TAIGHDEOIR DLÍ SINSEARACH SA CHOIMISIÚN UM ATHCHÓIRIÚ AN DLÍ

Vacancy ID

06072026

Working Pattern

Full time

Location

Dublin (Ireland)

Contract

Permanent

Closing Date

27 July 2026

Job Summary

Faisnéis Chúlra faoin bpost

Bunaíodh an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí leis an Acht fán gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí, 1975, chun an dlí a choinneáil faoi athbhreithniú neamhspleách, oibiachtúil agus saineolach. Tá cúigear comhaltaí ag an gCoimisiún: an tUachtarán, an Coimisinéir Lánaimseartha, agus triúr Coimisinéirí páirtaimseartha.

Tá sé mar chuspóir againn dlí na hÉireann a athbhreithniú agus tograí a dhéanamh le haghaidh athchóirithe. Oibrímid freisin ar an dlí a nua-aoisiú chun go mbeidh sé níos fusa é a rochtain agus a thuiscint. Forbraítear na tograí um athchóiriú an dlí uainn i bpróiseas a thosaíonn le Páipéar Comhairliúcháin. Sna Páipéir Chomhairliúcháin uainn, scrúdaítear an dlí agus leagtar amach ceisteanna faoi athruithe féideartha ar an dlí. A luaithe a fhoilsítear Páipéar Comhairliúcháin, iarraimid aighneachtaí ar athruithe féideartha ar an dlí. Téimid i ndáil chomhairle go forleathan, breithnímid na haighneachtaí arna bhfáil againn agus foilsímid tuarascáil ansin ina leagtar amach anailís agus moltaí an Choimisiúin.

Tháinig athruithe i ndlí na hÉireann as an-chuid de na tograí ón gCoimisiún.

 

Feidhm an Phoist

Imríonn Taighdeoirí Dlí Sinsearacha príomhról i bhfoireann taighde dlí an Choimisiúin, agus seirbhís taighde dlí atá éifeachtúil, cruinn agus ar ardchaighdeán á sholáthar acu don Choimisiún. Oibríonn Taighdeoirí Dlí Sinsearacha i ndlúthchomhar leis an Stiúrthóir Taighde agus na Leas-Stiúrthóirí Taighde chun ceisteanna taighde agus dréachtmholtaí le haghaidh athchóiriú an dlí a fhorbairt lena mbreithniú ag an gCoimisiún agus chun dul chun cinn a dhéanamh ar thionscadail um athchóiriú an dlí ar leibhéal an Choimisiúin. Soláthraíonn Taighdeoirí Dlí Sinsearacha treoir agus meantóireacht do thaighdeoirí dlí agus d’intéirnigh agus rannchuidíonn siad le cleachtais bainistíochta eolais, le hoiliúint, le scileanna a athrú chun dáta, agus le comhroinnt faisnéise.

 

Tionscadail um Thaighde ar Athchóiriú an Dlí

Ag obair dó/di faoi mhaoirseacht an Stiúrthóra Taighde agus na Leas-Stiúrthóirí Taighde, déanann an Taighdeoir Dlí Sinsearach taighde dlí agus anailís dlí, agus Páipéir Chomhairliúcháin agus/nó Tuarascálacha á ndréachtú aige/aici lena bhfoilsiú.

Áirítear leis na tionscadail reatha:

  • Cistiú Dlíthíochta Tríú Páirtí a Rialáil
  • Comhlachtaí Tugtha Breithiúnas nach Cúirteanna iad agus Achomhairc chun na gCúirteanna a Athchóiriú
  • Dliteanas Comhlachas Neamhchorpraithe

Áirítear leis na tionscadail atá le teacht:

  • Aithint Colscarthaí Coigríche
  • Seilbh Chodarsna

 

Is é atá i gceist le hobair an Choimisiúin agus a thaighdeoirí dlí ná comhairliúchán fairsing le daoine agus comhlachtaí ábhartha, lena n-áirítear daoine den phobal, comhaltaí den Oireachtas, ranna Rialtais, an lucht dlí agus gairmithe ábhartha eile, an lucht tionscail, comhlachtaí stáit agus eagraíochtaí neamhrialtasacha. Cuid bhunriachtanach den phróiseas taighde is ea taighde comparáideach ar dhlíthe dlínsí eile.

Coimeádann an Coimisiún acmhainní fairsinge leabharlainne chun na críche sin, lena n-áirítear acmhainní ar líne. Táthar ag súil leis go mbeidh taighdeoirí sinsearacha dlí inniúil agus eolach ar acmhainní taighde dlí ar líne.

Freastalaíonn taighdeoirí ar chruinnithe de chuid an Choimisiúin chun plé a dhéanamh ar a gcuid oibre, lena n-áirítear dréachtpháipéir thaighde, agus chun treoir a fháil i ndáil le tuilleadh taighde atá le déanamh.

 

Rochtain ar Reachtaíocht

Ag obair dó/di faoi mhaoirseacht an Bhainisteora um Rochtain ar Reachtaíocht agus na Leas-Bhainisteoirí um Rochtain ar Reachtaíocht, is féidir go rannchuideoidh an Taighdeoir Dlí Sinsearach freisin le hobair thábhachtach an Choimisiúin ar Rochtain ar Reachtaíocht, rud a tháirgeann an tEolaire Reachtaíochta, Achtanna Athbhreithnithe agus an Liosta Aicmithe den Reachtaíocht atá i bhFeidhm.  Maidir leis an Eolaire Reachtaíochta, is é atá i gceist leis sin ná reachtaíocht a léamh go mion agus trácht ar éifeachtaí agus ar ghnéithe eile amhail faisnéis tosach feidhme. Is é atá i gceist leis an obair ar Achtanna Athbhreithnithe ná anailís a dhéanamh ar leasuithe agus ar éifeachtaí reachtacha eile agus iad sin a chur ar áireamh trí chóras ceapadóireachta XML a úsáid.  Is é atá i gceist leis an obair ar an Liosta Aicmithe ná úsáid a bhaint as córas TF atá comhtháite leis an Eolaire Reachtaíochta chun an Liosta a athrú chun dáta agus a choimeád.

 

Main Duties

Príomhfhreagrachtaí

 

  • Taighde dlí agus scríbhneoireacht dlí, lena n-áirítear dréachtú reachtaíochta chun éifeacht a thabhairt do na hathchóirithe molta ón gCoimisiún;
  • Tacú le cuspóir an Choimisiúin i réimse athchóiriú an dlí a bhfuil sé i gceist leis corp oibre atá saineolaíoch agus a ndearnadh taighde críochnúil air a tháirgeadh, agus é comhdhéanta de thograí le haghaidh athchóiriú an dlí, ar tograí iad a rannchuidíonn le forbairt a dhéanamh ar dhlíthe atá freagrúil do na riachtanais atá ag an tsochaí in Éirinn i láthair na huaire agus do na riachtanais a mheastar a bheidh ag an tsochaí in Éirinn amach anseo;
  • Dul chun cinn a dhéanamh ar thionscadail um athchóiriú an dlí, agus sármhaitheas, neamhspleáchas agus oibiachtúlacht á gcinntiú i dtaighde an Choimisiúin, agus ardchaighdeáin cháilíochta taighde agus anailíse dlí á soláthar sna foilseacháin ón gCoimisiún i réimse athchóiriú an dlí;
  • Dréachtmheabhráin, Páipéir Chomhairliúcháin agus Tuarascálacha a ullmhú;
  • Caidreamh a dhéanamh le geallsealbhóirí agus dul i gcomhairle leo, agus díriú ar an úsáideoir deiridh á chinntiú in obair an Choimisiúin i réimse athchóiriú an dlí;
  • An tEolaire Reachtaíochta, an Liosta Aicmithe agus Achtanna Athbhreithnithe a choimeád agus a athrú chun dáta;
  • Cearta an duine agus comhionannas a chur chun cinn in obair an Choimisiúin i réimse athchóiriú an dlí;
  • Nuálaíocht a chur chun cinn in obair an Choimisiúin i réimse athchóiriú an dlí;
  • Obair go comhoibríoch agus go héifeachtach le daoine eile chun cuspóirí an Choimisiúin a chomhlíonadh: an dlí a choinneáil faoi athbhreithniú neamhspleách, oibiachtúil agus saineolach, moltaí a dhéanamh le haghaidh athchóiriú an dlí, agus an dlí reatha a dhéanamh inrochtana do gach duine;
  • Tacú leis an gCoiste Bainistíochta agus leis an gCoimisiún;
  • Meantóireacht a dhéanamh ar chomhghleacaithe nach bhfuil an oiread sin taithí acu, tacaíocht a thabhairt dóibh agus iad a threorú;
  • Tabhairt faoi aon dualgais eile a d’fhéadfadh an Stiúrthóir Taighde, na Leas-Stiúrthóirí Taighde agus na Bainisteoirí um Rochtain ar Reachtaíocht a shannadh ó am go chéile.

Ba cheart d’iarratasóirí a thabhairt faoi deara go bhfuil an méid thuas ina threoir ghinearálta ar an ról sna réimsí sin agus nach bhfuil sé ina thuairisc uileghabhálach ar na dualgais a bhaineann leis an ról nó leis na cúraimí a shannfar do ról an Taighdeora Dlí Shinsearaigh sa Choimisiún um Athchóiriú an Dlí. Ba cheart d’iarratasóirí a thabhairt faoi deara freisin gur féidir go sannfar dualgais bhreise ó am go chéile.

Selection Process

Cáilíochtaí agus Taithí

Ceanglais Bhunriachtanacha

 

Ní mór d’iarrthóirí na nithe seo a leanas a bheith acu an 1 Iúil 2026 nó roimh an dáta sin:

  • Céim onóracha 2:1 sa dlí ina bhfuil dlí na hÉireann mar mhór-chomhpháirt (ní mór an chéim sin a bheith ag Leibhéal 8 ar a laghad ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí) nó cáilíocht aitheanta ghairmiúil ábhartha sa dlí ar a laghad;
  • Taithí inléirithe ar thaighde domhain dlí agus anailís dhomhain dlí a dhéanamh, ar taithí í a gnóthaíodh trí staidéar ábhartha fochéime nó iarchéime a dhéanamh nó trí thaighde domhain dlí agus anailís dhomhain dlí a dhéanamh i gcomhthéacs praiticiúil gairmiúil.
  • Sáreolas ar dhlí na hÉireann agus ar chóras dlí na hÉireann, mar aon le tuiscint dhomhain ar thírdhreach dlí agus reachtaíochta na hÉireann;
  • Taithí oibre 18 mí ar a laghad ar thaighde dlí;
  • Eolas feidhmeach ar mhodheolaíochtaí taighde dlí agus eolaíochta sóisialta.

 

 

Ceanglais Inmhianaithe

 

  • Céim mháistreachta sa dlí agus/nó cáilíocht ghairmiúil dlí i ndlí na hÉireann nó eolas coibhéiseach a gnóthaíodh i suíomh gairmiúil, nó cáilíocht, atá inghlactha ag an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí mar cháilíocht choibhéiseach, inar tógadh dlí na hÉireann mar mhór-chomhpháirt;
  • Eolas agus taithí ar dhéileáil le nithe casta dlí, bíodh sé i suíomh acadúil, i suíomh taighde ghairmiúil nó i suíomh cleachtais;
  • Sárscileanna scríbhneoireachta dlí, taighde dlí agus anailíseacha agus sár-mhionchruinneas;
  • Dea-scileanna eagarthóireachta agus an cumas chun taighde agus faisnéis a scríobh agus a chur i láthair ar bhealach achomair inrochtana agus i mBéarla soiléir;
  • Scileanna teicneolaíochta faisnéise, go háirithe maidir le Microsoft Office, bunachair sonraí taighde dlí agus acmhainní dlí ar líne a úsáid;
  • An cumas chun ualaí oibre a chur in ord tosaíochta agus a bhainistiú, chun déileáil le héilimh ama a thagann salach ar a chéile;
  • Sárscileanna idirphearsanta, cumarsáide agus oibre buíne;
  • Taithí intaispeánta ar rannchuidiú le tionscadail shubstaintiúla taighde.

Beifear ag súil leis freisin go mbeidh iarrthóirí in ann a thaispeáint go bhfuil acu na hinniúlachtaí le haghaidh ról ar Leibhéal an Ardoifigigh Feidhmiúcháin. Féach Aguisín 1.

 

Painéal

Bunófar painéal ónar féidir folúntais amach anseo a líonadh. Más maith leat tuilleadh faisnéise a fháil faoi na folúntais sin, tabhair cuairt ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin ag www.lawreform.ie nó déan teagmháil leis an Aonad Acmhainní Daonna ar 01-6377609.

 

Incháilitheacht chun Páirt a Ghlacadh sa Chomórtas agus Srianta Áirithe ar Incháilitheacht

 

Ceanglas Saoránachta –

Ní mór d’iarrthóirí incháilithe:

  1. A bheith ina saoránach de chuid an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE). Is é atá in LEE Ballstáit an Aontais Eorpaigh mar aon leis an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua; nó
  2. A bheith ina saoránach de chuid na Ríochta Aontaithe; nó
  3. A bheith ina saoránach de chuid na hEilvéise de bhun an chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Eilvéis maidir leis an tsaorghluaiseacht daoine; nó
  4. A bheith ina saoránach de chuid tír nach tír LEE í agus a bhfuil cead Stampa 4 [1] nó cead Stampa 5 acu.

Chun cáiliú, ní mór d’iarrthóirí ceann ar bith de na critéir shaoránachta thuas a chomhlíonadh faoi dháta aon tairisceana poist.

 

Gheobhaidh tú an Leabhrán Faisnéise Iomlán don phost seo anseo.

Gheobhaidh tú an Fhoirm Iarratais don phost seo anseo.