Tionscadail Reatha

Gnéithe den Dlí Talún agus Tíolactha (seilbh chodarsna)

Cúlra

Ba mar thoradh ar an Tuarascáil a d’fhoilsigh an Coimisiún sa bhliain 2005 ar athchóiriú agus nuachóiriú an dlí talún agus tíolactha a achtaíodh an tAcht um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha, 2009. Níor cuireadh seilbh chodarsna ar áireamh san Acht, áfach, toisc gur ghá tuilleadh breithniúcháin a dhéanamh uirthi tar éis rialú suntasach ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine.

 

Tionscadal

Dírítear ar an méid seo a leanas sa tionscadal:

  • Seilbh Chodarsna: Cé gur moladh athchóirithe i dTuarascáil 2005 agus sa dréacht-Bhille, fágadh na hathchóirithe sin ar lár ó Acht 2009 go dtí go ndéanfadh Mór-Dhlísheomra na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine athbhreithniú ar an gcinneadh i gcás JA Pye (Oxford) Ltd v An Ríocht Aontaithe. Athscrúdófar an réimse sin sa tionscadal, agus aird á tabhairt ar an anailís a rinne an Coimisiún roimhe seo agus ar na forbairtí a thit amach ó chás Pye i leith.

 

Na chéad chéimeanna eile

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na himpleachtaí bunreachtúla agus ar na himpleachtaí ó thaobh chearta an duine de, agus rachaidh sé i gcomhairle maidir le tograí le haghaidh an dlí um sheilbh chodarsna a athchóiriú.

 

Doiciméid

Cuirfear nuashonruithe leis ag dáta níos déanaí.

 

An tEolas is Deireanaí

Cuirfear nuashonruithe leis ag dáta níos déanaí.

Cláraigh chun ár nuachtlitir a fháil

Cláraigh le nuachtlitir an Choimisiúin um Athchóiriú an Dlí chun an nuacht, an t-eolas is deireanaí agus an fhaisnéis ar fad a fháil faoinár gcuid oibre.