionscadal seo:

  • Cistiú brabús-spreagtha dlíthíochta: Féachtar sa tionscadal ar chistiú brabús-spreagtha dlíthíochta ag tríú páirtithe nach bhfuil aon leas acu sa ní ar shlí eile. Ag tógáil ar an bPáipéar Comhairliúcháin uainn, breithneofar sa Tuarascáil cé acu ba cheart nó nár cheart an cineál seo Cistiúcháin Dlíthíochta Tríú Páirtí a dhéanamh dleathach in Éirinn agus, dá mba cheart, conas ba cheart é a rialáil agus cé na daoine ar cheart é a rialáil.
  • Raon saincheisteanna: Iniúchtar sa Tuarascáil raon leathan saincheisteanna, lena n-áirítear nochtadh, coinbhleachtaí leasa, foirceannadh comhaontuithe cistiúcháin, agus rialú an mhaoinitheora ar imeachtaí. Pléitear inti freisin leasanna atá san iomaíocht le chéile, idir rochtain ar cheartas, leasanna cosantóirí, agus leas an phobail sna cúirteanna agus i riaradh an cheartais agus leasanna tráchtála maoinitheoirí.
  • Dlínsí Comparáideacha: Anailísítear sa Tuarascáil na saincheisteanna sin i bhfianaise na léargas a gnóthaíodh ó gheallsealbhóirí, ó fhorbairtí a thit amach le déanaí i ndlínsí comparáideacha, lena n-áirítear Sasana agus an Bhreatain Bheag, an Astráil agus Ceanada, agus ó fhoilseacháin ón gCoimisiún Eorpach agus ón Institiúid Eorpach um an Dlí.

 

Na chéad chéimeanna eile

Tá an tuarascáil á tabhairt chun críche ag an gCoimisiún faoi láthair, agus moltaí á gcur léi maidir le Cistiú Dlíthíochta Tríú Páirtí.

 

Doiciméid

Páipéar Comhairliúcháin ar Chistiú Dlíthíochta Tríú Páirtí, a foilsíodh sa bhliain 2023

 

An tEolas is Deireanaí

Tá an Coimisiún ag súil leis go bhfoilseoidh sé an Tuarascáil uaidh ar an tionscadal seo sa bhliain 2026.

Cláraigh chun ár nuachtlitir a fháil

Cláraigh le nuachtlitir an Choimisiúin um Athchóiriú an Dlí chun an nuacht, an t-eolas is deireanaí agus an fhaisnéis ar fad a fháil faoinár gcuid oibre.