Cúlra
Sa bhliain 2019, thosaigh an Coimisiún ag obair ar dhliteanas comhlachas neamhchorpraithe faoina Chúigiú Clár um Athchóiriú an Dlí. Leagadh béim ar an ngá atá le hathchóiriú sa bhreithiúnas ón gCúirt Uachtarach in Hickey v McGowan (2017), rud inar nochtadh na teorainneacha a bhaineann le comhlachais neamhchorpraithe a choinneáil cuntasach i leith éagóracha sibhialta.
Tionscadal
Scrúdaítear an méid seo a leanas sa tionscadal:
- Saincheisteanna Dliteanais Shibhialta: In Hickey v McGowan, chinn an Chúirt Uachtarach nach bhféadfadh gearánaí breithiúnas a fháil in aghaidh sócmhainní oird rialta neamhchorpraithe, á rá nach bhféadfadh sé/sí breithiúnas a fháil ach amháin in aghaidh comhaltaí aonair ag an am iomchuí. Is léiriú é sin ar an bprionsabal dlí choitinn nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach ar leith ag comhlachtaí neamhchorpraithe.
- Cásdlí Eile: In Murphy v Roche, rialaigh an Ard-Chúirt nach bhféadfadh ball de chlub CLG a gortaíodh ar áitreabh an chlub an dlí a chur ar an gclub, toisc gurbh ionann é sin agus an dlí a chur air féin. Tagann ábhair imní bhunreachtúla faoi Airteagal 40 (cóir chomhionann agus rochtain ar chúirteanna) agus faoi Airteagal 6 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine as cásanna den sórt sin.
- Dliteanas Coiriúil: I gcodarsnacht leis sin, féadfaidh feidhm a bheith ag dliteanas coiriúil maidir le comhlachtaí neamhchorpraithe. In An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí v Wexford Farmers Club, dheimhnigh an Ard-Chúirt go bhféadfaí comhlachtaí den sórt sin a chiontú faoi reachtanna amhail an tAcht Deochanna Meisciúla, toisc go bhfolaíonn “duine” comhlachais neamhchorpraithe faoin Acht Léiriúcháin.
- Eochaircheisteanna: Ar cheart pearsantacht dhlítheanach ar leith a thabhairt do chomhlachais neamhchorpraithe? Ar cheart do bhaill a bheith in ann an dlí a chur ar a gcomhlachais féin? An bhfuil tuilleadh soiléire ag teastáil maidir le dliteanas coiriúil?
Na chéad chéimeanna eile
Déanfaidh an Coimisiún iniúchadh ar na roghanna reachtacha atá ann maidir le haghaidh a thabhairt ar dhliteanas sibhialta agus ar dhliteanas coiriúil agus ar cé acu a fhéadfar nó nach bhféadfar pearsantacht dhlítheanach a thabhairt do chomhlachais áirithe mar chuid d’athchóirithe agus ar cé acu ba cheart nó nár cheart déanamh amhlaidh.
Doiciméid
Páipéar Comhairliúcháin ar Dhliteanas Clubanna, Cumann agus Comhlachas Neamhchorpraithe Eile, a foilsíodh sa bhliain 2022.