COIMISIÚN UM ATHCHÓIRIÚ AN DLÍ PREASRÁITEAS
Réamh-mheas an Choimisiúin um Athchóiriú an Dlí

Féachann an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí le Tuairimí Céaduaire faoi Chinnteoireacht Neamh-Chúirte in Éirinn
Is iomaí cinneadh tábhachtach a dhéanann comhlachtaí lasmuigh de na cúirteanna. Is féidir le cinntí a dhéanann comhlachtaí amhail an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre nó an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe tionchar suntasach a imirt ar shaol duine.
Is mian leis an gCoimisiún fianaise a bhailiú faoin gcaoi a n-oibríonn cinnteoireacht neamhchúirte go praiticiúil agus conas tacú le cinnteoireacht chothrom, éifeachtach agus neamhspleách iontu. Chuige seo, sheol an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí suirbhé, atá ar fáil i mBéarla agus as Gaeilge, chun cuntais phearsanta a bhailiú ó dhaoine a fuair cinntí ó chomhlachtaí breithnithe neamhchúirte agus ó na moltóirí a dhéanann cinntí laistigh de na comhlachtaí sin.
Tá sé tábhachtach go mbeadh na nósanna imeachta a úsáidtear cothrom, soiléir agus oiriúnach do chinnteoireacht láidir. I gcás inar féidir achomharc a dhéanamh chuig na cúirteanna i gcoinne cinntí, ba cheart na nósanna imeachta sin a bheith cothrom, soiléir agus comhsheasmhach freisin. I mí na Nollag 2025, d’fhoilsigh an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí a Pháipéar Comhairliúcháin maidir le hAthchóiriú Comhlachtaí Breithnitheacha Neamh-Chúirte agus Achomhairc chun na gCúirteanna. Scrúdaítear sa Pháipéar an bhféadfaí na nósanna imeachta a úsáideann na comhlachtaí sin, agus na bealaí chun achomharc a dhéanamh i gcoinne a gcinntí, a dhéanamh níos soiléire agus níos comhsheasmhaí.
Breithníonn an Chomhairliúcháin freisin cá n-oibríonn na socruithe atá ann cheana go maith agus cá bhfuil gá le hathrú, ach gan cur isteach ar fheidhmeanna agus saineolas éagsúil na gcomhlachtaí aonair ag an am céanna.
Dúirt an Breitheamh Frank Clarke, Uachtarán an Choimisiúin um Athchóiriú an Dlí "Ba mhaith linn cloisteáil go díreach ó dhaoine a d'úsáid na próisis chinnteoireachta seo agus ó na moltóirí a oibríonn iontu. Beidh a dtaithí ríthábhachtach chun cabhrú linn a shainaithint cad atá éifeachtach agus cá bhfuil gá le feabhsuithe.’