Cúlra
I roinnt aighneachtaí a rinneadh chuig an gCoimisiún, cuireadh ábhair imní in iúl maidir le héiginnteacht i ndáil le haithint colscarthaí coigríche. Tá an tástáil reatha, ar dheimhnigh an Chúirt Uachtarach í in H v H, bunaithe ar cé acu a bhí nó nach raibh sainchónaí ar chéile amháin sa dlínse eachtrach, seachas ar cé acu a bhí nó nach raibh gnáthchónaí air/uirthi inti.
Tionscadal
Beartaítear an méid seo a leanas a scrúdú sa tionscadal seo:
- An Tástáil Reatha le haghaidh Aithint Colscarthaí Coigríche: In H v H, chinn an Chúirt Uachtarach gurb í sainchónaí, agus ní gnáthchónaí, a chinneann an aithint. I gcás sainchónaithe, is gá measúnú a dhéanamh ar an rún atá ag duine fanacht i ndlínse, rud ar féidir leis a bheith casta. I gcomparáid leis sin, tá gnáthchónaí bunaithe ar imthosca fíorasacha agus is féidir leis a bheith níos simplí.
- Athchóiriú Féideartha: Thug an Chúirt Uachtarach le fios go bhféadfaí an tástáil a athrú go gnáthchónaí le reachtaíocht. Breithneofar sa tionscadal cé acu atá nó nach bhfuil athchóiriú den sórt sin cuí.
- Saincheisteanna Gaolmhara: Is féidir go n-athbhreithneofar sa tionscadal freisin aithint póstaí polagamacha agus seachphóstaí, mar a mhol an Chúirt Uachtarach in HAH v SAA agus Daoine Eile, agus í ag rá go mbainfeadh na réimsí sin tairbhe as scrúdú breise.
Na chéad chéimeanna eile
Déanfaidh an Coimisiún raon feidhme an tionscadail a mheas go críochnúil chun na príomh-shaincheisteanna a shainaithint, agus seolfaidh sé comhairliúchán ar thograí le haghaidh athchóirithe
Doiciméid
Cuirfear nuashonruithe leis ag dáta níos déanaí.
An tEolas is Deireanaí
Cuirfear nuashonruithe leis ag dáta níos déanaí.