An Breitheamh Eileen Roberts

Coimisinéir

An Breitheamh Eileen Roberts

Céimí (LLB) de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus de chuid Dhlí-Chumann Corpraithe na hÉireann is ea an Breitheamh Onórach Eileen Roberts. Ligeadh í isteach i rolla na n-aturnaetha sa bhliain 1991.

D’oibrigh an Breitheamh Onórach Roberts mar aturnae le A&L Goodbody, áit a ndearna sí speisialtóireacht sa dlíthíocht tráchtála agus ar tháinig sí chun bheith ina ceann dlíthíochta agus ina Cathaoirleach ar an ngnólacht araon. Ina cleachtas, rinne sí speisialtóireacht i ndíospóidí tráchtála mórscála, lenar áiríodh díospóidí sna réimsí seo a leanas: maoin; seirbhísí airgeadais; árachas; nithe muirí; agus eitlíocht. Bhí sí ina comhalta coiste de Chomhlachas Dlíthíochta Tráchtála na hÉireann, agus í ina cathaoirleach ar an ngrúpa a dhréachtaigh an Good Practice Discovery Guide lena úsáid in imeachtaí cúirte.

Is idirghabhálaí cáilithe de chuid an Ionaid um Réiteach Éifeachtach Díospóidí í, agus tá sí ina hiarchomhalta coiste de Chumann Idirghabhála Tráchtála na hÉireann.

Ceapadh an Breitheamh Onórach Roberts mar bhreitheamh den Ard-Chúirt i mí Iúil 2022. Shuigh sí sa rannán seansaireachta ón dáta sin go dtí gur sannadh í mar bhreitheamh den Chúirt Tráchtála i mí Dheireadh Fómhair 2023. Ceapadh an Breitheamh Onórach Roberts mar Choimisinéir i mí Feabhra 2024.

Fill ar na coimisinéirí