Is comhlacht poiblí “nua” faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014, é an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí agus, de réir an mhínithe ar “dáta éifeachtach” atá in alt 2(c) d’Acht 2014, tá feidhm ag an Acht maidir le taifid atá i seilbh an Choimisiúin ón 21 Aibreán 2008 i leith.
Is leagtha amach thíos atá an Scéim Foilsitheoireachta Saorála Faisnéise atá á foilsiú againn faoi Acht 2014. Leagtar amach sa Scéim raon faisnéise faoin gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí agus tá sí rangaithe faoi na sé cheannteideal atá molta faoi alt 8 d’Acht 2014.
1) Ról agus Freagrachtaí
Tá cúigear comhaltaí ag an gCoimisiún: an tUachtarán, Coimisinéir lánaimseartha, agus triúr Coimisinéirí páirtaimseartha. Is féidir tuilleadh faisnéise cúlra maidir le gach duine díobh a fháil anseo. Faigheann an Coimisiún tacaíocht ó roinnt ball foirne taighde agus riaracháin, mar atá leagtha amach ina chairt eagraíochta (insert a link to recent org chart). Rialaítear pá agus grádú na mball foirne sin leis na beartais iomchuí, mar atá leagtha amach ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, agus feidhmíonn an Coimisiún freisin faoi Chód Caighdeán agus Iompraíochta na Státseirbhíse.
Seo a leanas an raon taifead atá i seilbh an Choimisiúin agus a fhéadfar a eisiúint:
- Riarachán Ginearálta
- Cuntais/Taifid Chaiteachais
- Clár Sócmhainní
- Aighneachtaí (seachas aighneachtaí a thugtar i modh rúin agus lena gcruthófaí an baol go gcuirfí as do chumas an Choimisiúin taighde a dhéanamh amach anseo dá n-eiseofaí iad agus/nó a mbeadh sé neamhdhleathach iad a eisiúint ar shlí eile)
- Treoirlínte agus ciorcláin ón Státseirbhís nó ón tSeirbhís Phoiblí
- Tuarascálacha Bliantúla
- Ráitis Straitéise
Má theastaíonn aon fhaisnéis bhreise uait, ná bíodh aon leisce ort teagmháil a dhéanamh linn.
2) Ár Seirbhísí
An Liosta Aicmithe Reachtaíochta
3) Faisnéis Airgeadais
Is féidir ár Ráitis Airgeadais a fháil inár dTuarascálacha Bliantúla
2020
Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 1 de 2020
Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 2 de 2020
Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 3 de 2020
Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 4 de 2020
2021
Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 1 de 2021
Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 2 de 2021
Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 3 de 2021
Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 4 de 2021
2022
Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 1 de 2022
Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 2 de 2022
Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 3 de 2022
Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 4 de 2022
2023
Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 1 de 2023
Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 2 de 2023
Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 3 de 2023
Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 4 de 2023
2024
Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 1 de 2024
Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 2 de 2024
Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 3 de 2024
Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 4 de 2024
2025
Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 1 de 2025
Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 2 de 2025
Íocaíochtaí Prasa – Ráithe 3 de 2025
4) Feidhmeanna agus Próiseas Cinnteoireachta an Choimisiúin
Feidhmeanna an Choimisiúin
Tá an Coimisiún ina chomhlacht reachtúil a bunaíodh leis an Acht fán gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí, 1975, lena gceanglaítear ar an gCoimisiún an dlí a choimeád faoi bhreithniú agus taighde a sheoladh d’fhonn an dlí a athchóiriú. Faigh tuilleadh faisnéise faoinár bhfeidhmeanna anseo.
Rud eile atá i gceist le hobair an Choimisiúin is ea reachtaíocht a dhéanamh níos inrochtana don phobal. Táirgeann an Coimisiún roinnt táirgí a bhaineann le rochtain ar reachtaíocht. Faigh tuilleadh faisnéise fúthu anseo.
Próiseas Cinnteoireachta an Choimisiúin
Comhaltaí an Choimisiúin
Tá cúigear comhaltaí ag an gCoimisiún: an tUachtarán, Coimisinéir lánaimseartha, agus triúr Coimisinéirí páirtaimseartha. Is é an Rialtas a cheapann na Coimisinéirí ar feadh téarma cúig bliana ar a mhéad, agus féadfar a gceapachán a athnuachan.
Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil anseo.
Coiste Bainistíochta an Choimisiúin
Cuimsíonn Coiste Bainistíochta an Choimisiúin an Coimisinéir lánaimseartha, an Ceann Riaracháin, an Stiúrthóir Taighde, na Leas-Stiúrthóirí Taighde, an Bainisteoir um Rochtain ar Reachtaíocht, na Leas-Bhainisteoirí um Rochtain ar Reachtaíocht, an Ceann Gnóthaí Corparáideacha, agus an Bainisteoir Leabharlainne agus Faisnéise. Tagann an Coiste Bainistíochta le chéile ar bhonn tráthrialta – ar bhonn míosúil de ghnáth agus roimh chruinnithe foirmiúla an Choimisiúin – chun athbhreithniú a dhéanamh ar na mór-shaincheisteanna uile a bhaineann le hoibriú éifeachtúil éifeachtach an Choimisiúin.
5) Soláthar
6) Faisnéis a Fhoilsítear go Rialta
Treoir maidir le Saoráil Faisnéise
Foirm Iarratais Saorála Faisnéise (Béarla)
Foirm Iarratais Saorála Faisnéise (Gaeilge)
Foilseacháin Tionscadail an Choimisiúin
Tuarascálacha Bliantúla agus Ráitis Straitéise