Cúlra
Sa bhliain 2019, thosaigh an Coimisiún ag obair ar chomhlachtaí tugtha breithiúnas nach cúirteanna iad agus achomhairc chun na gcúirteanna a athchóiriú faoina Chúigiú Clár um Athchóiriú an Dlí. Tá cuid mhór comhlachtaí garbhreithiúnacha ann in Éirinn, amhail an Coimisiún Pleanála, an Binse um Achomhairc i dtaobh Cosaint Idirnáisiúnta, an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe, agus an Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh, ar comhlachtaí iad a tháinig chun cinn gan aon chur chuige aontaithe i leith nós imeachta ná i leith achomharc.
Tionscadal
Pléitear an méid seo a leanas sa Pháipéar Comhairliúcháin:
- An Iliomad Nósanna Imeachta agus Achomharc: Tháinig fás orgánach ar na comhlachtaí lena mbaineann, rud a d’fhág gur ann anois do rialacha neamhréireacha fianaise agus do bhealaí éagsúla achomhairc, mar a tugadh faoi deara sa Tuarascáil ar Fhianaise a d’fhoilsigh an Coimisiún sa bhliain 2016.
- Eochaircheisteanna: Ar cheart cur chuige caighdeánach a bheith ann i leith nithe nós imeachta, rialacha a bhaineann le fianaise, agus rochtain ar ionadaíocht dhlíthiúil? Conas is féidir é sin a bhaint amach gan an tsolúbthacht a theastaíonn ó gach comhlacht chun na feidhmeanna uathúla tugtha breithiúnas atá aige a chomhlíonadh a chailleadh? Conas is féidir feabhas a chur ar cháilíocht agus struchtúr na cinnteoireachta? Conas is féidir bealaí achomhairc a shimpliú?
- Samhlacha Comparáideacha: Athbhreithnítear sa tionscadal athchóirithe a rinneadh sa Ríocht Aontaithe faoin Tribunals, Courts and Enforcement Act 2007, rud lenar cuireadh moltaí ó Thuarascáil Leggatt (2001) chun feidhme. Leis an Acht sin, tugadh isteach bunús aonair do bhinsí achomhairc, agus comhdhlúthaíodh binsí ina struchtúr aonfhoirmeach. Sa tionscadal freisin, anailísítear athchóirithe a rinneadh i gCeanada, sa Nua-Shéalainn agus san Astráil agus breithnítear cé acu a bheadh nó nach mbeadh aon cheann de na hathchóirithe sin inoibrithe i gcomhthéacs na hÉireann.
- Comhthéacs na hÉireann: Cé go bhféadfadh saincheisteanna bunreachtúla teacht chun cinn faoi Airteagail 34 agus 37 de Bhunreacht na hÉireann mar thoradh ar chomhdhlúthú den sórt sin, iniúchtar sa Tuarascáil cé acu a d’fhéadfaí nó nach bhféadfaí gnéithe de shamhail na Ríochta Aontaithe – nó athchóirithe ó dhlínsí eile – a oiriúnú d’Éirinn.
Na chéad chéimeanna eile
San am i láthair, tá an Coimisiún ag dul i gcomhairle maidir le tograí le haghaidh córas níos comhleanúnaí próiseas agus nósanna imeachta cinnteoireachta agus maidir leis an bhféidearthacht atá ann achomhairc a chuíchóiriú.The Commission is currently consulting on proposals for a more coherent system of decision-making processes and procedures and about the possibility of streamlining appeals.
Doiciméid
Páipéar Comhairliúcháin ar Chomhlachtaí Tugtha Breithiúnas nach Cúirteanna iad agus Achomhairc chun na gCúirteanna, a foilsíodh i mí na Nollag 2025
An tEolas is Deireanaí
Tá an comhairliúchán ar oscailt anois, agus cuireann an Coimisiún fáilte roimh aighneachtaí ó pháirtithe leasmhara. Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil anseo.