Tá Owen O’Sullivan ina Chomhairleoir i Rannán Dlíthíochta agus Imscrúduithe William Fry. Bhí sé ina Chomhpháirtí Bainistíochta ar an ngnólacht ón mbliain 2020 go dtí an bhliain 2024 agus bhí sé ina cheann ar Rannán Dlíthíochta agus Imscrúduithe William Fry ón mbliain 2005 go dtí an bhliain 2020. Is céimí de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus de chuid Dhlí-Chumann na hÉireann é, agus ligeadh é isteach i rolla na n-aturnaetha sa bhliain 1989. Sa chleachtas, déanann Owen speisialtóireacht i ndíospóidí tráchtála mórscála, go háirithe díospóidí scairshealbhóirí agus díospóidí infheistíochta, mar aon le díospóidí agus obair chomhairleach san earnáil airgeadais. Tá taithí fhairsing aige ar imeachtaí rialála ar fud a lán earnálacha tionscail agus ar Bhinsí, ar Fhiosrúcháin agus ar Imscrúduithe. Aithnítear é go seasta mar phríomhaturnae in Chambers Global agus in The Legal 500 EMEA, arb eolairí dlí idirnáisiúnta iad. D’fhóin Owen mar chomhalta de Choiste Dlíthíochta an Dlí-Chumainn ar feadh sé bliana, agus tá sé ina chomhalta den Chomhlachas Barra Idirnáisiúnta le blianta fada anuas. Bhí sé ina chomhalta coiste bunaidh de Chomhlachas Dlíthíochta Tráchtála na hÉireann, agus é ina Chathaoirleach ar an gComhlachas ina dhiaidh sin. Tá sé ina Idirghabhálaí creidiúnaithe de chuid Fhoras Bainistíochta na hÉireann freisin.Tá an tOllamh Breen ina saineolaí ar rialáil agus ar rialachas, agus speisialtóireacht aici i rialáil dhlíthiúil carthanas. Is céimí de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus de chuid Scoil Dlí Yale araon í.  Teagascann sí Dlí agus Rialachas na nEagraíochtaí Neamhrialtasacha agus Cothromas agus Dlí na nIontaobhas ag an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Agus í ina habhcóide cáilithe, tá sí ina hiar-Uachtarán ar an gCumann Idirnáisiúnta um Thaighde ar an Tríú hEarnáil agus tá sí ina comhalta de Chomhairle Chomhairleach Idirnáisiúnta an Ionaid Idirnáisiúnta um Dhlí na nEagraíochtaí Neamhbhrabúis. Ceapadh Oonagh mar Chathaoirleach ar an Athbhreithniú Neamhspleách ar Rialáil Carthanas i dTuaisceart Éireann sa bhliain 2021, agus í ag déanamh formhaoirseacht ar fhoilsiú na Tuarascála ón bPainéal Athbhreithnithe sa bhliain 2022. Is cainteoir idirnáisiúnta tráthrialta ar nithe comparáideacha rialála carthanas í Oonagh, agus tá roinnt mhaith saothar foilsithe aici. Tá sí ina comheagarthóir (in éineacht le Alison Dunn agus le Mark Sidel) ar Regulatory Waves: Comparative Perspectives on State Regulation and Self-Regulation Policies in the Nonprofit Sector (Cambridge University Press, 2017), tá sí ina comhúdar ar Law of Charities in Ireland (Bloomsbury Professional, 2019) in éineacht le Philip A. Smith, agus tá sí ina comheagarthóir ar Palles: The Legal Legacy of the Last Lord Chief Baron (Four Courts Press, 2022) in éineacht le Noel McGrath. Bhí Comhaltacht Taighde Fulbright agus Comhaltacht Taighde Rialtas na hÉireann araon ina seilbh aici, agus d’fhóin sí mar Chomhalta Taighde ag Ionad Hauser d’Eagraíochtaí Neamhbhrabúis ag Ollscoil Harvard (2009), mar Chomhalta de chuid Fhondúireacht Ian Potter ag ACPNS, Brisbane (2016), agus mar Chomhalta Taighde ag Ollscoil Carleton, Ottawa (2025). Áirítear leis na ceapacháin chuairte a bhí aici ceapacháin ag Scoil Dlí DePaul, Chicago, ag Ollscoil Missouri, Cathair Kansas, ag Ollscoil California, Davis, ag Scoil Dlí Brooklyn, ag Ollscoil Illinois Theas, agus ag Ollscoil Victoria, an Nua-Shéalainn.Céimí (LLB) de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus de chuid Dhlí-Chumann Corpraithe na hÉireann is ea an Breitheamh Onórach Eileen Roberts. Ligeadh í isteach i rolla na n-aturnaetha sa bhliain 1991. D’oibrigh an Breitheamh Onórach Roberts mar aturnae le A&L Goodbody, áit a ndearna sí speisialtóireacht sa dlíthíocht tráchtála agus ar tháinig sí chun bheith ina ceann dlíthíochta agus ina Cathaoirleach ar an ngnólacht araon. Ina cleachtas, rinne sí speisialtóireacht i ndíospóidí tráchtála mórscála, lenar áiríodh díospóidí sna réimsí seo a leanas: maoin; seirbhísí airgeadais; árachas; nithe muirí; agus eitlíocht. Bhí sí ina comhalta coiste de Chomhlachas Dlíthíochta Tráchtála na hÉireann, agus í ina cathaoirleach ar an ngrúpa a dhréachtaigh an Good Practice Discovery Guide lena úsáid in imeachtaí cúirte. Is idirghabhálaí cáilithe de chuid an Ionaid um Réiteach Éifeachtach Díospóidí í, agus tá sí ina hiarchomhalta coiste de Chumann Idirghabhála Tráchtála na hÉireann. Ceapadh an Breitheamh Onórach Roberts mar bhreitheamh den Ard-Chúirt i mí Iúil 2022. Shuigh sí sa rannán seansaireachta ón dáta sin go dtí gur sannadh í mar bhreitheamh den Chúirt Tráchtála i mí Dheireadh Fómhair 2023. Ceapadh an Breitheamh Onórach Roberts mar Choimisinéir i mí Feabhra 2024.Is é Damien Moloney an Coimisinéir lánaimseartha sa Choimisiún um Athchóiriú an Dlí, tar éis dó tús a chur lena cheapachán i mí Aibreáin 2026.  Bhí Damien ina Ard-Stiúrthóir ar Oifig an Ard-Aighne roimhe seo (2017-2026), áit ar threoraigh sé an Oifig maidir leis na caighdeáin is airde seirbhísí dlí a sholáthar don Rialtas agus do Ranna agus Oifigí Rialtais.  Státseirbhíseach sinsearach agus ceann neamhpholaitiúil na hOifige is ea an tArd-Stiúrthóir. Tá sé freagrach as bainistíocht éifeachtach éifeachtúil na hOifige, lena n-áirítear freagrachtaí airgeadais ar leith a chomhlíonadh, pleanáil straitéiseach agus treo straitéiseach a sholáthar, aschuir agus torthaí a sholáthar, agus aghaidh a thabhairt ar nithe trasnaí a bhaineann leis an Oifig. Mar Oifigeach Cuntasaíochta, bíonn sé cuntasach os comhair Coistí Oireachtais, de réir mar is gá, freisin.  Tá breis agus tríocha bliain de thaithí ar an dlí poiblí ag Damien, tar éis dó dul isteach in Oifig an Ard-Aighne sa bhliain 1995.  Bhí príomhról aige maidir le freagairt dhlíthiúil an Stáit a sholáthar le linn roinnt géarchéimeanna suntasacha a rinne difear don Stát, lenar áiríodh an ghéarchéim airgeadais/baincéireachta, an Breatimeacht agus paindéim Covid.  Bhí Damien ina abhcóide sóisearach a bhí ag obair sa leabharlann dlí agus i gCuaird an Oirdheiscirt (1988-1995), agus cleachtas ginearálta dlí shibhialta aige.  Tá céimeanna bainte amach ag Damien ó roinnt institiúidí tríú leibhéal, lena n-áirítear Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Óstaí an Rí, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Scoil Ghnó Smurfit sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus Institiúid na Stiúrthóirí.  Réimse spéise ar leith atá ag Damien is ea rialachas corparáideach.  Trína chuid oibre in Oifig an Ard-Aighne agus ar Bhord Bainistíochta na Státseirbhíse, rannchuidigh Damien le feabhas a chur ar rialachas in Oifig an Ard-Aighne agus ar fud Ranna agus Oifigí Rialtais araon.Príomh-Bhreitheamh na hÉireann ó mhí Iúil 2017 go mí Dheireadh Fómhair 2021 ba ea an Breitheamh Onórach Frank Clarke. Rugadh é i mBaile Bhailcín, Baile Átha Cliath, i mí Dheireadh Fómhair 1951, agus fuair sé a chuid oideachais ag Scoil Bráithre Críostaí Chaisleán Dhroimeanaigh agus ag an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, áit ar bronnadh céim BA sa Mhatamaitic agus san Eacnamaíocht air (1972). Tar éis dó a chuid staidéir dlí a chríochnú ag Óstaí an Rí, glaodh chun an Bharra é sa bhliain 1973 agus glaodh chun Barra na Sinsear é sa bhliain 1985. Chleacht sé go príomha i réimsí an dlí tráchtála agus an dlí phoiblí (lenar áiríodh an dlí bunreachtúil), agus cheap an Chúirt Uachtarach é faoi dhó mar abhcóide chun argóint a chur i láthair maidir le Billí a tharchuir an tUachtarán chuig an gCúirt Uachtarach faoi Airteagal 26 den Bhunreacht. Le linn dó a bheith ag an mBarra, d’fhóin an Breitheamh Onórach Clarke ar Chomhairle an Bharra le blianta fada. Áiríodh leis sin an téarma dhá bhliain (1993-1995) a chaith sé mar Chathaoirleach ar an gComhairle. D’fhóin sé mar Chathaoirleach ar Chomhairle Óstaí an Rí ón mbliain 1999 go dtí an bhliain 2004 freisin. Bhí sé ina chomhalta de Chomhairle an Chomhlachais Barra Idirnáisiúnta ón mbliain 1997 go dtí an bhliain 2004, agus é ina chomh-Chathaoirleach ar an bhFóram d’Abhcóidí (an comhlacht ionadaíoch idirnáisiúnta do na barraí neamhspleácha tarchuir) ón mbliain 1998 go dtí an bhliain 2002. Ceapadh an Breitheamh Onórach Clarke mar bhreitheamh den Ard-Chúirt i mí na Samhna 2004. Le linn dó a bheith ina bhreitheamh den Ard-Chúirt, bhí sé ina chathaoirleach ar an gCoimisiún Reifrinn maidir leis an 28ú Leasú ar an mBunreacht (Conradh Liospóin II) sa bhliain 2009. Ceapadh an Breitheamh Onórach Clarke mar bhreitheamh den Chúirt Uachtarach i mí an Mhárta 2012. Tá an Príomh-Bhreitheamh Clarke ina chomhalta den phainéal dá bhforáiltear in Airteagal 255 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ó mhí an Mhárta 2018 i leith. Sa réimse acadúil, bhí an Breitheamh Onórach Clarke ina ollamh ag Óstaí an Rí ón mbliain 1978 go dtí an bhliain 1985 agus tá sé ina Bhreitheamh Cónaithe ag Coláiste Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath, ón mbliain 2010 i leith. Ceapadh é mar Ollamh Taca ag Scoil an Dlí i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, i mí Mheán Fómhair 2012, agus ceapadh é mar Ollamh Taca ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, sa bhliain 2013. Bronnadh Gradam Comhaltachta Céimniúla Choláiste Uí Ghríofa air sa bhliain 2017, agus ceapadh é mar Leas-Seansailéir ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i mí an Mhárta 2022. Tá an Breitheamh Onórach Clarke ina chathaoirleach ar Ghrúpa Athbhreithnithe um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta, rud a bunaíodh i mí an Mheithimh 2022 chun athbhreithniú a dhéanamh ar an scéim um chúnamh dlíthiúil sibhialta. Ceapadh é mar Uachtarán ar an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí i mí Iúil 2022.Mr. Justice Clarke is chair of a Civil Legal Aid Review Group, which was established in June 2022 to review the civil legal aid scheme. He was appointed President of the Law Reform Commission in July 2022.

Cláraigh chun ár nuachtlitir a fháil

Cláraigh le nuachtlitir an Choimisiúin um Athchóiriú an Dlí chun an nuacht, an t-eolas is deireanaí agus an fhaisnéis ar fad a fháil faoinár gcuid oibre.